Ní mó ná sásta atá iarAire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív go bhfuil airgead, atá curtha ar leataobh don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, á thabhairt do RTÉ chun cabhrú leis an gcraoltóir plean Gaeilge a chur i bhfeidhm.
Tá €210,000 le tabhairt do RTÉ as seo go ceann trí bliana as ciste na Straitéise 20 Bliain le cabhrú leo tograí digiteacha, ina measc tograí atá ar bun acu le lucht oideachais, a chur i gcrích mar chuid de phlean Gaeilge an stáisiúin a seoladh dhá bhliain ó shin.
“Cén fáth a bhfuil an Roinn ag tabhairt airgid do RTÉ, a bhfuil dualgas reachtúil air i leith na Gaeilge, agus €150 milliún d’airgead an cháiníocóra aige, le plean Gaeilge a chur chun cinn?” a d’fhiafraigh Ó Cuív den Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne sa Dáil an tseachtain seo caite.
Dúirt an tAire Kyne go bhféadfaí breis airgid a fháil ón Roinn. Rinneadh ardú €250,000 ar an maoiniú don Straitéis 20 Bliain in 2017 agus beidh €70,000 den airgead sin á fháil ag RTÉ an bhliain seo chugainn.
Cáineadh an Rialtas go géar as na ciorruithe a rinneadh ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2017 a fógraíodh níos túisce an mhí seo.
Seán Mac
Ba mhaith liom alt a léamh faoi bhur dtuairim ar an bpolasaí Gaeilge do RTE.
An bhfuil siad ag deanamh na rudaí sa Meáin Ghaeilge RTÉ, Action Plan 2015-2019 leis an t-airgead don Rialtais nó an bhfuil siad ag tógaint an airgead ach ag déánamh neamhaird don freagracht?