Mise Subhó agus Maccó

Léirmheas le hÁine Ní Éalaí

 

Macco ar a ghlúna

Osclaíonn dráma Biddy Jenkinson, Mise Subhó agus Maccó le tuairisceoir nuachta raidió (Sinéad Ní Uallacháin) ag fógairt bhás daoine gan dídean san ardchathair — scéal atá go mór ar bhéal phobal na tíre seo le seachtain anuas.

Cúig lá tar éis do John Corrie bás a fháil ar Shráid gheimhriúil Theach Laighean, thug Aisteoirí An Lab, ón Daingean, scéal triúir gan dídean ina bheatha ar stáitse na Taibhdheirce.

Is dona le rá go bhfuil an dráma aonghnímh seo chomh práinneach inniu agus a bhí nuair a léiríodh den chéad uair é ceithre bliana déag ó shin.

Is beirt gan dídean iad Mise (Áine Ní Mhuircheartaigh) agus Subhó (Muiris Ó Fiannachta). Ar feadh uair a’ chloig ghearr, tugann a ngeáitsíocht agus a gcuimhní cinn an lucht féachana leo ar aistear go himill na sochaí agus mánna na miotaseolaíochta.

Mise

Tá an mhiotaseolaíocht ag feidhmiú ar go leor leibhéal sa dráma seo.

Tá Mise tugtha do línte as an dán ‘Mise Éire’ a aithris agus is nós le Subhó a mhaíomh gur de phór eala é féin — macallaí téagartha miotaseolaíochta.

Ní rud éasca é na tagairtí seo a shuíomh go nádúrtha sa domhan comhaimseartha. Ach is léiriú cliste é ar staid imeallach na beirte, iad a shamlú le diminsean eile agus ag an am céanna, is bealach éalaithe an diminsean céanna sibh dóibh ó réadúlacht dhuairc a saoil féin.

Nuair a shleamhnaíonn Maccó (Malachaí Mac Amhlaoibh), lead óg gan dídean, isteach i bpaiste Mhise agus Subhó lena mhála ar a dhroim, ní mó ná sásta atá siad ar dtús lena theacht gan iarraidh.

Tugann Mac Amhlaoibh reachtanna feirge Mhaccó leis go maith, ach go sciobtha — agus gan choinne leis ón script — ciúnaíonn Maccó agus tógann an bheirt seanfhondúirí faoina gcoimirce é.

Tá siad triúr anois in aghaidh an tsaoil mhóir agus iad ag roinnt a scéil, a ngrinn agus a n-aráin lena chéile. Cé gur beag de mhaoin an tsaoil atá eatarthu, tá Subhó thar a bheith coinsiasach go roinnfí a gcuid go cothrom. Fiú na ceithre chrann a bhíonn mar fhascadh ag an triúr, cinntíonn sé go bhfaigheann siad a gcothú féin!

Ionchollaíonn Muiris Ó Fiannachta an carachtar grámhar seo go haoibhinn agus bíonn an lucht féachanna láithreach ar a suaimhneas leis. Tá Áine Ní Mhuircheartaigh cumasach ar fad, í ar nós an spideóigín bhig a bhfuil cion mór ag a carachtar air; shílfeá gur ó bharr crainn a thagann a gáire éadrom.

Tugann stiúradh Áine Moynihan ar an lucht féachana a n-aird a choinneáil ar imeachtaí an triúir.

Tá an stáitse lom, gan air ach na ceithre chrann, fuinneog oifig dhream na ‘pinstripes’, agus ráille a dheighleann Mise, Subhó agus Maccó ón ‘saol mór.’ Is beag torann ón taobh amuigh a bhíonn le cloisteáil ina ndomhan scoite.

Baintear macalla as móitíf i dTóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne sa radharc is deise den dráma.

Iarann an bheirt seanóirí ar Mhaccó luí eatarthu ina leaba gharbh. Cé go ndeir siad gur chun peaca a sheachaint é seo, ón aithne atá curtha ag an lucht féachana ar Mhise agus Shubhó, is dóichí gur leis an mac óg a choinneáil cluthair ó fhuacht na hoíche a chuireann siad ina luí eatarthu é .

Is iomaí tuairisc nuachta feicthe agus cloiste agam le déanaí faoi staid na ndaoine gan dídean in Éirinn inniu. Níor bhain aon cheann díobh freagairt chomh mothálach asam agus a rinne Mise, Subhó agus Maccó.

Fág freagra ar 'Mise Subhó agus Maccó'