Miriam O’ Callaghan ag moladh an Ghaeilge a úsáid mar chuid d’fheachtas nua

Tá an feachtas is déanaí de chuid ‘BÚA - Bainim Úsáid As’ seolta ag an gcraoltóir aitheanta Miriam O’Callaghan

Miriam O’ Callaghan ag moladh an Ghaeilge a úsáid mar chuid d’fheachtas nua

Pictiúr: Conor McCabe Photography

Tá an feachtas is déanaí de chuid ‘BÚA – Bainim Úsáid As’ seolta ag an gcraoltóir aitheanta Miriam O’Callaghan an feachtas is déanaí de chuid ‘BÚA – Bainim Úsáid As’, atá a reáchtáil ag Conradh na Gaeilge.

Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge ‘dúshlán’ nua a fhógairt mar chuid de BÚA gach lá i rith mhí Dheireadh Fómhair agus cuirfear tús leis an bhfeachtas míosa inniu nuair a iarrfar ar an bpobal éisteacht le tráchtaireacht Ghaeilge RTÉ ar athimirt Chluiche Ceannais na hÉireann.

Is í an aidhm atá ag an bhfeachtas BÚÁ, a dhéanann moltaí ag tús na míosa gach mí, daoine a spreagadh le níos mó Gaeilge a úsáid ar bhonn laethúil.

Thug Miriam O’Callaghan féin le fios in agallamh a rinne sí níos luaithe i mbliana go mba mhaith léi tuilleadh deiseanna a fháil a cuid Gaeilge féin a chleachtadh agus go mba dheas léi “seó iomlán” a chur i láthair sa teanga. Dúirt O’Callaghan go bhfuil “grá” aici don teanga a bhuíochas lena tuismitheoirí a labhair “go rialta” sa bhaile í agus a raibh “an-mheas” acu uirthi.

Pictiúr: Conor McCabe Photography
Pictiúr: Conor McCabe Photography

Dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Feidhmeannach Feachtais Feasachta Chonradh na Gaeilge go bhfuil “an-áthas” ar an gConradh go raibh Miriam i láthair ag an seoladh oifigiúil.

“ Bíonn Miriam í féin ag lorg níos mó deiseanna a cuid Gaeilge a úsáid agus is iontach an rud é go bhfuil níos mó Gaeilge in úsáid aici de bharr an fheachtais spreagúil seo,” a dúirt sí.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, a bheith ag glacadh páirte sna dúshláin éagsúla i gcaitheamh na míosa go bhfuil sé “an-sásta” le dúshlán an chéad lae ó tharla gur “Áth Cliathach a bhfuil spéis faoi leith aige sa pheil”.

“Tá suim mhór agam sa CLG agus is cúis bhróid dom gur féidir liom éisteacht le tráchtaireacht an chluiche ceannais i nGaeilge. Is bealach an-spraoiúil a bheas ann tús a chur le téamaí na míosa tríd éisteacht le ceann de na cluiche is mó sa bhliain trí Ghaeilge,” a dúirt sé.

Beidh an Conradh ag iarraidh ar an bpobal scéalta a phostáil faoina rannpháirtíocht san fheachtas ar na meáin shóisialta agus a chuid smaointe agus taithí féin a roinnt. Tá leathanach Facebook curtha ar bun go speisialta don fheachtas seo agus beifear in ann an haischlib #BUAGaeilge a úsáid ar mheáin eile shóisialta.

Fág freagra ar 'Miriam O’ Callaghan ag moladh an Ghaeilge a úsáid mar chuid d’fheachtas nua'