Tá Síle agus Micheál ag siúl amach le chéile. Ar chúis éigin tá Síle crosta le Micheál.
1) Tá an comhrá a bhí eatarthu scríofa thíos ach tá caint le duine acu fágtha folamh. Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht caint le Micheál a chumadh. Nuair atá sé déanta agaibh déan an comhrá a aithris os ard.
Síle: Tá’s agam céard a rinne tú?
Micheál:
Síle: Tá a fhios agat go maith céard faoi atá mé ag caint.
Micheál:
Síle: Chonaic Máire sibh.
Micheál:
Síle: Ní fhaca an ea? Bhuel chonaic sí an bheirt agaibh sa bhaile mór ag an deireadh seachtaine.
Micheál:
Síle: Ná bí ag insint bréag.
Micheál:
Síle: Bhuel chonaic Máire tú féin agus Beití ag teacht amach as an bpictiúrlann. Chomh maith leis sin chonaic sí sibh ag pógadh a chéile.
Micheál:
Síle: Ní raibh tú mar bhí mise le hEoin sa chaife.
Micheál:
Síle: Nach cuma.
2) Tá comhrá samplach thíos. An féidir leat na bearnaí a líonadh. Nuair atá sé déanta déan é a aithris os ard leis an duine in aice leat.
3) Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht bhur gcomhrá féin a scríobh. Bain úsáid as cuid de na focail sa chomhrá samplach. Déan nathanna eile a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
1) Nuair atá sé déanta déan é a aithris os ard.
2) Déan é aithris do bheirt eile agus éist leis an gcomhrá bhí acu siúd.
Fág freagra ar 'Mír Mearaí 6 – Máire agus Seán (Cartlann 2016)'