Mír Mearaí 5 – Rólghlacadh! (Cartlann 2016)

Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

Fighting-Couple

1) Samhlaigh an bheirt atá sa phictiúr seo. Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos. Úsáid do shamhlaíocht!

  1. Céard faoi atá siad ag troid?
  2. Cén chuma ata orthu?
  3. Céard faoi atá an fear/an bhean ag smaoineamh?
  4. Céard a tharla roimhe seo?
  5. Céard a tharla ina dhiaidh seo?

2) Déan an méid a scríobh tú a roinnt leis an duine in aice leat.

3) Anois, scríobh an comhrá atá eatarthu. 

Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

Cuir mothúcháin in iúl (fearg, díomá), cuir easaontas in iúl, tabhair cur síos ar rudaí a tharla roimhe seo, tabhair maslaí, tabhair rabhadh.

4) Bog ar aghaidh go dtí duine eile agus déan do chomhrá, agus a c(h)omhrá siúd, a aithris.

Fág freagra ar 'Mír Mearaí 5 – Rólghlacadh! (Cartlann 2016)'