‘Miotas’ é scéal ‘oíche an bharántais’ agus níor cuireadh aon tástáil riamh ar theoiric ‘na tuirlingthe boige’

De réir na tuarascála atá foilsithe inniu ag Fiosrúchán Baincéireachta an Oireachtais bhí dhá ghéarchéim i gceist leis an tubaiste a bhain de gheilleagar na hÉireann: géarchéim bhaincéireachta agus géarchéim fhioscach

 

Screen-Shot-2015-07-08-at-11.06.33

Miotas atá i scéal ‘oíche an bharántais’ agus níor cuireadh aon tástáil riamh ar an áiteamh gur maolú inghlactha nó ‘tuirlingt bhog’ a bhí i ndán don gheilleagar, de réir na tuarascála atá foilsithe inniu ag Fiosrúchán Baincéireachta an Oireachtais.

De réir na tuarascála bhí dhá ghéarchéim i gceist leis an tubaiste a bhain de gheilleagar na hÉireann: géarchéim bhaincéireachta agus géarchéim fhioscach.

Deirtear sa tuarascáil gur tháinig ann don dá ghéarchéim sin mar gheall gur theip ar an gcóras baincéireachta, ar an gcóras rialála agus ar an gcóras rialtais. Bhí baint mhór, a deirtear sa tuarascáil, ag údaráis na hEorpa leis an scéal.

Deirtear sa tuarascáil ón gComhchoiste Fiosrúcháin i dtaobh na Géarchéime Baincéireachta nár ceapadh ‘barántas na mbanc’ in imeacht aon oíche amháin i mí Mheán Fómhair na bliana 2008. Is í fírinne an scéil, a deirtear, go raibh barántas i measc na roghanna éagsúla ar deineadh scagadh orthu chomh luath le mí Eanáir 2008.

Níor deineadh aon scagadh neamhspleách ceart áfach ar chás na mbanc roimh Mheán Fómhair 2008 agus dá bharr sin cinneadh an barántas a thabhairt gan aon eolas cruinn a bheith ann faoi staid na mbanc.

Maítear gur ar an rialtas, an Banc Ceannais agus an Roinn Airgeadais a bhí an locht gur glacadh gan cheist leis an áiteamh gur ‘tuirlingt bhog’ a bhí i ndán don gheilleagar.

Deirtear go raibh sé i ndán d’Éirinn faoi Dheireadh Fómhair 2010 go mbeadh clár tarrthála ag teastáil uaithi ach nach faoin rialtas a bhí sé sa deireadh cinneadh a dhéanamh cathain a ghlacfaí leis an gclár tarrthála sin toisc gur chuir an ECB brú míchuí orthu géilleadh don socrú. D’éiligh an ECB chomh maith nach mbeadh ar shealbhóirí bannaí aon chuid de chostas an chláir tarrthála a iompar.

De réir na tuarascála gurb í ba chúis leis an ngéarchéim bhaincéireachta ná an cinneadh a thóg lucht bainistíochta, boird agus comhairleoirí na mbanc féin dul i mbun straitéisí gnó contúirteacha ar mhaithe lena sciar den mhargadh agus a mbrabús a chosaint.

Deir an coiste fiosrúcháin go raibh an chumhacht ag an Rialtóir Airgeadais agus ag an mBanc Ceannais idirghabháil a dhéanamh sa chás seo ach nár dheineadar amhlaidh cé go raibh a fhios acu chomh fada siar le 2003 go raibh an córas baincéireachta ag brath rómhór ar mhargadh na tithíochta. Cuireann an tuarascáil cuid den locht chomh maith ar na rialtais a bhí i gcumhacht ó 2001 toisc nár cheapadar polasaithe cánacha a mhaolódh ar an gcontúirt a bhain leis an ró-spleáchas ar mhargadh na tithíochta. In áit réiteach a fháil ar an bhfadhb sin, shéid rialtais agus airí éagsúla faoin margadh boilscithe réadmhaoine.

Moltar sa tuarascáil roinnt athruithe a dhéanamh ar an gcóras baincéireachta, ar an gcóras rialála agus ar an gcóras polaitíochta.

Deirtear go mba chóir go mbeadh na scileanna airgeadais cuí ag baill de bhoird na mbanc, an Banc Ceannais san áireamh, agus gur chóir go mbeadh níos mó cumhachta ag iniúchóirí seachtracha tuairisciú go díreach don údarás rialála. Moltar go dtabharfaí isteach clár praghsanna réadmhaoine cuimsitheach. Moltar go leagfaí síos córas cinnte a thiocfadh i bhfeidhm sa chás go mbeadh easaontas idir an Roinn Airgeadais agus Aire Airgeadais.

Moltar freisin go mbunófaí oifig neamhspleách a dhéanfadh costáil ar pholasaithe agus geallúintí réamhthoghcháin na bpáirtithe polaitíochta.

Fág freagra ar '‘Miotas’ é scéal ‘oíche an bharántais’ agus níor cuireadh aon tástáil riamh ar theoiric ‘na tuirlingthe boige’'