Míorúilt na scéalaíochta (agus beagáinín sciála!) – @Marion508 ag #MojoCon

D’fhreastail ár gcomhfhreagraí ar chomhdháil dhá lá MojoCon RTÉ mar a raibh léargas ar fáil ar iontais nua na teicneolaíochta agus na hiriseoireachta

FullSizeRender 2

650 toscaire as áiteacha ar fud na cruinne a bhailigh le chéile i staid an Aviva i mBaile Átha Cliath do chomhdháil dhá lá MojoCon RTÉ ar an deireadh seachtaine. Deis a bhí ann éisteacht agus foghlaim ó na ceannródaithe agus saineolaithe idirnáisiúnta faoi bhealaí éagsúla le leas a bhaint as trealamh soghluaiste ar nós fón cliste agus táibléad le scéal a inseacht. Labhair os cionn 60 cainteoir agus iad fial, flaithiúil ag roinnt a gcuid saineolais agus ag foghlaim óna chéile agus ó thoscairí eile freisin. Teistiméireacht ar an tsuim atá san ábhar seo agus chomh maith is a d’éirigh leis an gcéad chomhdháil anuraidh gur fhreastail os cionn a dhá oiread daoine ar MojoCon na bliana seo.

Ní iriseoirí amháin atá ag plé leis an gceird seo le heolas a chraobhscaoileadh. Feileann sé freisin do lucht gnó, eagraíochtaí carthanachta agus fóirithinte, lucht margaíochta agus caidreamh poiblí, chomh maith le lucht oideachais, lena dteachtaireacht a roinnt. Ach is é an scéal is iontaí uilig go bhfuil gach duine in ann tabhairt faoi cheird na scéalaíochta mar go bhfuil fón cliste ar iompar ag mórán chuile dhuine beo ar na saolta seo. Mar a mhínigh Geoffrey Roth (@GeoffFox260), bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach Mojo Navigator as Texas a bhunaigh an chéad seomra nuachta digiteach i Meiriceá, níl ag teastáil ach d’fhón cliste, na cluasáin a théann leis agus cúpla aip chun scéal a thaifeadadh, eagarthóireacht a dhéanamh air agus é a roinnt ar na meáin shóisialta. Ar ndóigh tá chuile chineál trealamh breise le fáil le jab níos stuama a dhéanamh, ach is féidir an t-eolas a bhailiú chomh maith céanna le trealamh bunúsach dá dtiocfadh ort.

Ceann de na téamaí coitianta a tháinig chun cinn le linn na comhdhála an drogall atá ar lucht nuachta traidisiúnta an bealach bailithe scéalta seo a scaoileadh isteach. Ach deir na saineolaithe linn go mbeidh glacadh ag na craoltóirí móra leis de réir a chéile mar gheall gur féidir é a dhéanamh go saor, ar ardchaighdeán agus go héifeachtach. Agus i ndeireadh na dála, ní féidir le daoine an difríocht a dhéanamh amach idir ábhar a taifeadadh ar fhón cliste agus ar cheamaraí daora. Cé a inseoidh dóibh é?

IMG_4187

Buntáiste mór a bhaineann le fón cliste a úsáid nach dtugann daoine mórán airde air agus nach gcuireann sé isteach ar an té atá faoi agallamh ar nós mar a dhéanfadh ceamara mór místuama agus beirt nó triúr criú os a gcomhair. Tá cleachtadh ag daoine an fón cliste a bheith á úsáid timpeall orthu go rialta. Tá sé éasca an fón féin agus an trealamh a théann leis a iompar.

Baineadh an-leas as iriseoireacht ar fhóin chliste ar an suíomh aitheanta nuachta Spiegel Online sa nGearmáin le linn ghéarchéim na dteifeach. Chuir tuairisceoir físe dá gcuid Sandra Sperber (@SperberS) tús le togra inar tugadh fón cliste do 15 tuairisceoir físe agus dúradh leo dul amach chuig áiteacha éagsúla ar fud na tíre chun réimsí éagsúla den scéal céanna a chlúdach, mar shampla an cás ar an teorainn, ranganna Gearmáinise, campaí teifeach, lucht agóidíochta agus srl. Bhí sí an-tógtha leis an gcaoi ar éirigh leo an t-ábhar – 15 físeán –  a sheoladh ar ais chuig an lárionad chomh sciobtha sin. Bhí Glen Mulcahy (@GlenMulcahy), ceannasaí nuálaíochta RTÉ agus bunaitheoir MojoCon é féin an-tógtha go deo leis an gcineál smaointeoireachta seo agus is é a thug air féin agus comhghleacaithe dá chuid i nDomhnach Broc cuntas Twitter a shocrú do thoghcheantair éagsúla na tíre leis an olltoghchán a chlúdach. Cuireadh iriseoirí éagsúla i gceannas ar chuile chuntas le hábhar a chur ar fáil don phobal agus don lárchóras teicneolaíochta in RTÉ sa gcaoi is go mbeadh pictiúr ar fáil láithreach as chuile ionad comhairimh de réir mar a bheadh na torthaí agus scéalta ag teacht chun cinn.

Ceann de na hathruithe móra atá tagtha ar chúrsaí teicneolaíochta ó bhí an chéad MojoCon ann anuraidh go bhfuiltear in ann 4K a thaifeadadh ar fhóin Android agus iOS anois chomh maith le heagarthóireacht a dhéanamh air. Bhí ceisteanna go leor á gcur le linn na comhdhála faoi an bhféadfadh sé go mbeadh beoshruthú ar an gcéad fhorbairt teicneolaíochta eile a bheadh go mór i gceist sa saol, nó an iad na córais físeáin 360º nó an réaltacht fhíorúil (VR) a dhéanfaidh an beart? Cé nach luaitear Facebook go láidir le cúrsaí nuachta, mar a dhéanfaí le Twitter, tá sé go hiontach ar fad le nasc a dhéanamh leis an bpobal de bharr a bhfuil de dhaoine a bhfuil cuntais acu. Ar an gcúis sin atá beoshruthú á úsáid níos minice ó cuireadh Facebook Live ar fáil. Tá físeáin 360º an-fheiliúnach uilig d’imeachtaí taobh amuigh ar nós agóidí, léirsithe agus imeachtaí spóirt. Tá Periscope a tháinig ar an bhfód bliain ó shin ag cur seans ar fáil do dhaoine dlúth-theagmháil níos fearr a bheith acu lena lucht féachana ná mar a bheadh ag criúnna traidisiúnta scannánaíochta. Fiú is go samhlaítear Snapchat go minic le spraoi agus le hábhar nach bhfuil chomh trom sin, rinne duine de na toscairí pacáistí breátha leis an aip sin ag tuairisceoireacht ón gcomhdháil. Aip é seo a bhféadfaí leas a bhaint as le cumarsáid a dhéanamh le daoine idir 18-24 bliain mar gheall ar an méid ama a chaitheann siad á úsáid. 

IMG_4164

Is féidir rud ar bith a chruthú sa réaltacht fhíorúil, bíodh sé fíor nó bréagach. Tugadh blaiseadh den teicneolaíocht seo dúinn ag ceann de na seastáin ag an gcomhdháil agus deis ag duine na spéacláirí cosanta. ar nós mar bheadh ar thumadóirí ach iad dúnta isteach, a chur air. Bhí an craoltóir agus an nádúraí David Attenborough le feiceáil agam os mo chomhair amach agus é ag míniú faoin dineasár mór millteach a bhí ag siúl amach le mo thaobh. Bhí an dara físeán a bhí le feiceáil sna spéacláirí físe seo níos dáiríre fós mar gur shíl mé cinnte go raibh mé ag sciáil ar an bpiste i dtír i bhfad ó bhaile a bhí brataithe le sneachta. Bhí mé chomh siúráilte go raibh mé á dhéanamh is go raibh greim an fhir bháite agam ar an gcathaoir a raibh mé i mo shuí inti ar fhaitíos go dtitfinn. D’airigh mé beagán tinn freisin ina dhiaidh de bharr a raibh den anonn agus anall agam ar an bpiste, gan trácht ar a bheith ag teacht anuas le fána de rite reaite agus mé ag sciáil, mar ó dhia! Thart ar €100 a bheidh ar na spéacláirí físe (Gear VR) seo atá le teacht ar an margadh lá ar bith feasta. Iarracht atá sa gcineál seo teicneolaíochta le dul i gcion tuilleadh ar an duine agus a chuid mothúchán le súil is go gcreidfidh an té sin sa scéal a bhfuil sé sáite ann.

Tá leas á bhaint cheana féin ag lucht nuachta freisin as réaltacht fhíorúil, ina measc Sky News, Euronews agus an New York Times. Tá aip VR curtha ar fáil acu sa gcaoi agus gur féidir leis an té atá ag caitheamh na spéacláirí físe a bheith i lár an aonaigh sa scéal atá á chur i láthair acu. Tá comhlachtaí ar nós RYOT, Sky News, Coca Cola agus McDonalds ag cur trealamh ar fáil le gur féidir breathnú ar fhíseáin 360º. De bharr nach bhfuil an cineál seo teicneolaíochta i bhfad ar an saol, táthar fós ag iarraidh na ceisteanna eitice a ghabhfaidh leis a oibriú amach de réir a chéile. Tá sé ina imní faoi phríobháideachas an phobail agus faoi fholáireamh a thabhairt do dhaoine go bhfuil a leithéid á thaifeadadh san áit a bhfuil siad.

Tá 400 oibrí ag an eagraíocht GOAL sa tSiria agus tuilleadh oibrithe dá gcuid san India, agus tá oiliúint curtha ar chuid mhaith acu i bhfíseáin 360º agus réaltacht fhíorúil le go mbeidh cuntas acu ar a bhfuil ag tarlú sna tíortha sin. Táthar in ann ansin an scéal a chur ar a shúile don té atá sa mbaile ar bhealach atá an-ghar den chnámh de bharr feabhas na teicneolaíochta seo.

FullSizeRender

Tá ag éirí thar cionn leis an suíomh idirlín nuachta The Edinburgh Reporter a bhaineann le ceantar Dhún Éideann amháin agus a bhunaigh Phyllis Stephen (@EdinReporter) cúig bliana ó shin. Baineann sí leas as a fón cliste formhór an ama le físeáin ghearra a chur ar fáil, tá líon suntasach leantóirí acu ar na meáin shóisialta agus léann thart ar 100,000 duine sa mhí é. Creideann ceannasaí nuálaíochta RTÉ, Glen Mulcahy, gurb iad na físeáin ghearra ó fhóin chliste atá fite fuaite leis na meáin shóisialta an bealach a mbeidh rath ar struchtúir nuachta réigiúnacha den sórt seo. Tá cás déanta aige taobh istigh de RTÉ go mba cheart dóibh ardán a chruthú do phobail ar fud na tíre seo le gréasán nuachta a chur ar fáil as a gceantar féin, agus nach é amháin sin, ach go mba cheart d’RTÉ oiliúint a chur ar an bpobal leis an taifeadadh a dhéanamh. Tuigeann RTÉ go bhfuil lucht féachana acu ar threalamh soghluaiste agus dá réir go bhfuil orthu seirbhís a chur ar fáil dóibh, rud a tosaíodh a dhéanamh le cúpla mí. Breathnaíonn go leor daoine óga ar fhíseáin ar fhóin chliste agus mar sin is bealach atá san iriseoireacht ar threalamh soghluaiste le dul i gcion orthu siúd.

Níor chuir mé aon suim i scannánaíocht as ladrann (drone cinematography) nó go bhfaca mé an cur i láthair a rinne Philip Bloom (@PhilipBloom) atá ag obair mar fhear ceamara anois le CNN, ach a chaith 17 bliain le Sky News roimhe sin. Thosaigh sé amach mar a dhéanann go leor agus ladrainn á n-eitilt aige mar chaitheamh aimsire. Is iomaí ceann a chaill sé agus a briseadh air sa gcéad aimsir, rud a chuir costas mór air. Ach ó thuig sé nach gcaithfí an scannánaíocht ar fad a dhéanamh anuas ón aer, fuair sé máistreacht ar a cheird tar éis tréimhsí fada cleachtaidh agus d’éirigh leis gradam a bhaint amach ag an gcéad Fhéile Scannán Ladrann a bhí ar bun i Nua-Eabhrac anuraidh le scannánaíocht a rinne sé ar oileán Koh Yao Noi sa Téalainn agus atá le feiceáil anseo thíos. Tá tuilleadh dá chuid scannánaíochta as ladrann le feiceáil sa tsraith The Wonder List atá á chraoladh ar CNN, ach dúirt sé nach féidir é sin a fheiceáil sa taobh seo den domhan fós.

D’eagraigh RTÉ agus Bord Bia teacht le chéile sa Clayton Hotel i nDroichead na Dothra mar chuid den chomhdháil ar ar tugadh ‘A Taste of Ireland’. Cuireadh scoth an bhia agus na dí as an tír seo ar fáil do na toscairí, cáis agus táirgí eile ó Sheridans i nGaillimh ina measc. Chuir Cormac de Barra agus a chomhcheoltóirí an tsiamsaíocht ar fáil.

Ní eagraítear MojoCon RTÉ ar mhaithe le brabach a dhéanamh. Leagtar amach an chomhdháil ar bhealach a íocfaidh aisti féin agus i measc na gcomhlachtaí a chuir urraíocht ar fáil i mbliana bhí Teradek, Sennheiser, Vodafone, Ericsson, HTC, Samsung agus IBM.

Tá an lucht eagraithe thar a bheith sásta leis an dá chomhdháil a d’eagraigh siad go dtí seo agus tá comhráite ar bun le comhdháil mar é a chur ar fáil i Meiriceá an bhliain seo chugainn.

Tá ábhair agus agallaimh ó MojoCon ar shuíomh YouTube na comhdhála agus beidh tuilleadh ábhar ó na seisiúin bheo ón deireadh seachtaine á gcur ar an suíomh de réir a chéile. Is féidir le haon duine ar mhaith leo a bheith páirteach nó foghlaim ón gcomhluadar breá daoine seo ar na meáin shóisialta éagsúla via:

#MojoCon

Twitter: @MojoConIRL @rte

Leathanach Facebook: mojoconirl

Suíomh idirlín: Mojocon.rte.ie

Grúpa ar Facebook: facebook.com/groups/mojocon

Stáisiún YouTube: Mojo Conf

Instagram, Vine & Linkedln

Is Clár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Marion Ní Shúilleabháin

Fág freagra ar 'Míorúilt na scéalaíochta (agus beagáinín sciála!) – @Marion508 ag #MojoCon'