Cá bhfios nach iad na scríbhneoirí amháin a bhainfeadh tairbhe as míorúilt na mochscríbhneoireachta?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: an tábhacht a bhaineann le peann a chur le páipéar gach lá

Cá bhfios nach iad na scríbhneoirí amháin a bhainfeadh tairbhe as míorúilt na mochscríbhneoireachta?

Luaigh mé an tseachtain seo caite go gcuirim peann le páipéar gach lá.

Le breis is deich mbliana anuas, suím síos ag an mbord nó ar an tolg an chéad rud ar maidin, cupán caife le mo thaobh agus cóipleabhar os mo chomhair, agus scríobhaim síos pé smaoineamh fánach a rithfeadh liom. Líonaim leathanach ar an gcaoi sin sula dtugaim aghaidh ar chúrsaí an lae.

Ní nós é sin a chum mé féin. Go deimhin, shamhlóinn gur nós í an scríbhneoireacht mhaidine a chleachtann go leor scríbhneoirí. I leabhar ó pheann dhuine de ghúrúnna na scríbhneoireachta cruthaithí, Julia Cameron, a tháinig mé féin ar an gcomhairle peann a chur le páipéar an chéad rud ar maidin. Fuair mé amach ó shin go raibh an chomhairle chéanna á cur ar scríbhneoirí ag gúrú scríbhneoireachta eile, Dorothea Brande, chomh fada siar leis an mbliain 1934 ina leabhar Becoming a Writer. Tá an saothar sin fós i gcló agus mholfainn do dhuine ar bith a mbeadh spéis aige sa scríobh é a cheannach.

Ar chaoi ar bith, is ar an dá chúis chéanna a mholann Brande agus Cameron an scríbhneoireacht mhaidine: an scríbhneoireacht a bhunú mar nós laethúil, agus breith ar an bhfo-chomhfhios nuair nach bhfuil an comhfhios ina dhúiseacht go hiomlán fós.

Diomaite den am den lá agus den rialtacht, dar liomsa nach mbaineann rialacha ar bith leis an mochscríbhneoireacht. Má bhíonn cuimhne agam ar bhrionglóid éigin, déanaim cur síos ar an mbrionglóid sin. Níos minice, bíonn cuma liosta rudaí atá le déanamh ar an leathanach a líonaim an chéad rud ar maidin, nó pléim ceist éigin a bheadh ar m’aigne liom féin. Uair sa chéad, buaileann splanc éigin mé agus breacaim síos smaoineamh a bhaineann le togra scríbhneoireachta a bheadh idir lámha agam. Is cuma i ndáiríre. Ní hiad méid ná caighdeán na mochscríbhneoireachta is tábhachtaí, ach an rialtacht leathúil.

Is é an chaoi go gcuireann an deasghnáth beag seo i gcuimhne dom gach lá gur riachtanas saoil dom an scríbhneoireacht, gurb í a chuireann greim i mo bhéal agus caife i mo chupán. Sin é an fáth nach dtugaim cead dom féin blaiseadh den chaife sin go dtí go mbíonn cúpla líne ar a laghad breactha síos agam. 

Anuas air sin, cuireann an mhochscríbhneoireacht i gcuimhne dom gach maidin gur féidir liom brath ar an dúch i mo pheann mar is féidir liom brath, an chuid is mó den am, ar an uisce i bpíopaí m’árasáin. Casaim an sconna, agus tagann focail amach. 

Agus sin, ar deireadh, cúis eile nach gceilim míorúilt laethúil na mochscríbhneoireachta orm féin. Glanann sí amach pé dríodar a bheadh tar éis na píopaí a thachtadh thar oíche.

Cá bhfios nach iad na scríbhneoirí amháin a bhainfeadh tairbhe as.