Míol mór tagtha i dtír i gContae Shligigh ach ní hé míol Árainn Mhór atá ann

Tá an míol mór is déanaí a tháinig i dtír ar chósta an iarthair tuairim is 20 méadar ar fad agus é lofa go maith

Míol mór tagtha i dtír i gContae Shligigh ach ní hé míol Árainn Mhór atá ann

Tá míol mór droimeiteach tagtha i dtír i gContae Shligigh. Measadh ar dtús gurbh é an míol mór ceannann céanna é a cuireadh i dtír in Árainn Mhór i nGaeltacht Thír Chonaill an tseachtain caite, ach tá ráite ag tréidlia de chuid Chomhairle Contae Shligigh gur ainmhí éagsúil atá anseo.

Tháinig  corp míl mhóir isteach leis an taoide ar an oileán Gaeltachta beagán le cois seachtaine ó shin agus ba ann a d’fhan sé ar feadh cúpla lá sular sciob an taoide léi arís é ag deireadh na seachtaine seo caite. Bhíothas den tuairim gurbh é a tugadh i dtír arís ar an Trá Bhuí, in aice leis an Teampall Buí, in iarthar Shligigh, ach ní hamhlaidh atá.

Tháinig feirmeoir as an áit ar an míol mór agus é ag tabhairt aire dá chuid ainmhithe tráthnóna inné. Tá an míol mór tuairim is 20 méadar ar fad agus é lofa go maith. Meastar go bhfuil an míol mór marbh le tamall, mar a bhí míol mór Árainn Mhór, ach ní léir go fóill céard a thug a bhás. Déanfaidh tréidlia na comhairle contae iniúchadh ar an gconablach go luath.

Tá Comhairle Contae Shligigh ar an eolas faoin míol mór agus tá iarrtha acu ar an bpobal gan dul ina ghaobhar ar chúinsí sláinte agus sábháilteachta. Tá an fharraige contúirteach san áit ar tháinig sé i dtír.

Dúirt an fear gnó Blair Feeney, as an Teampall Buí, go bhfuil boladh láidir ón míol mór anois agus gurbh fhearr do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige an t-ainmhí a fheiceáil fanacht ar an bhféar os cionn na trá go dtí go mbeidh an taoide tráite.

“Is beag dochar a rinneadh dá chorp, agus is iontach an radharc é, ach ar an láimh eile is brónach an radharc é freisin ainmhí chomh mór agus chomh hálainn leis a fheiceáil marbh ar chósta Shligigh anseo,” a dúirt Feeney leis an stáisiún OceanFM.

Dúirt Pádraig de Bhaldraithe ó IWDG le Tuairisc.ie gur minic a bhíonn an míol mór droimeiteach i gcuideachta an mhíl mhóir dhronnaigh an tráth seo bliana agus nach údar mór imní don ghrúpa gur bhásaigh an t-ainmhí i bhfarraigí na hÉireann.

Chonacthas míol mór dronnach san fharraige idir an Spidéal agus Bearna i nGaeltacht na Gaillimhe an tseachtain seo caite.

Is féidir leis an míol mór fás suas go 24 méadar sa leathsféar thuaidh agus 27 méadar sa leathsféar theas.

Ar an meán, bíonn 70,000kg meáchain iontu agus féadann siad snámh ar luas 37km san uair — an mamach uisce is sciobtha ar domhan. Is féidir leis an míol mór droimeiteach uisce a scairdeadh 6 mhéadar san aer. Is iondúil go maireann siad tuairim is 85 bliain.

Go hidirnáisiúnta, ‘i mbaol’ an stádas atá ag an míol mór droimeiteach ach tá an scéal níos fearr in Éirinn, áit a bhfuil stádas ‘maith’ acu. Ba iad ba mhó a bhí thíos le tionscal sheilg na míolta móra san am a caitheadh. Sa lá atá inniu ann is é an ró-iascach is mó a chuireann isteach ar an míol mór droimeiteach mar go bhfuil slad á dhéanamh ar na héisc is mó a itheann sé.

Fág freagra ar 'Míol mór tagtha i dtír i gContae Shligigh ach ní hé míol Árainn Mhór atá ann'