Míol mór óg tagtha faoi thír sna Forbacha

Ní fios go fóill cén fáth ar bhásaigh an ‘Minke’ a tháinig i dtír ar an gcladach i nGaeltacht na Gaillimhe cúpla lá ó shin

Míol mór óg tagtha faoi thír sna Forbacha

Tháinig míol mór óg i dtír ar an gcladach sna Forbacha i nGaeltacht na Gaillimhe an tseachtain seo. Droimeiteach beag, nó míol mór Minke, a thugtar ar an gcineál seo míol mór. Tá sé beagán faoi shé mhéadar ar fad, agus  níl sé i bhfad ó cailleadh é.

Dúirt Pádraig de Bhaldraithe, ón nGrúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna, le Tuairisc.ie nach raibh aon rud “an-soiléir” ar chorp an mhíl mhóir a thabharfadh le fios cén chaoi ar bhásaigh sé.

Dúirt sé go bhfuil samplaí tógtha ag eolaithe ón gcorp agus go ndéanfar tástáil orthu sin ach gur dóichí ná a mhalairt nach ndéanfar “scrúdú iarbháis” ar an ainmhí.

Meastar go bhféadfadh go bhfuil baint ag málaí plaisteacha a bheith san fharraige le bás míolta móra ar an gcaoi sin. Tháinig droimeiteach mór i dtír i Kent i Sasana tamall ó shin agus fuarthas amach gur mála plaisteach a shlog an t-ainmhí a mharaigh é.

Itheann an droimeiteach mór smugairlí róin go rialta agus meastar go gceapann na míolta móra gur smugairlí róin iad na málaí plaisteacha.

Tá an droimeiteach beag an-fhairsing in uiscí na hÉireann ach seo í an chéad uair ag Pádraig de Bhaldraithe ceann a fheiceáil básaithe ar an gcladach in Éirinn.

“Chonaic muid ceann beo anuraidh i mbéal na Sionainne. Bíonn an Minke fásta fireann tuairim is naoi méadar ar fad agus an Minke baineann tuairim is deich méadar ar fad. Tá an droimeiteach mór ar an dara hainmhí is mó san fharraige.

“Níl aon fhiacla aige, bíonn sé ag ithe tríd an scuab atá ina bhéal, agus tá siad ar fud an chósta,” a dúirt sé.

Tá ceist curtha ag Tuairisc.ie ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoina bhfuil i ndán do chorp an mhíl mhóir sna Forbacha agus muid ag fanacht leis an eolas sin.

Fág freagra ar 'Míol mór óg tagtha faoi thír sna Forbacha'

  • Hiy

    Is uafasach an tuairisc i sin faoin bplaisteach agus na miolta mora. Nach ainnis brocach an dream sinn! Athchursail ar an bplaisteach is cionntsiocair leis an micreaphlaisteach ata a sceitheadh isteach sna farraigi agus a bhfuil scrios o bhonn a dheanamh aige ar an slabhra bia. An fada eile a mhairfidh?