Míol mór marbh tagtha i dtír in oileán Gaeltachta

Tá an míol mór droimeiteach, a tháinig i dtír in Árainn Mhór i nGaeltacht Thír Chonaill ag an deireadh seachtaine, ar cheann de na míolta móra is mó ar domhan

Míol mór marbh tagtha i dtír in oileán Gaeltachta

Tá míol mór droimeiteach, an dara míol mór is mó ar domhan, an míol mór gorm an ceann is mó, tagtha i dtír in Árainn Mhór i nGaeltacht Thír Chonaill agus é marbh.

Dúirt Pádraig de Bhaldraithe ón nGrúpaí Éireannach Míolta Móra agus Deilfeanna (IWDG) le Tuairisc.ie go dtugann an dath bán atá ar chraiceann an mhíl mhóir le fios go raibh sé marbh le tamall maith sular tháinig sé i dtír.

Ba iad lucht an bháid farantóireachta in Árainn a tharraing aird ar an míol mór ar dtús nuair a chroch siad pictiúir de ar a leathanach Facebook. Meastar gur tháinig sé i dtír ag Béal an Chraois ar an taobh thoir den oileán.

B’éigean d’fhoireann an bháid tarrthála in Árainn Mhór ócáid ómóis a fhágáil luath leis an míol mór a fhiosrú Dé hAoine seo caite nuair a chonaic oileánach slua faoileán ag bailiú timpeall ar an ainmhí san fharraige.

Dúirt Nóra Flanagan, ball de lucht tarrthála an oileáin, leis an nuachtán The Donegal Daily go bhfuil an míol mór anois ag lobhadh i gcuan beag agus go bhfuil boladh láidir ag teacht uaidh.

“Níl muid cinnte cén plean atá ann don mhíol mór go fóill. Má thuileann an taoide sa treo ceart, b’fhéidir go dtabharfaidh sí léi é. Mura dtugann, beidh ar an gComhairle socruithe a dhéanamh lena bhogadh,” a dúirt sí.

Dúirt Pádraig de Bhaldraithe ó IWDG le Tuairisc.ie gur minic a bhíonn an míol mór droimeiteach i gcuideachta an mhíl mhóir dhronnaigh an tráth seo bliana agus nach údar mór imní don ghrúpa gur bhásaigh an t-ainmhí i bhfarraigí na hÉireann.

Chonacthas míol mór dronnach san fharraige idir an Spidéal agus Bearna i nGaeltacht na Gaillimhe inné.

Tá an míol mór marbh ach is beag dochar atá déanta dá chorp agus ní léir go fóill cén tsiocair bháis a bhí aige. D’fhéadfadh sé gur bhásaigh sé go nádúrtha, nó gur bhuail long é, go ndeachaigh sé i bhfostú in eangacha iascaigh nó gur ith sé rud éigin nimhneach.

Tá an míol mór a tháinig i dtír in Árainn Mhór tuairim is 20m ar fad. Is féidir leo fás chomh mór le 24 méadar sa leathsféar thuaidh agus chomh mór le 27 méadar sa leathsféar theas.

Ar an meán, bhíonn meáchan 70,000kg iontu agus féadann siad snámh ar luas 37km san uair — an mamach uisce is sciobtha ar domhan. Is féidir leis an míol mór droimeiteach uisce a scairdeadh 6 mhéadar san aer. Is iondúil go maireann siad tuairim is 85 bliain.

Tá stádas idirnáisiúnta ‘i mbaol’ ag an míol mór droimeiteach ach tá an scéal níos fearr in Éirinn, áit a bhfuil stádas ‘maith’ acu. Ba iad ba mhó a bhí thíos le tionscadal sheilg na míolta móra san am a caitheadh. Sa lá atá inniu ann is é an ró-iascach is mó a chuireann isteach ar an míol mór droimeiteach mar go bhfuil slad á dhéanamh ar na héisc is mó a bheathaíonn é.

Idir an dá linn, tá scéim feasachta le tosú i nGaeltacht na Gaillimhe do dhaltaí idirbhliana sa Spidéal agus i gCarna faoi na bealaí ba cheart dul i ngleic le hainmhithe móra mara a thagann i dtír ar chladaí na Gaeltachta. Beidh ionadaithe ón IWDG agus ó Uisceadán na Gaillimhe ag labhairt leis na daltaí faoi na rudaí ba cheart agus nár cheart a dhéanamh nuair a thagann míolta móra, deilfeanna agus ainmhithe móra eile i dtír.

Fág freagra ar 'Míol mór marbh tagtha i dtír in oileán Gaeltachta'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘…nó gur ith sé rud éigin nimhneach.’

    B’fhiú scrúdú iarbháis a dhéanamh ar na mamaigh uisce seo nó tá an oiread sin plaisteach agus dramhaíl ón duine daonna ar snámh san fharraige anois is go n-itheann ainmhithe agus éanacha mara é, rud a mharaíonn iad. Na créatúir bochta, níl seans dá laghad acu.

    ‘Beidh ionadaithe ón IWDG agus ó Uisceadán na Gaillimhe ag labhairt leis na daltaí…’

    Is maith go bhfuil ionadaithe ó na heagraíochtaí seo ag labhairt le daltaí scoile ach tá súil agam go dtabharann siad an t-eolas i nGaeilg daofa! Agus má bhíonn aon ballraíocht a lorg, go ndéantar seo i nGaeilg fosta.

  • Padraic de Bhaldraithe

    Maidir leis an dath bán ar an gcraiceann a bheith ina chomhartha go bhfuil an t-ainmhí marbh ar feadh tamaill, baineann sé sin leis an athrú a thagann ar an gcuid sin den ainmhí a mbíonn dath dubh/liath air agus é ina bheatha (a dhroim, a chliatháin). Sa phictiúr thuas, ‘sé an dromchla tairr, nó an chuid faoi, atá á thaispeáint agus bíonn dath bán air sin agus an t-ainmhí ina bheatha.
    Ná bíodh imní ort, a Chordelia, is i nGaeilge amháin a dhéanaimse an cur i láthair sna scoileanna Gaeltachta agus sna Gaelscoileanna a dtugaim cuairt orthu ar son an IWDG.