Milliún euro do dhream an chéid – agus a líon ag méadú i gcónaí

424 duine as Poblacht na hÉireann a shroich an Céad i 2014, cónaí ar 215 acu siúd anseo in Éirinn agus bhí 192 acu thar sáile

Milliún euro do dhream an chéid – agus a líon ag méadú i gcónaí
Douglas Hyde
Ba é an tUachtarán Dubhghlas de hÍde a chur tús le ‘bronntanas an Uachtaráin’ don té a bhaineann céad bliain amach

 

Chosain Bronntanas an Uachtaráin do dhaoine a shroicheann 100 bliain d’aois beagán le cois €1 milliún sa mbliain atá díreach caite – an tsuim ba mhó ariamh a tháinig as an gciste seo.

Tugadh an bronntanas lae beirthe, ar fiú €2,540 é, do 407 duine as Poblacht na hÉireann a shroich an Céad i 2014.

Bhí cónaí ar 215 acu siúd anseo in Éirinn agus bhí 192 acu thar sáile.

Shocraigh an Rialtas i 2006 go dtabharfaí an bronntanas d’Éireannaigh atá thar sáile chomh maith leo siúd atá sa mbaile nuair a bhainfidís an Céad amach. Tá chuile chosúlacht ar an scéal go gcaithfear tuilleadh a chur leis an gciste mar go bhfuil an líon againn atá ag cur chúig scór bliain ar an gclog ag méadú go mór.

Tá a thrí oiread daoine ag maireachtáil go dtí an 100 – agus blianta lena chois sin – anois ná mar a bhí caoga bliain ó shin. Thaispeáin an daonáireamh i lár na 1960aidí nach raibh ach 83 duine i bPoblacht na hÉireann san am sin a raibh an Céad sroichte acu; b’shin duine as chuile 34,000.

Ach faoin am ar dearnadh an Daonáirimh is deireanaí sa tír seo, bhí duine as chuile 11,000 ag sroicheadh an Chéid, agus os a chionn. Áirítear go bhfuil beagnach 400 duine atá gaibhte thar 100 bliain d’aois ag maireachtáil i bPoblacht na hÉireann i 2015.

Is díol spéise é go bhfuil an claonadh céanna ann maidir le fir agus mná a théann thar 100 bliain d’aois sa tír seo. Thaispeáin an daonáireamh i lár na 1960aidí go raibh 52 bean ann a bhí 100 agus tuilleadh; 31 fear a bhí san aoisghrúpa sin. Ag teannadh ar aghaidh go dtí an daonáireamh is deireanaí, bhí 331 bean os cionn 100 bliain d’aois i bPoblacht na hÉireann agus 58 fear a bhí san rannóg aoise sin, coibhneas 5:1 i bhfábhfar na mban.

Glactar leis go forleathan gur feabhas ar an saol is cúis leis an méadú ar an líon daoine atá ag maireachtáil go 100 agus os a chionn – feabhas ar an mbeatha, feabhas ar thithíocht, feabhas ar an gcóras sláinte agus éascaíocht sa saol. Ach, fós féin, is rud neamhghnách é go bhfaigheadh duine seic an Uachtaráin do lá beirthe an Chéid.

Is fada iad na heolaithe ag iarraidh meabhair a fháil ar an gcúis a bhfuil daoine ann a mhaireann an t-achar sin. I mBoston sna Stáit Aontaithe, ionad mór taighde sláinte agus leighis, atá ceann de na staidéir is cuimsithí ar an ábhar seo ar bun.

Scór blianta go ham seo a tosaíodh an ‘New England Centenarian Study’ atá lonnaithe sa roinn leighis in Ollscoil Bhoston.  Is é an rud is mo atá faighte amach acusan go mbaineann aois mhór le mianach an duine.

Cuireann teolaíocht, beatha mhaith, córas maith sláinte agus an aire a thugann duine dó féin leis an achar saoil a fhaigheann sé ach is ar éigean go dtabharfaidh sé go dtí an Céad é mura bhfuil mianach neamhghnách ann

Go deimhin, dúirt na saineolaithe i mBoston i dtuairisc dá gcuid nár thug 77% as grúpa amhain a shroich an Céad (bhí níos mo ná céad acu sa ngrúpa seo) aon aire ar leith dóibh féin!

San am céanna, tagann cupla ceist chun cuimhne. Tuige a maireann na mná níos faide ná na fir agus cén fáth a bhfuil an méadú mór ar an líon daoine atá ag baint an Chéid amach anois, más mianach atá i gceist? An bhfuil an mianach feabhsaithe an oiread sin le leathchéad bliain?

Is é an freagra, is dóigh, ar an dara ceist ná go bhfuil ‘comhthéacs’ i gceist. Má fheabhsaíonn an saol, méadóidh an líon daoine a dtabharfaidh an mianach iad go tairseach an Chéid. Maidir leis an gcéad cheist – an bua atá ag na mná – chuile sheans gurbh shin bronntanas ó Dhia!

Maidir le Brontanas an Chéid ón Uachtarán, is é an tUachtarán Dubhghlas de hÍde a chur tús leis…de thimpiste.

Le linn a thréimhse san Áras (1938-1945), tharla sé gur thug de hÍde £5 mar bhronntanas as a phóca féin do dhuine a raibh an 100 sroichte aige; bunaíodh an córas go hoifigiúil ina dhiaidh sin agus méadaíodh na suimeanna airgid in imeacht na mblianta.

                                                                                        

Fág freagra ar 'Milliún euro do dhream an chéid – agus a líon ag méadú i gcónaí'