Mífhortún lucht na Gaeilge – níl smacht againn ar ár n-íomhá féin

Is de réir a gcuid míthuiscintí féin a mheasann formhór mhuintir na hÉireann cultúr na Gaeilge, a deir ár gcolúnaí

Cartún Bookies

Tá sé de mhífhortún ar lucht na Gaeilge nach bhfuil smacht iomlán againn ar ár n-íomhá féin mar phobal teanga. Lucht an Bhéarla a ríomhann ár dtréithe agus a insíonn dúinn cé muid féin. Féach, mar shampla, na daoine tuisceanacha i nDomhnach Broc a chruthaigh an chatagóir chláracha Irish and Religious ar an RTÉ Player. (Nó tá a fhios ag an saol gur cráifeacháin iad na Gaeilgeoirí.) Is de réir a gcuid míthuiscintí féin a mheasann formhór mhuintir na hÉireann cultúr na Gaeilge. Saol beag rómánsúil, aislingeach, béaloideasúil a chí siad, saol ina mbíonn ceo draíochta anuas ar gach uile rud. Bíonn a rian sin le brath ar an bhealach a n-úsáideann siad féin an Ghaeilge.

Féach, mar shampla, an bhleaist bhreallántachta seo a foilsíodh i mBéarla amháin ar shuíomh gréasáin Fhianna Fáil:

The name Fianna Fáil means ‘soldiers of destiny’ and is taken from Old Irish. The Fianna were the warriors of Fionn Mac (sic) Cumhaill – the title emphasised the party’s deep roots over millennia in the historic Irish nation.

Scaoilimis tharainn go fóill an nóisean go bhféadfaí Cormac mac Airt a bheith ina bhall gníomhach de Chumann na Teamhrach d’Fhianna Fáil – is spéisiúil nach leor ainm Gaeilge a bheith ar an pháirtí. Caithfidh ainm ársa ‘Sean-Ghaeilge’ a  bheith ann. I dtaca le Soldiers of Destiny de, luaitear é go scigiúil ar gach uile thuairisc riamh dá scríobhann Miriam Lord ar an Irish Times. An Gaelachas gamalach gáifeach seo! Ar chuala tú a leithéid riamh? Dar ndóigh, ní lucht na Gaeilge a bhaist The Stone of Destiny ar an Lia Fáil – níl in ‘Fál’ ach ainm fileata ar Éirinn, ar aon dul le ‘Clár Choinn’ agus céad ainm eile. An té a mheasann Soldiers of Destiny a bheith áiféiseach, ní faoin Ghaeilge atá sé ag gáire, ach faoi Bhéarlóirí a mheas nach raibh Soldiers of Ireland sách fileata.

Sa leabhar breá úd, A Handbook of the Scottish Gaelic World, thagair Michael Newton do na popcheoltóirí Béarla a chuireann suim ó am go chéile i gceol na nGael. Cuireann Gaeil na hÉireann na gártha molta astu nuair a thugann Sting nó Kate Bush faoi amhrán Gaeilge. Níl Newton chomh fial céanna:

Albums of ‘Celtic music’ – a marketing term with little real meaning – often cater to the ‘Celtic twilight’ notion of the Gaels as semi-pagans singing haunting mystical songs.

Is ea, agus déantar cuid de na hamhráin chomh ‘misteach’ sin nach dtuigfeadh na seandéithe féin iad. Féach an dán dar tosach ‘Bímse buan ar buairt gach ló’ ar taifeadadh dosaen leagan de faoin teideal ‘Mo Ghile Mear.’ Mo léan, is minic a chuirtear an t-aistriúchán My Swift Brightness leis. B’fhéidir go ndéarfá nach bhfuil ciall ar bith le swift brightness, ach nach mar sin atá na Gaeil: dream diamhair, duibheagánach? Iad siúd a bhfuil Gaeilge acu, tá a fhios acu nach bhféadfadh ‘gile’ a bheith ceart, nó is ainmfhocal baininscneach atá ann a chuirfeadh séimhiú ar an aidiacht. Ach ní fiú ceart na Gaeilge a phlé le rómánsaithe an Bhéarla. Agus ní chuirfidh tú ina luí orthu choíche gur ‘Mo Ghiolla Mear’ atá ann ó cheart. Arú, a dhuine, is fearr a d’oirfeadh an t-ainm sin do chapall rásaíochta. 

Bhí dúil mhór agam sna leaganacha Gaeilge a cheap léitheoirí Friotal ar na téarmaí a pléadh ar alt na seachtaine seo caite. Thuigfinn gan dua iad dá gcluinfinn sna meáin chraolta nó dá léifinn sna meáin chlóite iad: ‘cúl le cúige,’ ‘díthreabh dhigiteach’, ‘Tóraí támáilte’. Tá ardchumas cruthaithe focal ag pobal na Gaeilge fós, ach cluas a thabhairt dóibh.   

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Mífhortún lucht na Gaeilge – níl smacht againn ar ár n-íomhá féin'