Micheál Ó hIarnáin, ceardaí, bádóir agus fear spóirt imithe ar shlí na fírinne

Bhí aithne mhór ar Micheál Ó hIarnáin, a bhásaigh an deireadh seachtaine seo caite, i gConamara a dhúchais agus ó dheas i gCorca Dhuibhne

Micheál Ó hIarnáin, ceardaí, bádóir agus fear spóirt imithe ar shlí na fírinne

Tá Micheál Ó hIarnáin ina sheasamh ar chúl, an tríú duine ó chlé

Bhain Micheál Ó hIarnáin, a bhásaigh an deireadh seachtaine seo caite, le teaghlach mór a raibh cónaí orthu sa mBaile Nua, i mBearna na Gaillimhe. Bhíodar láidir ag tarraingt téide sna daichidí agus sna caogaidí agus ba chumasach na curachóirí a bhí iontu freisin. Seachtar buachaillí a bhí sa gclann agus triúr cailíní. Ba mhinic a tharraing Mike an téad d’fhoireann Bhearna agus na bhForbacha agus ba mhinic a facthas ar cheann an mhaide rámha é freisin sa gcurach canbháis.

Ba le ceird na múinteoireachta a chuaigh Micheál Ó hIarnáin nó Mike Hernon mar ab fhearr aithne air.  Múinteoir adhmadóireachta agus líníochta a bhí ann. Chaith sé blianta i gCeardscoil an Daingin i gCiarraí agus scaitheamh freisin i gCill Orglan. Ba i Móinín na gCiseach i nGaillimh a chríochnaigh sé a sheársa  múinteoireachta.

Ba le linn do Mhike a bheith i gCeardscoil an Daingin a rinne sé féin agus a chuid scoláirí naomhóg chanbháis. Rinneadar i halla na scoile í agus nuair a bhí sí feistithe amach acu b’iomaí tráthnóna breá a chaitheadar amuigh i gCuan an Daingin, na buachaillí ar a seacht míle dícheall ag iomramh agus Mike ag faire go grinn orthu agus dá n-ullmhú chun rása.

Ar dhuine de na curachóirí sin bhí an ceoltóir agus scríbhneoir Maidhc Dainín Ó Sé, trócaire air. Ina leabhar A Thig Ná Tit Orm déanann sé an-chur síos ar an dá bhliain a chaith sé i gCeardscoil an Daingin – an dá bhliain ab fhearr a chuir sé isteach riamh, mar a dúirt sé féin. Ní hamháin go ndearna siad naomhóg agus gur ghlac siad páirt i rásaí naomhóg ach thraenáil Mike Hernon foireann peile nó caide na scoile freisin a bhain craobh an chontae amach i 1957.  ‘Maidhc an Adhmaid’ an leasainm a bhí ar Mhike Hernon i gCeardscoil an Daingin.

Bhí aithne mhaith agam féin ar Mhike, mar ba ghalfaire mór a bhí ann agus b’iomaí lá breá a chaith muid ar na báinsí le chéile ag lascadh liathróidí soir agus siar, suas agus síos. Bhí Mike paiteanta ceart ag imirt gailf. Meastar cumas galfaire amaitéarach i gcónaí ar a bhac nó ‘handicap’. Ní dheachaigh mé féin níos isle ná bac a 12 riamh ach chuaigh Mike chomh híseal le bac a 3 nuair a bhí sé ina shea. 

Go deimhin nuair a bhí Mike ag obair i gCiarraí ceapadh ina chaptaen ar ‘Dooks’ é i 1963.  Cúrsa breá gailf é seo atá tamaillín siar ó dheas ó Chill Orglain. Onóir mhór a bhí anseo ar ndóigh a thaispeáin an meas a bhí ar Mhike mar dhuine agus mar ghalfaire cumasach.

Corraithe Chonnacht 1960/61. Foireann tarraingt téide Bhearna Chun tosaigh ó chlé: Pádraic Ó hIarnáin, Pádraic Ó Conghaile, Tomás Ó hIarnáin, Seosamh Ó hIarnáin. Chun deireadh ó chlé: Máirtín Ó hIarnáin, Tomás Ó Loideáin, Mícheál Ó hIarnáin agus Paddy Joe Walsh (Pádraic Seosamh Breathnach).
Curaidh Chonnacht 1960/61. Foireann tarraingt téide Bhearna. Chun tosaigh ó chlé: Pádraic Ó hIarnáin, Pádraic Ó Conghaile, Tomás Ó hIarnáin agus Seosamh Ó hIarnáin. Chun deireadh ó chlé: Máirtín Ó hIarnáin, Tomás Ó Loideáin, Mícheál Ó hIarnáin agus Paddy Joe Walsh (Pádraic Seosamh Breathnach)

Is cuimhin liom lá thiar ar ghalfchúrsa Bhaile Conaola, lá gaoithe móire ceart a bhí ann agus bhí Mike breis agus dhá chéad slat amach ó phlásóg a 16. Bhí stoirm ghaoithe aniar ina choinne ach níor chuir sin aon lagmhisneach ar do Mhike.  Thóg sé adhmad amach as a mhála, chuir cruit air féin agus bhuail buille fada righin faoin ngaoth, a thuirling ar nós an fhaoileáin agus a luigh sé troithe ón bpionna. A leithéid de bhuille ní fhacthas roimhe ná ó shin ar lá chomh garbh.

Chaith mé seachtain galfála leis tráth i ndeisceart na Spáinne. An chéad oíche thugamar ruaig síos go dtí teach tábhairne a bhí sa mbaile beag ba ghaire dúinn.  Bhí sé cloiste againn go raibh an t-ól saor sa Spáinn agus bhí rún againn é sin a fháil amach an chéad oíche sin i Marbella. Níor bhac muid le piontaí ach rinne caol díreach ar an ‘top shelf’. Brandy a d’ordaigh Mike as cos i dtaca. Ní dhearna an fear óg taobh istigh den chuntar ach aghaidh an bhuidéil a thabhairt ar dhá ghloine agus taoscán breá a líonadh don bheirt againn. Á, a dhuine, ba bhreá é ‘brandy’ na Spáinne.  Ach an rud a chuir an t-iontas uilig orainn a shaoire agus a bhí sé – beagán le cois euro an gloine, sin an méid.  Bheadh a thrí oiread sa mbaile air.  Ní gá a rá gur ól muid scalach an oíche sin agus oícheanta eile freisin. Mar a dúirt Mike agus mé féin go minic lena chéile ‘nach é an peaca gan é a ól agus é chomh saor’.

Bhí tóir ag Mike ar an gceol freisin. Ar ndóigh bhí sé ina bhall thiar i ngalfchúrsa Eanach Mheáin i gConamara agus ní raibh rud níb fhearr a thaitin leis tar éis cluiche gailf ná cúpla pionta pórtair, dreas ceoil agus cúpla amhrán. Ba nós leis féin corr-amhrán a chrochadh suas freisin agus ba mhaith uaidh. Chomh maith leis sin chuir sé aistriúchán Gaeilge ar an amhrán álainn sin ‘Doonaree’.

Dúirt iníon dearthára leis, Betty, agus í thuas ag déanamh píosa cainte faoi Mhike ag Aifreann na sochraide maidin Dé Luain seo caite i mBearna  gur ag éisteacht le téip ceoil a bhí Mike sa deireadh nuair a bhí an bás ag druidim leis. Ba é an seanleagan de ‘Galway Bay’ an t-amhrán deireanach a bhí ar an téip sin. Go gairid tar éis é a chloisteáil d’fhág Micheál Ó hIarnáin slán leis an saol seo. 

Tis all the heaven I ask of God

Upon my dying day

My soul to soar forever more

Above you Galway Bay

Suaimhneas na bhflaitheas dá anam uasal.

– Mike P Ó Conaola

Fág freagra ar 'Micheál Ó hIarnáin, ceardaí, bádóir agus fear spóirt imithe ar shlí na fírinne'

  • Mártan Ó Ciardha

    Tá sé tugtha leat in éineacht agat a Mhike P.

    Go ndéana Dia trócaire ar Mhike Hernon. Ba é a chuir maide an ghailf i lámha go leor ó Shruthán na Líbirtí anoir, tráth a mbítí a cheapadh go mba ‘boicíní’ amháin a bhíodh ag plé leis.

    Ba fada ón mboicín an t-Iarnánach agus is deas é do scéal faoin gcnag a bhuail sé lá na gaoithe i mBaile Conaola. Tá tú ceart. Ní mórán eile a bheadh in ann ag a leithéid. Feicim as seo an meangadh beag a thagadh air agus gaisce mar é déanta aige.

    Ní raibh uair dá gcasadh Maidhc Dainín orm, trócaire air fhéin, nach ag cur tuairisce “Mhike an Adhmaid” a bhíodh sé.

    Le naomhóga agus le caid is mó a bhainfí an comhrá a bheas idir an bheirt feasta, ach ní bheadh a fhios agat, b’fhéidir go múinfeadh fear an Bhaile Nua beagán faoin “fore” freisin do fhear Charracháin !

    Mártan Ó Ciardha