Mic Léinn le dul ar stailc ocrais chun áras cónaithe Breatnaise ollscoile a shábháil

Mic léinn in Ollscoil Aberystwyth ag iarraidh go gcoinneofar Neuadd Pantycelyn, áras lóistín do mhic léinn Breatnaise

Pantycelyn

Tá sé beartaithe ag mic léinn in Ollscoil Aberystwyth dul ar stailc ocrais mura gcoinneofar oscailte Neuadd Pantycelyn, áras lóistín do mhic léinn Breatnaise san Ollscoil.

Tá cuid den áras gafa ag na mic léinn i láthair na huaire agus iad ag diúltú an áit a fhágáil. Tosófar ar stailc ocrais ag 14.00in ar 21 Meitheamh – lá sula mbeidh Chomhairle na hOllscoile ina suí le todhchaí an Árais a phlé.

De réir tuarascálacha atá déanta ag Ollscoil Aberystwyth, tá obair dheisiúcháin, a chosnódh idir £5.5m agus £11m, ag teastáil ón bhfoirgneamh a ceapadh ina áras cónaithe do mhic léinn Bhreatnaise na hOllscoile breis is ceathracha bliain ó shin.

Mar sin féin, deir na mic léinn nach bhfuil aon bhaol ag baint leis an bhfoirgneamh féin mar áit chónaithe. Ghéill an Ollscoil bliain ó shin do bhrú ó mhic léinn nuair a bhí dúnadh an árais á bhagairt an tráth sin ach tá an chosúlacht anois ar an scéal go ndúnfar ar aon chaoi é.

Dhreap cúigear suas go díon an Árais Dé Luain agus chroch bratach ar ar scríobhadh na focail “Achub Pantycelyn” (sábháil Pantycelyn). Deir siad nach leagann an ollscoil a dhóthain béime ar luach na Breatnaise.

Dúirt duine de na mic léinn, Hynek Janoušek, atá i mbun máistreachta sa Ghaeilge san ollscoil faoi láthair, le Tuairisc.ie go mba dheacair a mhacasamhail de lóistín a chur ar fáil do mhic léinn na hollscoile.

“Comhthionól fuinniúil fuinte atá i Neuadd Pantycelyn as ár fáisceadh filí, scríbhneoirí próis, polaiteoirí, dlíodóirí, feirmeoirí, ceardaithe agus ceoltóírí a choinnigh saol na Breatnaise ar bun ó hosclaíodh an tÁras. Is liosta le háireamh na pearsana móra a raibh cónaí acu ann.

“Bhí John Davies Bwlchllan , ab údar le Hanes Cymru: History of Wales, ina mhaor tí san Áras ar feadh blianta. Ba dheacair a athrach de lóistín a sholáthar mar baineann an-tábhacht stairiúil agus sóisialta leis an bhfoirgneamh féin,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Tá a dtacaíocht tugtha don fheachtas ag Cymdeithas yr laith Gymraeg (Cumann na Breatnaise) agus Aontas na Mac Léinn san ollscoil freisin.

Tá tacaíocht léirithe ag eagraíochtaí eile agus baill aonair den phobal ar cás leo cúis na mac léinn. Tá na mic léinn a ghabh an tÁras ann i gcónaí agus tugtar bia dóibh trí fhuinneog an tseomra atá gafa acu.

Fág freagra ar 'Mic Léinn le dul ar stailc ocrais chun áras cónaithe Breatnaise ollscoile a shábháil'

  • Darragh Ó Náraigh

    Tá pobal na Breatainise i bhfad Éireann níos radacaí ná pobal na Gaeilge. Deacair a shamhlú go ndéanfadh gníomhairí phobal na Gaeilge fé mar a rinne na daoine thuasluaite.

    Bheadh clamhsán glórmhar cinnte, ach ghlacfadh muid leis an masladh go ciúin fé mar atá á dhéanamh againn le blianta anuas.

    (Ach is dócha gur fiú cás ghluaiseacht cearta sibhialta na Gaeltachta a lua-bhíodar siúd sásta seasamh a dhéanamh, agus bhaineadar an t-uafás rudaí dearfacha amach!)

  • Hynek Janoušek

    Go raibh míle maith agat, a Mhaitiú, agus ná laga Dia foireann Tuairisc.ie! Má bhíonn éinne a léifeas an t-alt seo ag iarraidh tacú leis an gcúis, cuireadh sí/sé a h/ainm leis an achainí seo a leanas: https://www.pantycelyn.cymru/petition.html