‘Mí-abha!’ arsa an cailín beag – bhí an ceart ag an Ríordánach gurb ionann filíocht agus aigne linbh

AG TÓGÁIL CLAINNE: Bhí an chistineach lán d’fhilíocht agus d’éadaí le níochán nuair a d’fhoghlaim ár gcolúnaí ceacht beag faoin gcur i gcéill

girl-467707_1280

‘Mí-abha!’ D’airigh mé ní eicínt ag cuimilt in aghaidh mo chalpa. Bhreathnaigh mé síos is chonaic an Cailín Mór Beag agus í ina cat, mar dhea.

‘Cad is filíocht ann? Aigne linbh?’ a d’fhiafraigh an file Seán Ó Ríordáin ina réamhrá lena chnuasach Eireaball Spideoige. Chuir sé i gcás athair agus leanbh i seomra agus capall ag gabháil an bóthar taobh amuigh. ‘Cailleann an t-athair an capall toisc go bhfanann sé lasmuigh dhe,’ a dúirt Ó Ríordáin. Ach an leanbh, ‘líontar an saol de chapall-alltacht agus de shodardhraíocht. Sin bheith – bheith fé ghné eile. Agus sin, dar liom, filíocht,’ a dúirt sé.

Bhí an chistineach lán d’fhilíocht agus d’éadaí le níochán.

‘Céard atá tú a dhéanamh ar an urlár?’ a d’fhiafraigh mé di – bhí mo chroí sa dán ach bhí an chuid eile díom tugtha don níochán éadach a sheachaint agus d’ualach an níocháin a laghdú ar áis nó ar éigean.

Bhí a fhios agam nach gcabhródh an lámhacán catlárnaithe nua seo leis an straitéis fiche bliain a bhí leagtha amach againn chun dul i ngleic leis an níochán.

‘Mí-abha!’ a d’fhreagair sí, agus teicnící modhaisteoireachta Stanislavski á leanúint go dlúth aici, de réir dealraimh. Bhí an chuma ar an scéal go raibh líon na bpáistí sa teach laghdaithe fá haon agus an líon cait méadaithe dá réir.

Shín mé síos mo lámh is thug cuimilt bheag do bharr a cloigne. ‘Ó, nach deas an caitín thú,’ a dúirt mé le mo pheata nua.

Tugadh cead isteach dom. Ról tacaíochta. Chuaigh sí anonn chuig cuisín a bhí tite ar an urlár agus rinne leaba bheag di féin, ag imeacht anonn is anall á neadú féin ar dtús sular luigh sí síos air agus í ina ciorcal beag. D’fhág mé sásar bainne aici is chuaigh ar ais chuig an níochán.

‘Ní fhaca tú aon chailín mór beag thart, seans ar bith?’ a d’fhiafraigh mé di th’éis scaithimh ag súil go mb’fhéidir go raibh Gaeilge ag an gcatchailín seo. Bhreathnaigh sí aníos orm agus chonaic mé imní ina cuid súile. ‘Ach, a Mhamaí, is mise atá ann,’ a dúirt sí, ‘ní raibh mé ach ag ligean orm féin gur caitín a bhí ionam,’ a dúirt sí.

‘Ó, is tú atá ann, go deimhin,’ a dúirt mé agus iontas i mo ghlór. ‘Cheap mé ar feadh soicind gur caitín a bhí ionat.’

‘Bhuel,’ a dúirt sí, ‘bhí mé i mo chaitín an uair sin.’

Fág freagra ar '‘Mí-abha!’ arsa an cailín beag – bhí an ceart ag an Ríordánach gurb ionann filíocht agus aigne linbh'

  • Mise Áine

    Thar barr! Mar is iondúil..:-)