‘Mhol an dochtúir glaoch ar 999 a luaithe is a bheadh paiste breá fola le feiceáil…’ – Gnáthscéal gnáthothair

Ba chóir go mbeadh náire ar thír ar bith ina bhfuil daoine aosta, nó saoránaigh ar bith, ag fulaingt mar a d’fhulaing an bhean a n-insítear a scéal anseo…

‘Mhol an dochtúir glaoch ar 999 a luaithe is a bheadh paiste breá fola le feiceáil…’ – Gnáthscéal gnáthothair

Aibreán 2015

Bhí na pianta ina cos ag goilliúint uirthi ar feadh cúpla mí. Ach tar éis cúpla oíche gan chodladh, rinne sí coinne leis an dochtúir.

“Ní fadhb mhór í,” a dúirt sé léi, “ach beidh obráid riachtanach. Laige sna féitheacha is cúis leis. Ná bíodh imní ort. Tá tú 85 bliain d’aois, ach tagann go leor othar atá i bhfad níos óige ná tusa chugam agus an fhadhb chéanna acu.

“Deimhneoidh an obráid nach mairfidh na pianta seo nó, má mhaireann, nach mbeidh siad baileach chomh géar agus atá siad faoi láthair. Beidh tú i gceart arís faoi cheann míosa. Ach faraor, beidh ort fanacht. Tá na liostaí feithimh fiáin, ach déanfaidh mé mo dhícheall.”

Bealtaine 2015

Ghlaoigh rúnaí an dochtúra uirthi. “An mbeifeá ar fáil chun dul faoi scian ar an 16 Deireadh Fómhair?” Is beag nár airigh sí an buille díomá ag leathadh láithreach trína cos. An raibh seans ar bith ann, a dúirt sí, go bhféadfaí dáta obráide a aimsiú in áit éigin roimhe sin? Ní raibh.

Deireadh Fómhair. 2015

Ghlaoigh rúnaí san ospidéal uirthi. ‘Tá brón orm, ach ní bheimid ábalta dul chun cinn leis an obráid amárach. An mbeifeá ar fáil Dé Máirt seo chugainn?’

Deireadh Fómhair – Samhain 2015

Chuala sí an scéal céanna seacht n-uaire eile, agus leithscéalta éagsúla á lua. Bhí obair níos práinní le déanamh ag an máinlia in ospidéal eile. Ní raibh foireann iomlán altraí obrádlainne ar fáil. Bhí baol galair san ospidéal agus obráidí neamhriachtanacha á gcur ar ceal dá bharr. Agus scata leithscéalta eile.

Nollaig 2015

Bhí na pianta chomh dona faoi thús na Nollag gur ar éigean a bhí sí ábalta seasamh sa chistin agus dinnéar á réiteach aici. Tháinig lá obráide eile, ach níor tháinig aon ghlaoch lena cur ar ceal an uair seo. Chuaigh sí faoi scian. Scaoileadh abhaile í tar éis trí lá. “Tóg go bog é,” a dúirt altra léi. “Ní bheidh tú lán-aclaí arís go mbeidh an Nollaig thart.”

Eanáir 2016

Bhí foighne aici, ach ba léir di nach raibh gach rud i gceart. Ní raibh cneá amháin obráide leigheasta, agus an fhéith ag cur fola uaireanta. Dúirt a dochtúir léi go mbeadh uirthi filleadh ar an ospidéal.

Eanáir-Márta 2016

Ghlaoigh an dochtúir ar an ospidéal gach re seachtain i dtosach, agus gach seachtain faoi dheireadh. Dúradh leis go gcuirfí fios uirthi chomh luath agus ab fhéidir, ach go raibh siad ag déileáil le cásanna níos práinní. Bhí uirthi bindealán nua a chur ar an gcneá gach lá faoin am seo ach, mar a dúirt sí féin, ní raibh an doirteadh fola chomh holc gur chóir fios a chur ar otharcharr.

Aibreán 2016

Chlis ar fhoighne an dochtúra. Mhol sé di fios a chur ar otharcharr a luaithe is a bheadh paiste breá fola le feiceáil ar an mbindealán. Glaodh ar 999 agus chuaigh sí in otharcharr go dtí an t-ospidéal. Chaith sí dhá lá san ionad práinne, agus lá ina dhiaidh sin in aonad speisialta coise. Cuireadh cóireáil ‘eatramhach’ ar an gcneá sular seoladh abhaile í. “Tóg go bog é,” a dúradh léi arís.

Bealtaine – Meitheamh 2016

Dúirt a dochtúir léi, mar a dúirt dochtúir ospidéil léi roimhe, nach leigheasfaí an chneá ina cos nó go gcuirfí faoi scian arís í agus go gcuirfí dianchóireáil uirthi ina dhiaidh sin san ospidéal. Chuaigh sí ar ais faoi dhó go dtí an t-aonad speisialta. Chuala sí an scéal céanna arís, faoi dhó. Ní raibh sí i gcontúirt. Chuirfí fios uirthi chomh luath agus ab fhéidir, ach bhí siad ag déileáil le cásanna níos práinní.

Iúil-Meán Fómhair. 2016

Tháinig litir ón ospidéal a thairg coinne obráide di ar an 12 Meán Fómhair. Níor chuir an mhoill iontas uirthi, tar éis don dochtúir a rá léi nach mbeadh ‘mionobráid’ nó ‘gnáth-obráid’ (ghabh sé leithscéal léi faoi fhocail dá leithéid a úsáid) ar bun san ospidéal i rith an tsamhraidh.

Cuireadh an obráid ar ceal, trí huaire. Dúirt an dochtúir léi lá amháin go raibh sé buartha faoi mhéadú ar a meáchan. Dúirt sí leis go raibh na scoilteacha, nó airtríteas, ag cur as go mór di. Thug sí le fios dó nach raibh sí ag bogadh thart mar ba chóir mar gheall ar na pianta ina cos.

Deireadh Fómhair 2016

Lá eile, coinne obráide eile. Chuaigh a mac ina teannta arís. Coinníodh í ar feadh deich lá mar gheall ar nimhiú na cneá ina cos, ach cuireadh faoi scian í faoi dheireadh. Scaoileadh abhaile í. Dúirt dochtúir ospidéil léi gur chóir go mbeadh sí ar fónamh ‘i gceann cúpla mí’. Mhol sé di meáchan a chailliúint.

Tá sí dóchasach anois, agus buíoch, ainneoin gach rud. An fáth? Cuireadh cóir cheart leighis uirthi 18 mí tar éis di í a iarraidh.

De réir an daonáirimh is deireanaí (2011), tá os cionn leathmhilliún duine sa tír atá 65 bliain d’aois nó níos sine. Ba chóir go mbeadh náire ar thír ar bith ina bhfuil daoine aosta, nó saoránaigh ar bith, ag fulaingt mar a d’fhulaing an bhean seo. Ach an bhfuil?

 

Nóta: Níl gaol ná ceangal ar bith le scríbhneoir an cholúin seo ag an mbean atá faoi chaibidil sa scéal léanmhar thuas. Choinnigh a muintir sinn ar an eolas faoi na príomhshonraí agus dátaí le bliain go leith anuas Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar '‘Mhol an dochtúir glaoch ar 999 a luaithe is a bheadh paiste breá fola le feiceáil…’ – Gnáthscéal gnáthothair'

  • Fearn

    Níl fhios agam faoi náire na tíre, ach beadh sé áisiúil fháil amach cá bhfuil na baill laga sa chóras : Maoiniú? foireann? Scileanna? bainistíocht an chórais? bainistíocht chúram an othair roimh scian agus ina dhiadh?

    Ní shílim go fál go haer an t-éasc seo.