Mhaígh oifigeach sa Roinn Cumarsáide gur ‘nonsense codes’ a bheadh i gcóras cód poist nach mbeadh ag freagairt do logainmneacha

Is léir ar na cáipéisí atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise gurbh í an Ghaeilge an dris chosáin ba mhó a shamhlaigh an Roinn Cumarsáide le forbairt córas cód poist bunaithe ar logainmneacha

eircode

Mhaígh státseirbhíseach sa Roinn Cumarsáide gur “nonsense codes… that will satisfy no one” a bheadh i gcóras cód poist nach mbeadh ag freagairt do logainmneacha na hÉireann.

Agus ceist na logainmneacha Gaeilge sa chóras cód poist nua á plé ag oifigigh na Roinne Cumarsáide in 2010, dúirt an státseirbhíseach, i gcomhfhreagras atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, gur ‘seafóid’ a bheadh i gcóid phoist nach mbeadh litreacha iontu ag freagairt do logainmneacha na tíre.

Chuir an státseirbhíseach in iúl dá chomhghleacaithe go mbainfeadh fadhbanna áirithe le córas a bheadh ag freagairt do logainmneacha Béarla agus Gaeilge araon, ach ba mheasa fós córas nach mbeadh ag tagairt go soiléir do logainmneacha.

“One way out for these might be to use nonsense codes but that will satisfy no one and it’s a matter of what battles are to be picked,” a scríobh an t-oifigeach.

Is léir ar na cáipéisí atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise gurbh í an Ghaeilge an dris chosáin ba mhó a shamhlaigh an Roinn Cumarsáide le forbairt córas cód poist bunaithe ar logainmneacha.

Is léir freisin nach raibh sé i gceist riamh ag an Roinn córas a thabhairt isteach a bheadh bunaithe ar logainmneacha Gaeilge amháin. Pléadh córas faoina mbeadh gach cód poist ag freagairt do logainm Béarla agus Gaeilge araon, ach is cosúil gur tugadh cúl ar fad do na logainmneacha nuair a fuarthas go mbeadh deacrachtaí lena leithéid de chóras.

Mhol Bord Náisiúnta Thogra na gCód Poist (NPPB) sa bhliain 2006 go n-úsáidfí córas ‘ABC 123’ do na cóid nua ach sa deireadh fágadh an “precise postcode nomenclature” faoin gcomhlacht ar ar leagadh an cúram na cóid phoist a thabhairt isteach – Capita.

I dtuarascáil a chuir An Post faoi bhráid Ghrúpa Stiúrtha na gCód Poist i Meán Fómhair 2011, pléadh ceist na logainmneacha Gaeilge freisin. Dúradh sa tuarascáil sin go mba chuma leis an eagraíocht poist cé acu an mbainfí úsáid as logainmneacha Gaeilge nó Béarla sa chóras nua cód poist. Dúradh sa tuarascáil sin, áfach, go mbeadh deacrachtaí le haon chóras a dhéanfadh iarracht cóid phoist a bhunú a bheadh ag tagairt do logainmneacha Béarla agus Gaeilge araon.

Bhunaigh An Post a dtuarascáil ar mholadh an NPPB go n-úsáidfí múnla ‘ABC 123’ sna cóid nua.

Mar réiteach ar cheist na logainmneacha Gaeilge agus Béarla, dúirt An Post:

“Use of randomly generated post town designator codes could provide unique three letter codes without recourse to post town names in any language.”

Ba é an Comhchoiste Oireachtais um Chumarsáid ba thúisce a mhol, in 2010, go mbeadh cód uathúil ag gach aon seoladh.

Scríobh Conradh na Gaeilge chuig an Roinn in 2008 le cur in iúl d’Aire Cumarsáide na linne, Eamon Ryan, go mb’fhearr leo dá n-úsáidfí na logainmneacha Gaeilge mar bhunús don chóras nua in áit na logainmneacha Béarla.

Ar deireadh tugadh an conradh le córas cód poist nua a fhorbairt agus a thabhairt isteach in Éirinn don chomhlacht Capita a chruthaigh an córas Eircode.

Murab ionann agus tíortha eile ina sainíonn cóid phoist grúpa seoltaí nó ceantar, tugadh ‘Eircode’ uathúil do gach seoladh baile agus gnó.

Seoladh Eircode an samhradh seo caite agus bhain go leor conspóide leis an seoladh céanna. Bhain cuid den chonspóid sin le cúrsaí teanga. Mhaígh Conradh na Gaeilge go bhféadfadh suas is anuas le 50,000 logainm Gaeilge a bheith “mícheart, míchruinn nó go hiomlán in easnamh” ón mbunachar ar a raibh an córas nua bunaithe.

Bhain conspóid eile leis an scéal go raibh Eircode ag cur Béarla ar shloinnte Gaeilge sna litreacha ina raibh na cóid nua phoist á ndáileadh ar an bpobal.

Ní ar shloinnte Gaeilge amháin a chuir Eircode Béarla ach ar sheoltaí baile freisin.