#MeToo: mná ag tarraingt ar chorda an choscáin éigeandála

Le coicís anuas, tá scéalta faoi chiapadh gnéis á roinnt ag daoine ar fud an domhain faoin mana #MeToo. Spreag an feachtas ár gcolúnaí chun eachtra a tharla ina láthair féin a chur ar phár

#MeToo: mná ag tarraingt ar chorda an choscáin éigeandála

Le coicís anuas, tá scéalta faoi chiapadh gnéis á roinnt ag mná ar fud an domhain faoin mana #MeToo. Roinn dornán fear a scéalta pearsanta freisin, ach bhí blas an mea culpa ar mhórchuid dá raibh le rá ag tráchtairí fir faoin bhfeachtas.

Ní alt den chineál sin a bheidh sa cholún seo. 

Anuraidh, tharla eachtra i mo láthair féin a bhféadfaí ‘ciapadh gnéis’ a thabhairt uirthi. Ní dhearna mé tada chun stop a chur leis an eachtra, agus measaim fós, i ndiaidh a bhfuil scríofa ag mná agus fir faoin mana #MeToo, go ndearna mé an cinneadh ceart ag an am gan mo ladar a chur isteach sa scéal. Ní bhíonn an fíorshaol chomh dubh agus bán agus ba mhaith le ridirí ar-líne na moráltachta (fireanna agus baineanna) é a bheith.

Seo linn.

Cothrom an ama seo anuraidh, agus mé ar cuairt i mo thír dhúchais, an Ísiltír, bhí mé ar thraein ó dheisceart na tíre go Amsterdam. Bhí sé tar éis a deich an chlog san oíche agus bhí neart spáis sa charráiste. Bhí áit suí do cheathrar – dhá shuíochán in aice le chéile agus péire eile trasna uathu – agam dom féin. Bhí áit suí den chineál céanna di féin ag bean ar an taobh thall den phasáiste. Bean Ísiltíreach ina cuid tríochaidí a bhí inti. Bean mhealltach. Ard agus caol. Craiceann geal, gruaig fhionn. Mo dhála féin, bhí sí ina suí ag an bhfuinneog.

Ag stáisiún ’s Hertogenbosch tháinig fear isteach sa charráiste. Fear mealltach ina chuid tríochaidí a bhí ann. Ard agus féitheogach. Craiceann gorm, gruaig dhubh ghuaireach.

An chéad rud a rinne an fear ar theacht isteach sa charráiste dó ná breathnú ormsa, do mo mheas. Ansin shuigh sé síos ar an taobh thall den phasáiste, fiarthrasna ón mbean. Níor fhan sé san áit a raibh sé, áfach. Ní raibh an traein ach tar éis tarraingt amach as an stáisiún nó thosaigh an fear ag bogadh i dtreo na fuinneoige agus isteach i spás pearsanta na mná.

Ní manspreading a bhí ar bun aige go díreach mar bhí a rúitíní trasna ar a chéile aige, ach bhí a chosa fada sínte amach aige faoi shuíochán na mná. Tar éis nóiméid nó dhó, ní raibh fágtha idir an bheirt acu ach milliméadar. Bhí an bhean sáinnithe i gcúinne beag bídeach, dealaithe ón gcuid eile den charráiste ag an bhfear mar a dhéanfadh ainmhí creiche lena chreach.

Idir an dá linn, ar an taobh eile den phasáiste, bhí manspreading ar bun agamsa. Tharla sé sin gan chuimhneamh.

Thuig mé ón nóiméad gur chuir an fear na súile tríom ar theacht isteach an charráiste dó go raibh mo dhúshlán á thabhairt aige. Ar cheap sé go náireodh sé mé dá scuabfadh sé spéirbhean an charráiste leis? Más ea, is beag a thuig sé gur mhó mo dhúil ina leithéid féin ná sa spéirbhean bhocht.

Bíodh dúil ag fear i bhfir nó i mná, is ait an rud é an instinn fhireann. D’fhreagair mo cholainn do dhúshlán an fhir eile. Scar mé mo chosa go leathan, ag tógáil suas oiread spáis agus ab fhéidir liom, agus bhain searradh as mo ghéaga. Bhí mo chorp ag cur gothaí troda air féin – mar a dhéanfadh coileach a mbeadh coileach eile ag bagairt air.

Ach is ait an mac é inchinn an duine. Fad is a bhí steall fhlaithiúil aidréanailín á phumpáil isteach i mo chuid fola ag an gcuid is bunúsaí de mo nádúr bhí cuid eile, an intinn, ar a míle dícheall ag iarraidh smacht a choinneáil ar an aidréanailín céanna. 

‘Má deir tú rud ar bith leis an bhfear sin cuirfidh sé ciníochas i do leith,’ a dúirt an chuid sin de m’aigne. ‘Déarfaidh sé go bhfuil tú ag piocadh air toisc gur duine gorm é.’

Lean m’intinn ag obair léi.

‘Lena chois sin, chuile sheans nach dtaitneoidh sé leis an mbean sin a bheag nó a mhór má chuireann tusa do ladar isteach sa scéal. Tá mná an lae inniu breá ábalta seasamh suas dóibh féin agus seans maith go mbeidh sí maslaithe má thosaíonn tusa ag labhairt amach ar a son. “Fear eile ag iarraidh a léiriú gurb é féin fireannach alfa an charráiste,” a déarfaidh sí léi féin.’

Leis sin – an t-aidréanailín ag coipeadh i mo chuislí ach smacht á choinneáil ar an gceimiceán céanna ag an mian gan dímheas a léiriú ar dhuine gorm ná ar bhean – tháinig mé ar chinneadh.

Thiocfainn i gcabhair ar an mbean ar an bpointe boise dá n-iarrfadh sí orm teacht i gcabhair uirthi.

Níor iarr.

Lig sí uirthi féin nach raibh tada ag tarlú agus chaith leathuair an chloig sáite i scáileán a guthán póca.

Sheas sí amach i gcathair Utrecht, an chéad stáisiún eile, gan féachaint ar an bhfear gorm ná orm féin.

Arbh é Utrecht a ceann scríbe dáiríre nó ar fhan sí ar thraein eile ansin, a seacht mallacht á gcur aici, ar na meáin shóisialta, ar fhir uile an domhain – go háirithe ar an bhfear gorm sin a rinne ionradh mínáireach ar a spás pearsanta agus an fear geal úd ar an taobh thall den phasáiste nach ndearna tada chun teacht i gcabhair uirthi?

Déarfainn an méid seo léi agus le bean ar bith a bheadh i sáinn mar seo: ceann d’impleachtaí an fheimineachais ná nach féidir talamh slán a dhéanamh de, sa lá atá inniu ann, go dtiocfaidh fear i gcabhair, gan iarraidh, ar bhean i ngátar.

Sin ráite, is féidir cabhair a iarraidh. 

Tá coscán éigeandála i ngach carráiste traenach.

Tá na mná a bhain úsáid as an mana #MeToo le coicís anuas tar éis tarraingt ar chorda choscáin éigeandála mheafaraigh. Tá a gcrógacht le moladh. Thuig siad nach stopfaidh traein na sochaí as a stuaim féin.

Tá súil agam go dtabharfar aird ar a ngáir.

Fág freagra ar '#MeToo: mná ag tarraingt ar chorda an choscáin éigeandála'

  • Fearn

    An-alt!

  • Aisling

    Ar an luas ag teacht ar ais ó chluiche mhór peile. I bPáirc an Chrocaigh.
    É plódaithe. Scata páistí – bheul luath déagóirí – ina seasamh in aice liom. Bhí siad glórmhar. Ar shamhlaigh mé go raibh buachaill acu ag brú orm d’aon ghnó. Bhíos mí shuaimhneach. ‘Hey you will you teach me how to kiss’ arsa buachaill eile acu ag stanadh orm. Bhí cailiní sa ghrúpa ach iachall air stad as níor chuir. Bhí sé fós ag cur a aghaidh isteach orm. ‘Hey will ya, will ya’ corraí ionam. ‘If you say one more thing to me I’ll pull that emergency cord’ a dúirt. Tá fhios agam leoga an rud is cóir a dhéanamh de réir chomhairle- gan a bheith ciúin ach an duine eile a náiriú. Cén fath mar sin a raibh mo ghuth i mo chluasa chomh borb is mí-réasúnta seachas calma. Bhí siad óg. Ba mhuintir an lucht siúil iad. (daoine a bhíonn go breá de shíor) Thuring mé ón luas agus mé corraithe is bréan. An fhaitíos go raibh an lead óg tí mé a gropáil agus nach raibh dul as agus gur fhan chuile dhuine ina dtost. Nach raibh mé fhéin cróga go leor dó. Big deal? Sea.