Merkel arís, ach Alternative für Deutschland ag ceiliúradh

Tá deireadh ré sa nGearmáin ó inné agus san Eoraip dá réir, a deir ár gcolúnaí agus torthaí thoghchán na Gearmáine á gcíoradh aige

Merkel arís, ach Alternative für Deutschland ag ceiliúradh

Alternative für Deutschland

Inné in olltoghchán na Gearmáine, fuair AfD (Alternative für Deutschland) 12.8% de vóta na tíre. Den chéad uair ó tháinig Adolf Hitler i réim i 1932 más ea, tá a ndóthain vótaí faighte ag páirtí a chleachtann polasaithe faisisteacha le suí sa bparlaimint agus na polasaithe sin a chur chun cinn go dlisteanach.

I dtoghchán na bliana 2009, ní raibh a leithéid de pháirtí ar dhroim an tsaoil fós. I dtoghchán na bliana 2013, fuair siad 4.7% den vóta. Is méadú 200% ó shin a bhí i vóta an lae inné. Is in oirthear na tíre is mó atá tacaíocht don AfD. Tar éis an toghcháin, is iad AfD an dara páirtí is láidre san oirthear feasta. 21% ar an meán an vóta a fuair siad in oirthear na tíre. Ach in áiteacha faoi leith, i Sachsen, cuir i gcás, vótáil formhór na bhfear ar a son.

Is iad an AfD an páirtí is fearr a chruthaigh i dtoghchán an lae inné más forás seachas meath an tslat tomhais atá againn. Seo iad na figiúirí le trí thoghchán anuas ar mhaithe le comparáid: comhpháirtí an rialtais, an CDU-CSU – 34%, 41%, 33% i 2009, 2013 agus 2017 faoi seach; SPD – 23%, 26%, 21%; FDP (Páirtí an Rachmais) – 15%, 4.8%, 11%; Die Linke (An Páirtí Clé); 11%, 8%, 9% i 2009, 2013 agus 2017 faoi seach. Agus an AfD; 0%, 4.7%, 13%.

I bparlaimint náisiúnta na Gearmáine, an Bundestag, tá 690 suíochán ann ar fad. Comhrialtas a mbeidh níos lú ná 346 acu, is ar éigean a mhairfeas sé. Seo é líon na suíochán sa mBundestag feasta: CDU-CSU (‘Die Union’) – 239 suíochán; SPD – 149 suíochán; AfD – 94 suíochán; FDP – 77 suíochán; Die Linke – 66 suíochán; An Páirtí Glas – 65 suíochán.

De réir nós imeachta an Bundestag, páirtí nach bhfuil ar a laghad 5% de na suíocháin fúthu – an Fraktion – ní ceadmhach dóibh a bheith gníomhach in imeachtaí na parlaiminte. Idir 2013 agus 2017, nuair is rud ba lú ná 5% d’iomlán na bhfeisirí pairliminte a bhí i bhfeisirí AfD, bhí siad gan ‘Fraktion’ sa bParlaimint, agus iad ina dtost dá réir. As seo go dtí 2021, is páirtí láncháilithe a bheas san AfD. ‘Cuirfidh muide an ruaig ar Angela Merkel,’ arsa Alexander Gauland, duine de cheannairí Alternative für Deutschland.

Cén comhrialtas a bheas i gceannas na Gearmáine go ceann cheithre bliana más ea? Is léir dhá ní. Is ‘Fraktion’ dá gcuid féin a bheas in AfD. Agus is í Angela Merkel a bheas ina Príomh-Aire. Tá Merkel os cionn céad vóta gann ar mhóramh, áfach. Agus nuair nach bhfuil 100 suíochán ag páirtí ar bith eile, is baol gur comhrialtas ceithre pháirtí a bheas ann. ‘An tuar ceatha’ atá ar a leithéid i saol an Bhéarla. ‘An Iamáice’ a thugtar air sa nGearmáin – rialtas ‘ildaite’.

Is léir rud eile fós. I gcás an dá phríomhpháirtí araon, an CDU-CSU (‘Die Union’), agus an SPD, ba é toradh an lae inné an toradh ba mheasa le leathchéad bliain agus tuilleadh. Bíodh sin mar atá, níl sé i gceist ag Martin Schulz éirí as ceannas an pháirtí. Sin scéal mór ann féin. An dara scéal mór: ní mian leis an SPD a dhul i gcomhrialtas leis an CDU, bíodh an deis sin ann nó ná bíodh. Ag labhairt dó tar éis phraiseach an lae inné, dúirt Schulz gur mian leis na vótóirí an SPD a bheith ina pháirtí freasúra sa bParlaimint. Beidh sé féin dílis don vóta sin, arsa sé.

Scéal an AfD an scéal is mó ar fad áfach. Ní miste súil a chaitheamh siar ar an stair.. I mí Feabhra 1945, chaith comhghuaillithe Mheiriceá agus na Breataine Móire beagnach 4,000 tonna de bhuamaí ar chathair Dresden. Is buamaí tine i bhí i gcuid den ualach. Dódh an chathair go talamh. Maraíodh suas le 25,000 duine de lucht na cathrach. Go leor díobh sin, dódh ina steillbheatha iad. Carnadh na corpáin ar charranna na marbh ar fud na cathrach. Céard ba chúis leis an mbuamáil seo? An faisisteachas. Céard atá i réim i nDresden ó inné? An faisisteachas…

 

 

Fág freagra ar 'Merkel arís, ach Alternative für Deutschland ag ceiliúradh'