‘Mecca na nGael’ seolta i gCill Airne agus buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin fógartha

Ba é Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh a sheol Oireachtas na Samhna go hoifigiúil tráthnóna inniu i gCill Airne. Dúirt sé gurb ionann an fhéile agus ‘mecca na nGael’ agus d'fhógair sé go raibh na socruithe nach mór curtha i gcrích maidir le pacáiste airgeadais a chur ar fáil do 'Bhliain na Gaeilge 2018'

‘Mecca na nGael’ seolta i gCill Airne agus buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin fógartha

Tá Gradam Uí Shúilleabháin buaite ag Conaire Mór Seacht nDoras na Cinniúna le Diarmuid Johnson, insint nua-aimseartha ar scéal aitheanta béaloidis, foilsithe ag Leabhar Breac.

Bhronn Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, seic ar €3,000 ar Dharach Ó Scolaí (Leabhar Breac) agus seic ar €2,000 ar údar an tsaothair, Diarmuid Johnson ag seoladh oifigiúil Oireachtas na Samhna san Ionad INEC i gCill Airne tráthnóna. Bronnadh duaiseanna eile i gComórtais Liteartha an Oireachtais le linn na hócáide céanna agus tugadh aitheantas do scríbhneoirí i réimsí éagsúla den litríocht.

Agus Oireachtas na bliana seo á sheoladh go hoifigiúil aige i gCill Airne, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh gurb ionann an fhéile agus “mecca na nGael”.

“Is í an fhéile seo an fhíor-fhoinse atá againn a chothaíonn an Ghaeilge bheo – trí ardán a thabhairt do mhórfhorbairtí teanga in iliomad réimsí, ina measc, an nua-scríbhneoireacht, an fhoilsitheoireacht, na meáin chumarsáide, an teicneolaíocht, an fhiontraíocht agus, thar aon ní eile, na taibh-ealaíona.

D’fhógair an tAire Stáit chomh maith  go raibh na socruithe nach mór curtha i gcrích maidir le pacáiste airgeadais a chur ar fáil do ‘Bhliain na Gaeilge 2018’ agus thug sé le fios go go raibh tacaíocht an Taoisigh ag an gceiliúradh ar an nGaeilge atá beartaithe ag Conradh na Gaeilge an bhliain seo chugainn.

“Tá bliain thar a bheith speisialta romhainn in 2018.  Déanfaidh Conradh na Gaeilge an clár atá leagtha amach acu do Bhliain na Gaeilge atá le seoladh Dé Sathairn.

“Le cúpla mí anuas, tá oifigigh mo Roinne ag oibriú as lámha a chéile le Foras na Gaeilge, Údaras na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge agus leis na Ceanneagraíochtaí eile ar mhaithe leis an gcoincheap seo a thabhairt chun cinn. Tá comhráití ar bun faoi láthair ar mhaithe le pacáiste airgeadais a aontú d’imeachtaí na bliana agus táim dóchasach go bhfeicfidh muid toradh ar na cainteanna seo sula mbeidh Oireachtas na Samhna thart Dé Domhnaigh seo chugainn.

“Anuas ar thacaíocht ó mo Roinn féin, teastaíonn uaim go bhfaighidh Bliain na Gaeilge tacaíocht trasna an státchórais uile agus, chuige sin, beidh mé ag caint arís le mo chomhghleacaithe sa Rialtas sna seachtainí amach romhainn. Tá tacaíocht an Taoisigh, atá i Meiriceá inniu, faighte agam don togra cheana féin agus tá spéis léirithe aige Clár Iomlán Bliain na Gaeilge a sheoladh in éindí liom féin roimh an Nollaig,” a dúirt an tAire Stáit McHugh.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go raibh tábhacht ar leith ag baint leis an Oireachtais do phobal na Gaeilge.

“Deis iontach dúinne i bhForas na Gaeilge, agus d’earnáil na Gaeilge i gcoitinne, an chuid is fearr, is dearfaí agus is spleodraí dár saothar i gcaitheamh na bliana a cheiliúradh agus a chuir os comhar an tsaoil is ea Oireachtas na Samhna, ár bpríomhfhéile náisiúnta, a thugann Gaeil as gach aon chearn den tír le chéile chun ár gcultúr, ár dteanga agus ár n-ealaíona a chleachtadh agus a cheiliúradh,” a dúirt sé.

Sé leabhar a roghnaíodh ar ghearrliosta Ghradaim Uí Shúilleabháin na bliana seo, ar fiú €3,000 é d’fhoilsitheoir an tsaothair bhuacaigh agus €2,000 d’údar an leabhair féin.

Ar na saothair ar ghearrliosta na bliana seo do Ghradam Uí Shúilleabháin bhí eagrán nua de Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht.

Trí leabhar a bhí ag Cois Life ar an ngearrliosta Éagóir, le Seán Ó Cuirreáin, leabhar faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna, An tIriseoir úrscéal comhaimseartha le Michelle Nic Pháidín agus I dTír Mhilis na mBeo, cnuasach gearrscéalta le Colm Ó Ceallacháin. Cnuasach gearrscéalta atá sa

Bhí dhá leabhar a d’fhoilsigh Leabhar Breac ar ghearrliosta na bliana seo, Conaire Mór: Seacht nDoras na Cinniúna agus Corp an Duine Uasail, úrscéal grafaic le Pénélope a d’aistrigh Darach Ó Scolaí.

Beidh an tOireachtas ar siúl in Óstán an Gleneagle i gCill Airne as seo go dtí Dé Domhnaigh agus déanfar ceiliúradh ar “oidhreacht chultúir, teanga agus ealaíne na hÉireann” ann.

Cuirfear tús amárach leis na comórtais scéalaíochta, amhránaíochta, damhsa, ceoil, lúibíní, agallamh beirte agus dreas cainte, chomh maith lena lán imeachtaí eile.

Beidh Ceolchoirm an Oireachtais ar siúl san oíche amárach agus ceiliúradh á dhéanamh ar Oireachtas na Samhna a bhí ar siúl sa Daingean i gCiarraí 30 bliain ó shin.

I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar siúl as seo go ceann cúig lá beidh drámaí, díospóireachtaí, ceardlanna, seoltaí leabhair agus, ar ndóigh, Corn Uí Riada agus Steip.

Fág freagra ar '‘Mecca na nGael’ seolta i gCill Airne agus buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin fógartha'