Meascán Mearaí 08 – Gearóid agus an Garda (Cartlann 2017)

Meascán Mearaí 08 – Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

Meascán Mearaí 08 – Gearóid agus an Garda (Cartlann 2017)

Gníomhaíocht 1

Tá bearnaí sa chomhrá thíos. Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht caint Ghearóid a chumadh. Nuair atá sé déanta agaibh, déan an comhrá a aithris os ard.

Ghlaoigh úinéir an tsiopa áitiúil ar an nGarda mar gur mheas sé gur ghoid Gearóid rud éigin as an siopa. Tagann an Garda ar Ghearóid taobh amuigh den siopa. 

Garda: Céard atá tú a dhéanamh ansin?

Gearóid:

Garda: Cad a cheannaigh tú?

Gearóid:

Garda: Bhuel, fuaireamar glaoch sa stáisiún ag rá go raibh duine éigin ag goid as an siopa.

Gearóid:

Garda: Ní dúirt mé gur tú a bhí ann. An bhfuil admháil agat?

Gearóid:

Garda: Faoi mar a bheadh an nimh ar an aithne. Bhuel ní chreidim é sin.

Gearóid:

Garda: Úinéir an tsiopa a ghlaoigh orm. Tá deireadh na foighne sroichte aige mar go bhfuil leor goidte uaidh le mí anuas.

Gearóid:

Garda: Níl a fhios agam aon rud faoi sin. Rachaimid isteach ag an siopa agus féachfaimid ar an CCTV.

Gearóid:

Gníomhaíocht 2

Tá comhrá  samplach thíos. An féidir leat na bearnaí a líonadh. Nuair atá sé déanta agat, déan é a aithris os ard leis an duine in aice leat.

Gníomhaíocht 3

Ag obair leis an duine in aice  leat déan iarracht bhur gcomhrá féin a scríobh. Bain úsáid as cuid de na focail sa chomhrá samplach. Déan nathanna eile a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie

  • Nuair atá sé déanta agaibh, déan é a aithris os ard.
  • Déan é a aithris do bheirt eile agus éist leis an gcomhrá bhí acusan.

Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 08 – Gearóid agus an Garda (Cartlann 2017)'