Meascán Mearaí 07 – Rólghlacadh! (Cartlann 2017)

Meascán Mearaí 07 – Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

Meascán Mearaí 07 – Rólghlacadh! (Cartlann 2017)

Gníomhaíocht 1:

Ag obair le do pháirtnéir lig oraibh gurb sibh an bheirt ar bharr sa phictiúr seo. Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos. Úsáid bhur samhlaíocht!

  1. Cén chaoi a mothaíonn siad?
  2. Cén chuma atá orthu?
  3. Céard faoi a bhfuil siad ag caint?
  4. Céard a tharla roimhe seo?
  5. Céard a tharla ina dhiaidh seo?

Gníomhaíocht 2:

Bog ar aghaidh chuig duine éigin eile agus déan an méid atá scríofa agaibh a phlé.

Gníomhaíocht 3:

Cúpla nóiméad ina dhiaidh seo buaileann an cailín ar dheis lena cara. Scríobh an comhrá a bheadh eatarthu.

Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

Cuir brón agus fearg in iúl, bíodh maslaí sa chomhrá, cuir in iúl cad dúradh fúithi, déan soléiriú a lorg, abair cad a tharlóidh amach anseo.

Gníomhaíocht 4:

Bog ar aghaidh go dtí duine eile agus déan do chomhrá, agus a c(h)omhrá siúd, a aithris.

Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 07 – Rólghlacadh! (Cartlann 2017)'