Meascán Mearaí 07 – Cé a rinne é? (Cartlann 2016)

FOGHLAIMEOIRÍ: Is bleachtairí tú féin agus do leathbhádóir… níl le déanamh agaibh ach a fháil amach cé a rinne é!

Cartoon-baddies-FP1

Is bleachtairí tú féin agus do leathbhádóir agus tá oraibh fiosruithe agus iniúchadh a dhéanamh ar choireanna.

Thíos tá roinnt eolais faoi chás atá idir lámha agaibh i láthair na huaire. Níl an t-eolas seo ag an bpobal.

Ar dtús tá cur síos ar an gcoir agus na fíricí eile a bhaineann leis an gcás.

Ina dhiaidh sin tá eolas/cuntas ó thriúr a bhfuil sibh in amhras fúthu.

Tá duine acu, ar shlí amháin nó ar shlí eile, tar éis tabhairt le fios go bhfuil siad ciontach.

Léigh an méid thíos go cúramach agus déan iarracht an mhéar a shíneadh.

Fíricí:

  • Arú aréir rinneadh damáiste don Ionad Pobail.
  • Briseadh dhá fhuinneog, cuireadh graifítí ar an mballa agus goideadh rothar.
  • Tharla na heachtraí seo idir 17.00 agus 18.00.
  • Bhí Rúnaí san oifig óna 15.00 go dtí 21.00. Níor fhág sí ag am ar bith agus ní fhaca sí tada.
  • Bhí airíoch ar chúl an fhoirgnimh ag glanadh an chlóis agus an tseomra stórála óna 16.00 go dtí 19.30. Ní fhaca sé aon duine. 
  • Bhí traenáil dornálaíochta ar siúl sa halla ó 17.00 – 18.00.
  • Bhí rang ealaíne do chailíní óga ag tosú ag 18.30 i seomra in airde staighre.
  • Chríochnaigh traenáil cispheile do bhuachaillí ag 16.30.
  • Chonacthas triúr daoine óga le húdaithe dubha ag útamáil timpeall.     
  • Chonaic finné an triúr agus deir sí gur thit duine acu agus gur gortaíodh é/í go dona.

Donal

  • Ghortaigh mé mo ghlúin ag imirt peile an tseachtain seo caite. Tá nóta dochtúra agam.
  • Chuaigh mé síos chuig an Ionad timpeall a 18.00 le mo dheirfiúr a fhágáil ag an rang ealaíne.
  • Ní fhaca mé an t-airíoch ach bhí an rúnaí san oifig agus chonaic sí ag imeacht mé.
  • Shiúil mé abhaile mar níl rothar ná carr agam.
  • Tá húdaí dubh agam.

Gearóid an Ghama

  • Tá húdaí dubh agam.
  • Níor shroich mé an tIonad go dtí a 18.15.
  • Bhí traenáil cispheile agam 15 nóiméad ina dhiaidh sin.
  • Chonaic an t-airíoch mé.
  • Ní fhaca mé aon duine taobh amuigh.
  • D’imigh mé abhaile i mo charr.
  • Tá rothar agam ach tá sé briste faoi láthair.
  • Ghortaigh mé mo ghlúin maidin inniu nuair a thit mé ag teacht amach as an teach.

Orla

  • Tá húdaí dubh agam.
  • Chonaic mé buíon déagóirí taobh amuigh den doras.
  • Níor aithin mé duine ar bith acu. Bhí cuma amhrasach orthu.
  • Bhí mé ag féachaint timpeall don airíoch len é a rá leis ach ní raibh sé le feiceáil. Rinne mé dearmad air ansin.
  • Níl mo ghlúin gortaithe.
  • Shroich mé an tIonad ag 17.55 le bualadh le mo bhuachaill a bhí ag an traenáil dornálaíochta.
  • Níl mo ghlúin gortaithe.


 

Cé a rinne é?

Cliceáil anseo

 

Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 07 – Cé a rinne é? (Cartlann 2016)'