Meascán Mearaí 06 – Achrann idir Bríd agus Seán (Cartlann 2017)

Meascán Mearaí 06 – Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

Meascán Mearaí 06 – Achrann idir Bríd agus Seán (Cartlann 2017)

Gníomhaíocht 1:

Tá bearnaí sa chomhrá thíos. Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht caint Sheáin a chumadh. Nuair atá sé déanta agaibh déan an comhrá a aithris os ard.

Tá Bríd in amhras gur ghoid Seán airgead óna sparán ag am lóin.. Téann sí a fhad leis chun an scéal a fhiosrú.

Bríd: An raibh tú i seomra ranga bhliain 6 ag am lóin.
Seán:
Bríd: Ó! Ní raibh a fhios agam sin. Cheapas go raibh sé sin ar siúl arú inné.
Seán:
Bríd: Bhuel tógadh airgead as mo sparán inné agus tá mé cinnte gur tharla sé ag am lóin.
Seán:
Bríd: Nílim, ach dúirt Síle go bhfaca sí tú ag dul isteach sa seomra ranga ag am lóin.
Seán:
Bríd: Creidim ach tá mé an-churtha amach faoi seo. Tógadh breis agus €50 uaim agus bhí sé ag teastáil go géar uaim.
Seán:
Bríd: Níor chuala mé é sin. B’fhéidir go mba cheart dul dul chun cainte leis.
Seán:

Gníomhaíocht 2:

Gníomhaíocht 3:

Ag obair leis an duine in aice  leat, déan iarracht bhur gcomhrá féin a scríobh. Bain úsáid as cuid de na focail sa chomhrá samplach. Déan nathanna eile a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie

  • Nuair atá sin déanta déan é a aithris os ard.
  • Déan é a aithris do bheirt eile agus éist leis an gcomhrá bhí acusan.

Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 06 – Achrann idir Bríd agus Seán (Cartlann 2017)'