Meascán Mearaí 04 – Rólghlacadh (Cartlann 2017)

Meascán Mearaí 04 – Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

Meascán Mearaí 04 – Rólghlacadh (Cartlann 2017)

1) Ag obair le do pháirtí lig ort gur sibh an bheirt atá sa phictiúr seo. Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos. Úsáid bhur shamhlaíocht!

    1. Cén chaoi a mothaíonn an fear ar dheis agus an fear ar chlé?
    2. Cén chuma atá orthu?
    3. Céard faoi atá siad ag caint?
    4. Céard a tharla roimhe seo?
    5. Céard a tharla ina dhiaidh seo?

2) Bog ar aghaidh chuig duine éigin eile agus déan an méid atá scríofa agaibh a phlé.

3) Cúpla nóiméad i ndiaidh na heachtra seo buaileann an fear ar dheis lena chara. Scríobh an comhrá a bheadh eatarthu.
Noda/Feidhmeanna Teanga:

  1. Déan cur síos ar an méid a bhí sa chéad chomhrá?
  2. Cuir mothúcháin cosúil le himní agus fearg in iúl.
  3. Bíodh cur síos ar argóint.
  4. Bíodh rabhadh/foláireamh i gceist.
  5. Cuir tuairimí in iúl

4) Bog ar aghaidh go dtí duine eile agus déan do chomhrá, agus a c(h)omhrá siúd, a aithris.