Meascán Mearaí 03 – Liam agus an Bainisteoir (Cartlann 2017)

Meascán Mearaí 03 – Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

Meascán Mearaí 03 – Liam agus an Bainisteoir (Cartlann 2017)

Gníomhaíocht 1

Tá an bainisteoir na foirne peile ag caint le Liam. Tá an comhrá a bhí eatarthu scríofa thíos ach tá caint duine acu fágtha bán. Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht caint Liam a chumadh. Nuair atá sé déanta agaibh déan an comhrá a aithris os ard.

Bainisteoir: Tá drochscéal agam duit .

Liam:

Bainisteoir: Tá cinneadh déanta agam féin agus na roghnóirí gan tú a thosú sa chluiche ceannais.

Liam:

Bainisteoir: Bhí a fhios againn sin agus sin cúis eile gan tú a roghnú.

Liam:

Bainisteoir: Ní hionann traenáil agus cluiche. Tá a fhios agatsa é sin níos fearr ná éinne.

Liam:

Bainisteoir: Tá go leor imreoirí maithe againn agus beimid in ann tú a thabhairt isteach nuair a bheidh an cluiche idir dhá cheann na meá.

Liam:

Bainisteoir: Is dócha go bhféadfaimis é sin a dhéanamh ceart go leor.

Liam:

Gníomhaíocht 2

Tá comhrá samplach thíos. An féidir leat na bearnaí a líonadh. Nuair atá sé déanta déan é a aithris os ard leis an duine in aice leat.

Gníomhaíocht 3

3) Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht bhur gcomhrá féin a scríobh. Bain úsáid as cuid de na focail sa chomhrá samplach. Déan nathanna eile a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie

  • Nuair atá sé déanta déan é a aithris os ard.
  • Déan é a aithris do bheirt eile agus éist leis an gcomhrá bhí acusan.

Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 03 – Liam agus an Bainisteoir (Cartlann 2017)'