Meascán Mearaí 02 – Rólghlacadh! (Cartlann 2016)

Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: Pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

Déanta - MM 02

1) Lig ort gur tú an fear atá sa phictiúr seo. Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos. Úsáid do shamhlaíocht!

  1. Cén chaoi a mothaíonn tú?
  2. Cén chuma atá ort?
  3. Céard faoi a bhfuil tú ag smaoineamh?
  4. Céard a tharla roimhe seo?
  5. Céard a tharla ina dhiaidh seo?

2) Déan an méid a scríobh tú a roinnt leis an duine in aice leat.

3) Cúpla nóiméad ina dhiaidh seo buaileann tú leis an mbainisteoir atá agat ag an obair. Ag obair leis an duine in aice leat scríobh an comhrá a bheadh eadraibh.

4) Bog ar aghaidh go dtí duine eile agus déan do chomhrá, agus a c(h)omhrá siúd, a aithris.

Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

Tabhair sonraí pearsanta, cuir mothúcháin in iúl (buairt, b’fhéidir); tabhair geallúint, cuir cinnteacht nó éiginnteacht in iúl, bíodh malairt tuairimí/easaontas sa chomhrá.

Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 02 – Rólghlacadh! (Cartlann 2016)'