Meascán Mearaí 02 – Cé a rinne é? (Cartlann 2017)

FOGHLAIMEOIRÍ: Is bleachtairí tú féin agus do leathbhádóir… níl le déanamh agaibh ach a fháil amach cé a rinne é!

Meascán Mearaí 02 – Cé a rinne é? (Cartlann 2017)

Cartoon-baddies-FP1

Is bleachtairí tú féin agus do leathbhádóir agus tá oraibh fiosruithe agus iniúchadh a dhéanamh ar choireanna. Thíos tá roinnt eolais faoi gcás atá idir lámha agaibh i láthair na huaire. Ar dtús tá cur síos ar an gcoir agus na fíricí eile a bhaineann leis an gcás. Ina dhiaidh sin tá eolas/cuntas ó thriúr go bhfuil sibh in amhras fúthu. Tá duine acu, ar shlí amháin nó ar shlí eile, tar éis tabhairt le fios go bhfuil siad ciontach. Léigh an méid thíos go cúramach agus déan iarracht an mhéar a shíneadh

Fíricí:(níl siad seo ar eolas ach ag na Gardaí)

  • Maidin Dé Domhnaigh idir 10.00 agus a 11.00, briseadh isteach san ollmhargadh áitiúil ar an mbaile.
  • Goideadh €50,000 agus dhá theilifís.
  • Briseadh isteach tríd an doras cúil.
  • Chonacthas beirt a raibh cótaí dubha orthu ag éalú ar ghluaisrothar dearg.
  • Bhí camán agus slacán daorchluiche á n–iompar acu.
  • Bhí úinéir an tsiopa ina oifig in airde staighre agus ní fhaca sé tada.
  • Tá an dochtúir teaghlaigh áitiúil béal dorais ach bhí a oifig dúnta mar go raibh sé ar laethanta saoire.
  • Tá teach tábhairne ar an taobh eile. Bhí fear an tí amuigh ag glanadh an chosáin. Ní fhaca sé aon rud.
  • Bhí an sagart áitiúil ag dul thar bráid ag an am. Bhí Aifreann aige ag a 12.00. Ní fhaca sé tada.

Ráitis:(níl siad seo ar eolas ach ag na Gardaí)

Léan na Lúbaireachta

  • Bhí mé ag siúl an mhadra ag an am sin.
  • Stop mé ag an teach tábhairne agus labhair mé le fear an tí ar feadh scaithimh.
  • Tamall ina dhiaidh sin chonaic mé beirt ar ghluaisrothar ag tiomáint ar luas lasrach.
  • Bhí an ghluaisrothar dearg agus bhí cótaí dubha orthu.
  • Chuala mé gur goideadh €10,000.
  • Imrím camógaíocht agus tá dhá chamán sa mbaile agam.

Sean Sleamhain

  • Tá gluaisrothar dubh agam.
  • Tá cóta dubh agam.
  • Bhí mé ag iarraidh dul ag an dochtúir an mhaidin sin ach bhí an oifig dúnta.
  • Chonaic mé Léan na Lúbaireachta ag labhairt le fear an tí tábhairne.
  • Bheannaigh mé dóibh agus shiúil mé tharstu.
  • Chuaigh mé abhaile agus chuaigh mé a chodladh.
  • Ní raibh éinne sa teach liom.
  • Tá teilifís nua agam.

Micheal Mallaithe

  • Bhí mé ag an Aifreann ag an am sin.
  • Chuaigh mé abhaile díreach ina dhiaidh sin agus bhí béile agam le mo thuismitheoirí (tá seo deimhnithe ag a thuismitheoirí).
  • Níl aon ghluaisrothar agam.
  • Ní fhaca mé aon duine ar an tsráid.
  • Téim isteach san ollmhargadh go rialta ach  ní raibh a fhios agam go raibh doras cúil ann.

 


 

Cé a rinne é?

Cliceáil anseo

 

Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 02 – Cé a rinne é? (Cartlann 2017)'