Meascán Mearaí 01- Cé a rinne é? (Cartlann 2016)

FOGHLAIMEOIRÍ: Is bleachtairí tú féin agus do leathbhádóir... níl le déanamh agaibh ach fáil amach cé a rinne é!

An Scéal

Is bleachtairí tú féin agus do leathbhádóir agus tá oraibh fiosruithe agus iniúchadh a dhéanamh ar choireanna. Thíos tá roinnt eolais faoi chás atá idir lámha agaibh i láthair na huaire. Ar dtús, tá cur síos ar an gcoir agus na fíricí eile a bhaineann leis an gcás. Ina dhiaidh sin, tá eolas/cuntas ó thriúr a bhfuil sibh in amhras fúthu. Tá duine acu, ar shlí amháin nó ar shlí eile, tar éis a thabhairt le fios go bhfuil siad ciontach. Léigh an méid thíos go cúramach agus déan iarracht an mhéar a shíneadh.

Na Fíricí

  • Tráthnóna Dé Céadaoin seo caite idir a 4.00i.n. agus 5.00i.n goideadh €350 ó oifig na scoile.
  • Bhí an t-airgead i gclúdach litreach gorm i mbosca oráiste.
  • Bhí an bosca faoi ghlas i dtaisceadán san oifig.
  • Briseadh isteach sa taisceadán le huirlis éigin, a tógadh ón seomra adhmadóireachta.
  • Chonacthas gluaisteán bán ag fágaint na scoile timpeall an ama sin.
  • Na daoine a bhí sa scoil ag an am ná:
  • An Príomhoide, a bhí ag obair in oifig eile.
  • An Rúnaí, a bhí ag cabhrú leis an nglantóir i seomra na ríomhairí.
  • Bhí grúpa ceol traidisúnta ag cleachtadh faoi stiúir an Mháistreás Ní Shé.
  • Bhí foireann peile na gcailíní ag traenáil leis an Máistir Ó Cinnéide.
  • Bhí grúpa eile ag obair ar an tionscadal adhmadóireachta leis an Máistir Ó Riain.

Ráitis

 

Lisa na Lúbaireachta

  • D’fhan mé ag caint leis an múinteoir Béarla tar éis an ranga dheireanaigh.
  • Timpeall a ceathair chuaigh mé chuig an seomra ina raibh an ceol traidisiúnta ar siúl.
  • Bhí dearmad déanta agam ar m’fheadóg stáin agus b’éigean dom dul ar ais chuig mo thaisceadán.
  • Ní fhaca mé aon duine ag an oifig, ná timpeall na hoifige.
  • Níl aon charr agam ach tá carr bán ag duine de na buachaillí sa rang, is dóigh liom.
  • Bhí a fhios agam go raibh go leor airgid san oifig. Níl a fhios agam cé a thóg an t-airgead.
  • D’fhág mé an scoil ag a 5.20i.n.
  • Thug mo mháthair síob abhaile dom.

 

  • Níl aon charr agam agus níl aithne agam ar aon duine le carr bán.
  • Bhí mé sa scoil ag an am.
  • An rang deireanach a bhí agam ná Fraincis agus bhí orm dul suas go hurlár a trí chun mo leabhair a thógáil as mo thaisceadán.
  • Bhí sé deich tar éis a ceathair sular tháinig mé anuas staighre arís.
  • Thug mé nóta don rúnaí san oifig agus chuaigh mé chuig an traenáil peile.
  • Ní raibh a fhios agam go raibh cúpla céad euro san oifig.
  • Níl a fhios agam cé a thóg é agus ní fhaca mé éinne le bosca oráiste.
  • Thiomáin mé abhaile timpeall ag 5.20 i.n.

 

Micheal Mallaithe

  • Níl aon charr bán agam; tagaim ar scoil ar an rothar.
  • Bhí a fhios agam go raibh go leor airgid san oifig, cúpla míle euro, b’fhéidir.
  • Bhí mé ag obair ar an tionscamh adhmadóireachta óna 3.50 i.n. go dtí tar éis a 5.00i.n.
  • Bhí an múinteoir adhmadóireachta liom an t-am ar fad. Bhí sé sa seomra romham. (Tá sé seo dearbhaithe ag an múinteoir atá i gceist).
  • Ag a 4.30in. chuaigh mé chuig an leithreas.
  • Ag a 4.50i.n. chuaigh mé chuig an seomra ríomhairí le ríomphost faoin tionscnamh a sheoladh. Bhuail mé leis an nglantóir agus an rúnaí ansin.
  • Nuair a bhí mé críochnaithe sa rang chuaigh mé amach an doras cúil in éineacht leis na daoine eile agus chuaigh mé abhaile ar mo rothar.

Cé a rinne é?

Cliceáil anseo

Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 01- Cé a rinne é? (Cartlann 2016)'

  • Bríd

    Seán Sleamhai

    “Thug mé nóta don rúnaí san oifig agus chuaigh mé chuig an traenáil peile.”

    … ach bhí an rúnaí i seomra na ríomhairí ag an am.