1) Ag obair le do pháirtí lig oraibh gur sibh an fear agus an bhean atá sa phictiúr seo. Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos. Úsáid do shamhlaíocht!
- Cén chaoi a mothaíonn siad?
- Cén chuma atá orthu?
- Céard faoi a bhfuil siad ag caint?
- Céard a tharla roimhe seo?
- Céard a tharla ina dhiaidh seo?
2) Bog ar aghaidh chuig duine éigin eile agus déan an méid atá scríofa agaibh a phlé.
3) Cúpla nóiméad ina dhiaidh seo buaileann an fear leis an an duine a raibh siad ag caint faoi. Scríobh an comhrá a bheadh eatarthu.
Nodanna/Feidhmeanna Teanga
Cuir míshástacht in iúl, bíodh maslaí sa chomhrá, tabhair cúis an easaontais, tabhair rabhadh, cuir fearg in iúl.
4) Bog ar aghaidh go dtí duine eile agus déan do chomhrá, agus a c(h)omhrá siúd, a aithris.
Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 01 – Rólghlacadh! (Cartlann 2017)'