Méara Éireannach Boston ag súil le ciníocha na cathrach a thabhairt le chéile

Creideann Marty Walsh gur ceart éisteacht phoiblí a thabhairt do chás na mionlach agus na scéalta a chloisteáil as a mbéal féin

Méara Éireannach Boston ag súil le ciníocha na cathrach a thabhairt le chéile

Trí seachtaine ó shin chuala mé Méara Bhoston, Marty Walsh, ag labhairt ar an imirce.  Ócáid a bhí ann san Irish Social Club i West Roxbury i mBoston.  Bhíothas ag bailiú airgid le haghaidh ciste Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna i gConamara.  Tionscnamh é atá gar do chroí an Mhéara.

Labhair an Méara faoina mhuintir féin as Ros Muc agus as Carna, faoin gcaoi a raibh an saol crua orthu i gConamara sna 1950idí agus faoin gcosán a thógadar go Boston le súil agus go mbeadh saol níos fearr acu.  Ní hé amháin sin, ach le súil agus go dtabharfadh an saothrú sna Stáit Aontaithe deis dóibh cuidiú leis an mbaile i gConamara. 

Is téama é a bhfilleann an Méara go minic air agus tugann a chúlra pearsanta tuiscint do Mharty Walsh ar shaol an té atá faoi chois agus faoi na deacrachtaí atá le sárú ag mionlaigh.

An oíche Shathairn seo caite – trí seachtaine go díreach ón oíche úd i measc a mhuintire féin, bhí an Méara Walsh ar stáitse eile agus é ag iarraidh caidreamh níos fearr a chothú i measc na gciníocha éagsúla atá i bpríomhchathair Massachusetts anois. 

Bhailigh beagnach 1,000 isteach sa Cutters Theatre chuig an ócáid seo a d’eagraigh an Méara Walsh féin.  Ócáid i bhfad níos corraithe a bhí inti i gcomórtas leis an oíche ghealgháireach san Irish Social Club i West Roxbury. 

Léirigh na mionlaigh agus cainteoirí dá gcuid gur airigh siad nach bhfuil cothrom na féinne á fháil acu fós.

Mhúscail Marty Walsh tacaíocht láidir i measc an chine dhuibh i mBoston ina fheachtas do thoghchán 2013 nuair a bhuaigh sé post an Mhéara.  Chuaigh scéal pearsanta Mharty féin i gcion go mór ar na vótóirí sin.   Bhí macalla scéal Mharty i measc na mionlach uilig.  Mac imirceoirí a tháinig as tír bhocht, an tráth sin, fear óg a raibh tinneas agus trioblóidí eile le sárú aige, fear arbh éigean dó fanacht nó go raibh saothrú aige féin sula bhfuair sé céim ollscoile, agus fear a tháinig go barr uisce beag beann air sin uilig.   Tá an Méara Walsh anois ag dul go bun an údair agus creideann sé gur cheart éisteacht phoiblí a thabhairt do chás na mionlach agus na scéalta a chloisteáil as a mbéal féin.  Sin é a bhí ar bun ar an Satharn seo caite. 

Tá Boston, a bunaíodh i 1630, ar cheann de na cathracha is sine sna Stáit Aontaithe.  Is ann a bhí an chéad scoil phoiblí sa tír, an chéad pháirc phobail agus an chéad chóras traenach faoi thalamh sna Stáit Aontaithe.  Tá cáil idirnáisiúnta ar Bhoston ó taobh feabhas a chuid ospidéal agus coláistí agus mar gheall ar a cheannródaíocht i gcúrsaí gnó. Tá cuimse oibre sa gcathair anois agus obair thógála ar bun go tréan ann. Is gearr go lonnóidh General Electric, ceann de mhórchomhlachtaí na Stát Aontaithe, a gceanncheathrú ansin. 

Ach gan bhuíochas de sin, thaispeáin tuarascáil ó Institiúid Brookings i Washington níos túisce i mbliana go bhfuil Boston ar an gcathair is measa uilig sna Stáit Aontaithe ó thaobh míchothromaíochta de. Níl na mionlaigh ag fáil cothrom na Féinne, ná gar dó.

Is díol spéise é, i bhfianaise na staire de, gur Méara Gael-Mheiriceánach atá ag cur tús leis an iarracht seo le caidreamh agus suáilceas a neartú idir na ciníocha éagsúla sa gcathair. Mhair teannas a tharla idir an cine dubh agus sliocht na hÉireann sa gcathair ar feadh i bhfad – b’in í conspóid na ‘busála’ i 1974.  ‘Busing’ a tugadh ar an nós gasúir den chine dubh agus gasúir den chine bán a mheascadh in éineacht sna scoileanna seachas iad a bheith lonnaithe i gcónaí ina gceantair féin. 

Spréach muintir South Boston agus scaip an scéal ar fud na Stát agus níos faide ó bhaile; ní rabhadar ag iarraidh go dtabharfaí a gcuid gasúr ar bhusanna amach go ceantar dubh Roxbury ná go mbeadh meascán dubh agus bán sna scoileanna sin acu féin. 

Dúradar go mba dhona an rud go ndéanfaí lagan ar na pobail thraidisiúnta. Leagan eile den scéal a bhíodh ar na meáin chumarsáide. Bhí South Boston, a dúradh, in aghaidh an chine dhuibh.  Ar ndóigh, ba de bhunadh na hÉireann cuimse de phobal South Boston, go deimhin ba as iarthar na hÉireann go leor acu.  Ní miste a rá go bhfuil formhór na ndaoine anois, lucht oideachais ina measc, ar an intinn nach raibh an ‘bhusáil’ leagtha amach go maith mar chóras agus gur theip ar. Ach d’fhan lorg an aighnis sin ar Bhoston ar feadh i bhfad.

Pé scéal é, tá os cionn 40 bliain imithe tharainn ó shin agus tá dath na cathrach athraithe go mór.  De réir na gcuntas is deireanaí, is mar seo atá céatadáin na  gciníocha éagsúla anois:

An cine geal ……………..47%.

An cine dubh…………….22%

An pobal Latino…….18%

Áisigh……. 9%

Tíortha eile ……………………4% 

I gcomórtas le 1980, tá an pobal geal laghdaithe go mór, tá an cine dubh fanta mórán mar a chéile ach tá méadú ag teacht as éadan ar phobail Mheiriceá Theas agus na hÁise i mBoston.  Ach beidh an gearán atá ag an bpobal den chine dubh ar an rud is mó a bheidh faoi chaibidil go fóill– gearán atá ag dul i bhfad siar sa stair i Meiriceá.  Tá an Méara Éireannach ag iarraidh na téada seo uilig a tharraingt ina chéile agus trust is iontaoibh a chothú.  Admhaíonn sé gur obair chasta, fhadálach a bheidh inti ach nach ceart cúlú uaithi.

An oíche sin trí seachtaine ó shin, oíche na hócáide san Irish Social Club i West Roxbury, bhí ceathrar as ceantar Cape Cod ar a mbealach chuig an Ionad ach níor shroich siad an áit.  Tháinig scéala uathu an lá dár gcionn agus iad ag gabháil leithscéil.  Chuadar amú agus i ngan fhios díobh féin bhíodar istigh i Roxbury seachas i West Roxbury an Irish Social Club. 

Tá difríocht mhór idir an dá áit. 

Thógadar an casadh mícheart ón mbóthar mór agus bhíodar i gcroílár cheantar  an chine dhuibh.  Níor chuireadar aon cheist eile.  Chas siad agus thug an bóthar abhaile orthu féin chomh tréan agus a d’fhéadfaidís – agus roinnt scéine iontu. 

Dhéanfadh cuimse den chine gheal an rud céanna. Sampla é sin den easpa trusta agus muiníne idir an pobal geal agus an pobal dubh i mBoston i gcónaí.