Méadú suntasach ar úsáid na Gaeilge ar Twitter le linn Sheachtain na Gaeilge – anailís nua

Léiríonn figiúirí atá curtha ar fáil ag an Ollamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri do Tuairisc.ie gur seoladh 1,255 giolc in aghaidh an lae, ar an meán, le linn Sheachtain na Gaeilge, a bhí ar siúl ar feadh 17 lá ón gcéad lá de mhí Mhárta go dtí Lá Fhéile Pádraig

Méadú suntasach ar úsáid na Gaeilge ar Twitter le linn Sheachtain na Gaeilge – anailís nua

Seoladh os cionn 21,000 giolc i nGaeilge i gcaitheamh Sheachtain na Gaeilge 2017.

Is iondúil go bhfoilsítear idir 950 agus 1,000 teachtaireacht i nGaeilge ar Twitter gach lá, ach tháinig borradh faoi líon na ngiolcacha i nGaeilge le linn na féile idirnáisiúnta teanga.

Léiríonn figiúirí atá curtha ar fáil ag an Ollamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri do Tuairisc.ie gur seoladh 1,255 giolc in aghaidh an lae, ar an meán, le linn Sheachtain na Gaeilge, a bhí ar siúl ar feadh 17 lá ón gcéad lá de mhí Mhárta go Lá Fhéile Phádraig.

Cé go raibh feachtas speisialta, ‘Lá na Meán Sóisialta’ ar bun ag Conradh na Gaeilge ar an 16 Márta le go mbeadh níos mó Gaeilge ar na meáin shóisialta trí chéile, ba ar an 3 Márta, lá an toghcháin ó thuaidh, a seoladh an líon is mó giolcacha Gaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge — 2,095.

Ba é Lá na Meán Sóisialta an dara lá ab fhearr ó thaobh líon na dteachtaireachtaí Gaeilge ar Twitter, nuair a chuir úsáideoirí an tsuímh 1,810 giolc amach. Seoladh beagnach an líon céanna giolcacha Gaeilge an lá dár gcionn, Lá Fhéile Pádraig féin.

Tá liosta na haischlibeanna is mó a bhí i mbéal phobal na Gaeilge i gcaitheamh na féile curtha ar fáil ag Scannell freisin, agus haischlib oifigúil na féile #SnaG17 ar bharr an liosta sin. Sa dara háit bhí haischlib neamhoifigiúil na féile, #SnaG2017, a bhí in úsáid go forleathan chomh maith leis an haischlib oifigiúil i gcaitheamh na coicíse.

Ar na haischilbeanna eile a bhí i mbéal phobal na Gaeilge bhí #LNMS17, haischlib oifigiúil Lá na Meán Sóisialta, #AE17, haischlib oifigiúil thoghchán Stormont, #iwd2017, haischlib oifigiúil Lá Idirnáisiúnta na mBan, #stpatricksday, #ceol2017, a bhaineann leis an albam Gaeilge a seoladh le linn na seachtaine, agus #aimsir, an t-ábhar cainte is fearr le hÉireannaigh.

Bhí go leor cainte ann freisin faoin Acht Gaeilge ó thuaidh agus na hagóidí teanga a bhí ar bun i mBéal Feirste agus in áiteanna eile ar fud an Tuaiscirt le cúpla mí anuas faoi na haischlibeanna #achtanois agus #dearglefearg.

De réir na h-anailíse is deireanaí a rinne Scannell ar ghnáthúsáid na Gaeilge ar Twitter, tuairim is bliain ó shin, tá thart ar 770 giolcaire a labhraíonn Gaeilge go minic ar an suíomh meán sóisialta agus cuireann siad amach tuairim is 6,000 giolc i nGaeilge gach seachtain.

Is giolcairí ‘aonteangacha’ iad 114 cuntas acu sin (a mbíonn os cionn 70% den ábhar  i nGaeilge amháin acu), ach nuair a bhaintear na heagraíochtaí Gaeilge den liosta, níl fágtha ach 40 duine aonair a bhíonn ag giolcaireacht go príomha i nGaeilge gach seachtain.

D’éirigh i bhfad níos fearr leis an ‘Lá Gàidhlig’ ar Twitter in Albain anuraidh ná mar a d’éirigh le Lá na Méan Sóisialta in Éirinn i mbliana. Is iondúil go seoltar 185 giolc i nGàidhlig gach lá, ach ar an 21 Aibreán 2016 seoladh 3,200 giolc — méadú 1,700%. Méadú ó 950 go 1,800, 189%, a bhí i gceist Lá na Meán Sóisialta in Éirinn.

Mar sin féin, tá an Ghaeilge níos sláintiúla ar na meáin shóisialta nár mar atá an Ghàidhlig. Níl ach 21 cuntas ann ar a mbíonn caint i nGáidhlig den chuid is mó (70%+) agus nuair a bhaintear eagraíochtaí Gáidhlig as an bhfigiúr sin, níl fágtha ach deichniúr a bhíonn ag giolcaireacht i nGáidhlig go príomha gach seachtain. Anuas air sin, ba ar úsáideoirí Twitter amháin a bhí Lá na Gàidhlig 2016 dírithe ach ba ar úsáideoirí na meán sóisialta uilig —Facebook, Instagram, Snapchat, Twitter, agus eile — a bhí Lá na Meán Sóisialta 2017 dírithe.

Fág freagra ar 'Méadú suntasach ar úsáid na Gaeilge ar Twitter le linn Sheachtain na Gaeilge – anailís nua'