Méadú suntasach ar líon na bhfocal Gaeilge ag Joe McHugh agus ceachtanna Gaeilge eile an bhuiséid

Pé ní mar gheall ar fhuascailt mhíorúilteach a bheith aimsithe ag Michael Noonan ar fháinne fí an ‘boom, bust’, is cosúil go bhfuil réiteach fadtéarmach aimsithe acu ar ‘fhadhb’ na Gaeilge agus na Gaeltachta – ‘bust, bust’

13/10/2015 Fine Gael Minister for Finance Michael Noonan on television at Arnotts Technology department as he delivers the Budget for 2016. Photo: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

‘Bust, bust’ na Gaeilge agus na Gaeltachta

Mhaígh Michael Noonan sa Dáil inné go raibh deireadh go deo curtha ag an Rialtas le fáinne fí an ‘boom, bust’, focail mhóra nach gcuirfeadh ar a shuaimhneas an té ar chuimhin leis gur daoine a chreid go raibh deireadh curtha go deo acu le fáinne fí an ‘boom, bust’ ba chúis leis an ngéarchéim airgeadais sa chéad áit.

Idir an dá linn, fad is a bhaineann sé le cúrsaí Gaeilge, is cosúil nach bhfuil i ndán dúinn feasta ach an ‘bust’. Más buiséad ‘giveaway’ a bhí i mBuiséad 2016, ní foláir nó nár inis éinne do Joe McHugh bocht é. In ainneoin na gciorruithe ar fad atá déanta ar leithéid Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta le roinnt blianta anuas, níor aimsíodh oiread agus pingin bhreise dóibh sa Bhuiséad.

Ní cosúil go dtiocfaidh aon athrú chun feabhais ar an scéal ach an oiread. Sa phlean caiptil a d’fhoilsigh an Rialtas le déanaí, níl aon ardú i gceist don Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ó 2016 go dtí 2018.

Pé ní mar gheall ar fhuascailt mhíorúilteach a bheith aimsithe ag Michael Noonan ar fhadhb an ‘boom, bust’, is cosúil go bhfuil réiteach fadtéarmach aimsithe acu i gcás na Gaeilge agus na Gaeltachta – ‘bust, bust’.


‘Ceithre chos go maith, dhá theanga oifigiúil go dona’

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

‘Níl fiú meas madra ag an Rialtas seo ar an nGaeilge’ a dúirt Cuan Ó Seireadáin ó Chonradh na Gaeilge ar Twitter ar maidin. Bhí nasc lena tvúit aige chuig scéal faoin ardú 9% i mbuiséad lucht na rásaíochta capall agus con.

€74 milliún ar fad a bheidh ag an dá thionscal i 2016. Beidh €14.8 milliún ag tionscal na gcon an bhliain seo chugainn, níos mó ná mar a bheidh ag Foras na Gaeilge.

Méadú €6 mhilliún atá i gceist don dá thionscal, níos mó ná mar a bheidh ag Údarás na Gaeltachta le caitheamh ar fhiontraíocht a chothú agus fostaíocht a chruthú.

Ardú €1.2 milliún a fuair rásaíocht na gcon; cuireadh €500,000 breise ar leataobh do Straitéis Fiche Bliain na Gaeilge an Rialtais.

Ba chóir do phobal na Gaeilge a bheith buíoch, de reir dealraimh, go bhfuil €250,000 curtha ar fáil chun imeachtaí Gaeilge a eagrú do 2016.

Más ceadmhach casadh a bhaint as an abairt cháiliúil sin in Animal Farm: ‘ceithre chos go maith, dhá theanga oifigiúil go dona’.


Sásta leis an status quo?

udaras_051-1024x681

Ó cuireadh tús leis an sceanairt ar mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta ag tús na géarchéime eacnamaíochta, is beag éirí amach ina coinne a bhí ann. Ráineodh gur léargas é sin ar phatuaire an phobail maidir leis na heagraíochtaí a bhfuil na putóga á mbaint astu. Nó an amhlaidh go bhfuil daoine tar éis glacadh leis gur ag cúlú óna dhualgas i leith na Gaeilge atá an Stát agus gur ag cúlú óna dhualgas i leith na Gaeilge a bheidh an Stát feasta?

Agus maidir leis na heagraíochtaí, agus go deimhin Roinn na Gaeltachta féin, an amhlaidh go bhfuil teipthe chomh mór sin ar an misneach acu go mbíonn siad sásta leis an status quo?

Muna n-éireoidh le Joe McHugh airgead caipitil breise a fháil don Údarás roimh dheireadh na bliana, faoi mar a dhein anuraidh, beidh buiséad níos lú acu i 2016 ná mar a bhí i 2015.

Thug Príomhfheidhmeannach an Údaráis le fios an bhliain seo caite gur fhág Buiséad 2015 go raibh an eagraíocht ‘i sáinn’ agus go raibh ‘an-díomá’ air.

Ach má tá díomá ar lucht an Údaráis i mbliana, níl siad á ligint orthu féin, go poiblí pé scéal é. Is í fírinne an scéil ná go bhfuil Údarás na Gaeltachta i sáinn i gcónaí, is cuma cé acu an dtiocfaidh an féirín Nollag ó Joe nó ná tiocfaidh.

Thug Roinn na Gaeltachta féin le fios anuraidh go raibh an tÚdarás i ngreim an dá bhruach de dheasca fadhbanna maoinithe agus costaisí arda pá agus pinsin.

Anuas air sin go léir, tá an Roinn Airgeadais ag iarraidh deireadh ar fad a chur leis an Údarás le tamall agus is cuma leo an ann nó as do Roinn na Gaeltacha ach an oiread.

An amhlaidh anois go mbíonn daoine ag súil lena laghad sin tacaíochta don teanga gur leor dóibh a bheith beo ar éigean?


Méadú suntasach i líon na bhfocal ag Joe McHugh

Méadú ar líon na bhfocal i stór an Aire Stáit? Féachaigí thuas air agus é i mbun agallaimh ar lá an Bhuiséid i 2014 agus inné.

Méadú suarach 2.7% ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta a fógraíodh inné, ach bhí méadú beagáinín níos suntasaí ann i gcás amháin – líon na bhfocal i stór Joe McHugh.

Ar lá an bhuiséid anuraidh bhí lucht féachana Nuacht TG4 ag cúbadh chucu féin agus McHugh, Príomhfhoghlaimeoir an Stáit, faoi agallamh ag Eimear Ní Chonaola.

B’fhéidir nach bhfuil Gaeilge an Aire ‘sách maith le bheith i RÍS’ fós, ach bhí sé i bhfad níos mó istigh leis féin agus é faoi agallamh ar na stáisiúin Ghaeilge inné (agus nár bhreá na cláracha speisialta bhí ag TG4 agus RnaG dúinn?).

Faraor, fad is a bhaineann sé le meath na Gaeltachta agus cruachás na Gaeilge, ní cosúil go mbeathaíonn briathra breise Joe bráithre na teanga.

Más aon rud, tar éis bhuiséid an lae inné, is follasaí ná riamh an gá le hAire Gaeltachta sinsearach le Gaeilge, seachas Aire Gaeltachta sóisearach ar aistear foghlama.

Fág freagra ar 'Méadú suntasach ar líon na bhfocal Gaeilge ag Joe McHugh agus ceachtanna Gaeilge eile an bhuiséid'

  • cormac@hotmail.com

    ‘Ó cuireadh tús leis an sceanairt ar mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta ag tús na géarchéime eacnamaíochta, is beag éirí amach ina coinne a bhí ann.’
    Éirí amach’ deir tú? Mo thrua do cheann. Éirí amach as an leaba, éirí aniar ón gcúits nó éirí anuas de stól an tí tabhairne, nó éirí amach as a ríomh-thámhnéal síoraí…ba dhícheall dá bhformhór an méid sin a dhéanamh.
    Alt an-mhaith ag Seosamh Ó Cuaig inné agaibh maidir leis sin.
    Ná bíodh aon bhreall ar éinne againn maidir leis na preampalláin sin FG/PLO; tá naimhdeas ó thalamh acu leis an nGaeilge, is fada ó bhí.