Méadú beag ar ghearáin leis an gCoimisinéir Teanga i 2014

Ó Bhaile Átha Cliath is mó a tháinig gearáin chuig Oifig an Choimisinéara Teanga ach tháinig ceann as gach ceithre cinn ón nGaeltacht

CT_AnnualReport_2014_complete_Layout 1

Cuireadh 709 gearán faoi dheachrachtaí le seribhisí stáit trí Ghaeilge faoi bhráid an Choimisinéara Teanga sa bhliain 2014 – méadú 1% ar líon na gcásanna nua ón mbliain 2013 – de réir Thuarascáil an Choimisinéara Teanga a sheolfar inniu ar an Spidéal.

Fuarthas réiteach ar chuid mhór de na cásanna sin ‘trí chóras neamhfhoirmiúil réitithe gearán’ na hOifige sin.

Is ó Bhaile Átha Cliath a tháinig an tríú cuid (37%) de na gearáin agus thainig ceathrú cuid eile (24%) ón nGaeltacht. Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, ba as Contaetha na Gaillimhe (14%), Ciarraí (6%) agus an Mhí (6%) is mó a tháinig na gearáin chuig Oifig an Choimisinéara.

Tugtar suntas sa tuarascáil gur bhain formhór na ngearán le cur i bhfeidhm gealltanais a thug eagraíochtaí stáit ina gcuid scéimeanna teanga agus duradh go raibh “laghdú maith” ar líon na ngearán a bhain le húsáid na Gaeilge ar chomharthaí tráchta, ó 15.8% i 2013 go dtí 7.2% anuraidh.

Thuairiscigh an Coimisineir Teanga go mbíonn deacrachtaí fós ag daoine le hainmneacha agus seoltaí i nGaeilge a úsáid le heagraíochtaí stáit. I gcás amháin, d’admhaigh údarás áitiúil nach raibh i gceist aige an córas lochtach do chlárú ainmneacha ar chártaí toghchánaíochta a athrú “toisc nach raibh aon dualgas reachtúil ina leith” agus dhiúltaigh siad an scéal a chur ina cheart. Dá bharr sin, bhí sloinnte ar nós ‘ÓDomhnaill’ agus ‘NíShé’ á gclárú in áit ‘Ó Domhnaill’ agus ‘Ní Shé’. Mhol an Coimisinéir Teanga go ndeileálfaí leis an ábhar seo mar chuid den leasú ar Acht na dTeangacaha Oifigiúla.

Dúirt an Coimisinéir gur ábhar díomá an méid freagraí i mBéarla a tugadh ar chomhfhreagras i nGaeilge le linn 2014 agus gur “ábhar imní eile” é líon na n-eagraíochtaí stáit atá “ag baint úsáid as córais mheaisínaistriúcháin le freagra i nGaeilge a eisiúint”. Níl córas dá leithéid sin sách foirfe ná forbartha ag an bpointe seo do chomhfhreagras oifigiúil, dar leis an gCoimisinéir Teanga.

Trí imscrúdú a chríochnaigh Oifig an Choimisinéara Teanga le linn 2014. Bhain na cásanna seo le heagraíochtaí ar theip orthu cloí le dualgais reachtúla teanga.

Chinn an Coimisineir in imscrúdú amháin nach raibh dualgais teanga á gcomhlíonadh ag Bus Átha Cliath maidir le húsáid na Gaeilge ar thicéid taistil. Ba i mBéarla amháin a bhí ticéid Bhus Átha Cliath á gclóbhualadh in ainneoin an riachtanais gur i nGaeilge amháin nó sa dá theanga a chuirfí ar fáil iad. Tá gealltanas tughta don Choimisinéir Teanga de bharr an imscrúdaithe go leigheasfar an scéal le linn 2015.

Le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a bhain an dara himscrúdú aige. Rinne tuismitheoir Gaeltachta gearán gur eisigh an FSS litir eolais i mBearla faoi scrúdú fiaclóireachta i scoil ar a raibh a pháiste ag freastal. I mBéarla amháin a bhí na ceannteidil stáiseanóireachta freisin ar an litir sin. Tá an scéal sin le cur ina cheart anois ag an bhFeidhmeannacht.

Rinneadh imscrúdú ar an nGníomhaireacht um Fháil Iarnróid de bharr comharthaí a bhí dírithe ar thiománaithe LUAS a bheith curtha in airde i mBéarla amháin. Threoraigh an Coimisinéir sa chás sin go gcaithfí na comharthaí a chur ar fáil go dátheangach le go mbeidís ag teacht leis an reachtaíocht a bhaineann le húsáid na Gaeilge ar chomharthaíocht de chuid an Stáit.

Fág freagra ar 'Méadú beag ar ghearáin leis an gCoimisinéir Teanga i 2014'