Méadú ar phointí Ardteiste do chúrsaí Gaeilge áirithe agus titim bheag i gcásanna eile

Tháinig an t-athrú is mó i mbliana ar an gcúrsa Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. D’ardaigh líon na bpointí a theastaíonn don chúrsa sin ó 210 anuraidh go 260 i mbliana

Méadú ar phointí Ardteiste do chúrsaí Gaeilge áirithe agus titim bheag i gcásanna eile

Tháinig méadú réasúnta mór ar líon na bpointí Ardteiste i gcás cuid mhaith cúrsaí Gaeilge i mbliana. Is féidir céim sa Ghaeilge a bhaint amach i 13 cúrsa i mbliana. Is cúrsaí sna Dána cuid acu sin agus is cúrsaí dúbláilte, ar nós ‘Gaeilge agus Gnó’ in DCU cuid eile.

Bhí 17 cúrsa ar fáil anuraidh ach tá trí cinn bainte de liosta an CAO i mbliana nó níor léiríodh dóthain spéise iontu go gcuirfí líon na bpointí ar fáil.

Níl Gaeilge in DCU ná Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide luaite ar liosta an CAO i mbliana, agus níl aon phointí luaite leis an gcúrsa ‘Gaeilge agus Iriseoireacht’ in DCU, rud a thabharfadh le fios nár léiríodh mórán spéise sa chúrsa sin.

Tháinig an t-athrú is mó i mbliana ar an gcúrsa Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. D’ardaigh líon na bpointí a theastaíonn don chúrsa sin ó 210 anuraidh go 260 i mbliana — ardú 50 pointe. An cúrsa sa Ghaeilge agus i Léann an Aistriúcháin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a léiríonn an titim is mó. Thit líon na bpointí a theastaíonn don chúrsa sin ó 375 in 2016 go 305 in 2017.

Bhí titim freisin i gceist do na cúrsaí Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, an cúrsa sa Tráchtáil le Gaeilge a thit ó 500 go 478 pointe (-22) agus don chúrsa Dlí le Gaeilge a thit ó 515 go 496  (-19). Thit líon na bpointí don Eacnamaíocht Bhaile agus Gaeilge i gColáiste Naomh Aingeal i Sligeach i mbliana chomh maith.

Bhí ardú i gceist do gach cúrsa eile, na cúrsaí i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach, an cúrsa sa Luath-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide, agus an cúrsa sna Dána in UCD.

Seo an dara bliain an cúrsa sa Ghaeilge agus Cumarsáid a bheith á thairiscint in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tugadh isteach an cúrsa in áit an chúrsa cumarsáide a bhíodh ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua.

Bhí laghdú ar líon na bpointí Ardteiste a bheidh ag teastáil do chúrsaí ollscoile i gceist dá lán cúrsaí i mbliana. Ar liosta an CAO inniu, tá titim i gceist i gcás breis agus 50% de na cúrsaí ollscoile.

Táthar den tuairim gur léiriú an titim seo ar an dea-thionchar atá ag na hathruithe a rinneadh ar an gcóras grádála i mbliana ar ‘rás na bpointí’.

Bhí pointí níos ísle i gceist do chúrsaí altranais, múinteoireachta, agus innealtóireachta, chomh maith le cúrsaí éagsúla eolaíochta. Ardú a bhí i gceist don ailtireacht, don fhiaclóireacht agus do chúrsaí leighis.

Dé Luain seo chugainn an sprioclá ag mic léinn le glacadh lena dtairiscint ón CAO.

Fág freagra ar 'Méadú ar phointí Ardteiste do chúrsaí Gaeilge áirithe agus titim bheag i gcásanna eile'