Méadú ar líon na gcainteoirí Polainnise fad is atá laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge

Is minic a bhaintear leas as líon na gcainteoirí Polainnise sa Stát mar léiriú ar ‘mheath’ na Gaeilge, agus tabharfaidh figiúirí an lae inniu tuilleadh armlóin dóibh sin a dhéanann amhlaidh

Méadú ar líon na gcainteoirí Polainnise fad is atá laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge

INPHO/Morgan Treacy

Tá beagnach a dhá oiread daoine sa Stát a labhraíonn an Pholainnis sa bhaile ná mar atá daoine a labhraíonn an Ghaeilge ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais, de réir fhigiúirí Dhaonáireamh 2016, a eisíodh ar maidin. Thug 135,895 duine le fios go labhraíonn siad an Pholainnis sa bhaile. 73,803 duine a thug le fios go labhraíonn siad Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais agus 111,473 duine a dúirt go labhraíonn siad Gaeilge go seachtainiúil lasmuigh den chóras oideachais.

Is minic a bhaineann tráchtairí áirithe sna meáin Bhéarla leas as líon na gcainteoirí Polainnise sa Stát mar léiriú ar ‘mheath’ na Gaeilge, agus tabharfaidh figiúirí an lae inné tuilleadh armlóin dóibh.

Sa tréimhse idir Daonáireamh 2011 agus Daonáireamh 2016, tháinig méadú16,369 duine, nó 13.7%, ar líon na ndaoine a dúirt go raibh an Pholainnis mar theanga bhaile acu. Le linn na tréimhse céanna, thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais ó 77,185 duine in 2011 go 73,803 duine in 2016 — laghdú 4.4%.

Ní mar a chéile an dá cheist a cuireadh faoi úsáid na Gaeilge agus úsáid na Polainnise agus is minic easaontas ann faoi úsáid fhigiúirí daonáireamh chun comparáid a dhéanamh idir cás an dá theanga dá bharr. Ní chuirtear ceist shonrach sa Daonáireamh faoi úsáid laethúil teanga i gcás teanga ar bith seachas an Ghaeilge agus ceist faoi úsáid na teanga mar theanga bhaile a chuirtear i gcás na Polainnise.

Ar ndóigh, thug 1,761,420 duine le fios sa Daonáireamh go raibh Gaeilge de chineál éigin acu. Is laghdú 0.7% é sin ar an 1,774,437 duine a thug le fios go raibh Gaeilge acu sa Daonáireamh a rinneadh in 2011.

Tá “cruinniú práinneach” á lorg ag Conradh na Gaeilge leis an Taoiseach, Enda Kenny, atá ina chathaoirleach ar an gcoiste Rialtais atá i gceannas ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, le torthaí an daonáirimh a phlé agus le maoiniú dá bplean infheistíochta a éileamh.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, nár chóir “a bheith iomlán éadóchasach” faoi thorthaí an lae inné.

“Níor chóir dearmad a dhéanamh go bhfuil an céatadán de dhaoine le Gaeilge tar éis fás ó níos lú ná 20% den daonra 100 bliain ó shin go beagán níos lú ná 40% sa lá atá inniu ann,” a dúirt de Spáinn.