Méadú faoi cheathair le 15 bliain ar líon na ndaltaí ó thuaidh atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge

Tá méadú mór tagtha freisin ar líon na bpáistí atá cláraithe sna naíonraí agus naíscoileanna lán-Ghaeilge sa Tuaisceart

Méadú faoi cheathair le 15 bliain ar líon na ndaltaí ó thuaidh atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge

Tá a cheithre oiread níos mó daltaí ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge ó thuaidh anois ná mar a bhí ag tús na mílaoise. De réir anailís atá déanta ag Tuairisic.ie ar fhigiúirí a chuir an Roinn Oideachais ar fáil, tá méadú 398% tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachais trí Ghaeilge ag leibhéal na bunscoile agus leibhéal na hiarbhunscoile ó bhí 2002 ann.

An bhliain sin, 2002, bhí 652 dalta cláraithe i mbunscoileanna lán-Ghaeilge agus 342 cláraithe in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. I mbliana, tá 3,905 ag fáil oideachas bunscoile trí Ghaeilge — 3,103 acu atá ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus 802 atá ag freastal ar ‘aonaid Ghaeilge’ i scoileanna Béarla.

Tá 694 duine ag freastal ar an dá mheánscoil lán-Ghaeilge sa Tuaisceart, Coláiste Feirste i mBéal Feirste agus Coláiste Dhoire i nDoire, agus tá 355 ag freastal ar aonaid Ghaeilge.

Tá méadú mór tagtha freisin ar líon na bpáistí atá cláraithe sna naíonraí agus naíscoileanna lán-Ghaeilge. Bhí 400 páiste cláraithe ina leithéid d’áit in 2002 agus tá 900 cláraithe i mbliana — méadú 125%.

De réir na bhfigiúirí, tá fás mór tagtha ar líon na scoileanna a chuireann oideachas trí Ghaeilge ar fáil ó thuaidh. Sa scoilbhliain 2001/2002 bhí 10 mbunscoil ann agus ní raibh aon aonad Gaeilge ceangailte le scoil Bhéarla. Sa bhliain chéanna, bhí iarbhunscoil amháin ann, Coláiste Feirste, a d’oscail sa bhliain 1991.

Anois, tá 28 bunscoil lánGhaeilge agus 7 n-aonad Gaeilge i mbunscoileanna Béarla, agus, ó osclaíodh Coláiste Feirste i nDún Geimhin in 2015, tá dhá iarbhunscoil lán-Ghaeilge sa Tuaisceart agus trí aonad Gaeilge a chuireann oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil.

Níl aon scoileanna lán-Ghaeilge do ghasúir a bhfuil riachtanais speisialta acu ó thuaidh agus níl aon scoileanna lán-Ghaeilge neamhspleácha ann ach an oiread. Bhí scoil neamhspleách amháin ann in 2014.

Is ionann an 4,854 dalta atá ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge in 2017 agus 1.6% de líon iomlán na ndaltaí scoile ó thuaidh in 2017. Tá 2.3% de pháistí bunscoile an Tuaiscirt ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge agus tá 0.7% de dhaltaí iarbhunscoile ag fáil a gcuid scolaíochta i nGaeilge.

Is i gcontae Aontroma atá an líon is mó scoileanna lán-Ghaeilge, tá 12 bunscoil lán-Ghaeilge sa chontae sin agus iarbhunscoil amháin. Tá seacht mbunscoil agus iarbhunscoil amháin i gContae Dhoire a fheidhmíonn go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá sé bhunscoil i dTír Eoghain, trí bhunscoil i gContae an Dúin agus bunscoil amháin i bhFear Manach ina gcuirtear oideachas ar gach dalta i nGaeilge.

Is é Ard Mhacha an t-aon chontae ó thuaidh nach bhfuil bunscoil lán-Ghaeilge ná iarbhunscoil lán-Ghaeilge ann, cé go bhfuil ceithre scoil sa chontae sin ina bhfuil aonaid Ghaeilge.

Léiríonn figiúirí eile atá faighte ag Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais ó dheas gur tháinig fás leanúnach sa deisceart idir 2000-2016 ar líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna. Fás 82% a bhí i gceist le líon na ndaltaí i mbunscoileanna lán-Ghaeilge le linn na tréimhse sin.

Fág freagra ar 'Méadú faoi cheathair le 15 bliain ar líon na ndaltaí ó thuaidh atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge'

  • Mánus

    Is íontach an fás é seo. Ní mór tosú anois ag díriú ar an triú leibhéal nó níl institiúd 3ú leibhéal fiú ná ollscoil LánGhaeilge amháin ar an oileán. Tá an bearna seo le líonadh sara mbeidh rachairt ar an Ghaeloideachas.