Méadú 3% ar bhuiséad na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán i mBuiséad 2018

Fógraíodh méadú €2.5 milliún ar chiste Gaeilge agus Gaeltachta na Roinne Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta inniu

Méadú 3% ar bhuiséad na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán i mBuiséad 2018

€62.6 milliún atá curtha ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin i mbuiséad an lae inniu, méadú €1.9 milliún, nó 3%, ar bhuiséad 2017.

Fógraíodh méadú €2.5 milliún ar chiste Gaeilge agus Gaeltachta na Roinne Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta inniu.

Níl aon mhíniú faighte fós ar an difear idir an t-ardú €1.9 milliún sin sna meastacháin a foilsíodh inniu agus an t-ardú €2.5 milliún ar chiste na Gaeilge a d’fhógair an tAire Airgeadais sa Dáil inniu.

Is cosúil, mar sin, go bhfuil €600,000 gearrtha áit éigin eile i mbuiséad na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

Maidir le Foras na Gaeilge dheimhnigh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go gcuirfear €14.03 milliún ar fáil don Fhoras Teanga, idir Fhoras na Gaeilge agus Ghníomhaireacht na hUltaise. Níor tugadh aon eolas fós faoin roinnt a dhéanfar ar an airgead sin idir an dá eagraíocht teanga trasteorann, ach €13.9 milliún a tugadh d’Fhoras na Gaeilge féin ón státchiste i mbliana.

D’fhógair an Roinn Oideachais inniu go gcuirfear “os cionn €1 milliún” ar leataobh ó mhaoiniú Buiséad 2018 do chur i bhfeidhm an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht. “I bhfad níos mó” ná €1 milliún a gealladh cheana don pholasaí do 2018.

Níl aon deimhniú ar fáil go fóill ón Roinn Cumarsáide ó TG4 faoi bhuiséad na seirbhíse teilifíse Gaeilge don bhliain romhainn ach tuairiscíodh anocht go bhfuil ardú €2 milliún faighte ag an stáisiún dá phlean digiteach cúig bliana.  Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont le Coiste Oireachtais na Gaeilge le gairid  go dteastódh €6 mhilliún breise thar thréimhse cúig bliana le “stad a chur le síorthitim” lucht féachana TG4 agus chun go bhféadfadh an stáisiún Gaeilge “fás arís”. Thug sé le fios go dtiocfadh “an pointe go dtosófaí ag dó ola agus go dteipfeadh ar an inneall” mura gcuirfí maoiniú breise ar fáil.

Ar thrí ghné de bhuiséad na Gaeilge a chaithfear an maoiniú breise a fógraíodh inniu do Roinn na Gaeltachta: €1.4m chun tacú leis an Phróiseas Pleanála Teanga faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; €400,000 do chlár caipitil Údarás na Gaeltachta agus chun cabhair bhreise a thabhairt do chomharchumainn agus d’eagraíochtaí forbartha pobail: agus €687,000 do scéimeanna tacaíochta na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht.

Cé go mbeidh €400,000 breise ag Údarás na Gaeltachta don bhliain romhainn, is laghdú atá i gceist i gcás an bhuiséid caipitil má chuirtear san áireamh an maoiniú breise a aimsíodh don eagraíocht fiontraíochta i ndiaidh an bhuiséid anuraidh. €8.2 milliún san iomlán an buiséad caipitil a bhí ag Údarás na Gaeltachta in 2017 de réir freagra a thug Aire na Gaeltachta ar cheist Dála an tseachtain seo caite. €7 milliún d’airgead caipitil a bheidh ar fáil don Údarás an bhliain seo chugainn.

Ardú €5.3 milliún a bhí á lorg ag Conradh na Gaeilge don Údarás agus do Foras na Gaeilge.

Beidh an maoiniú breise don phleanáil teanga “ríthábhachtach” dar le hAire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh de réir mar a bheidh breis pleananna teanga “á gceadú agus á mbogadh ar aghaidh go dtí an cur i bhfeidhm sa bhliain atá amach romhainn”.

€850,000 a bhí curtha ar fáil don phleanáil teanga i mbliana. Ciallaíonn sin gur cheart go mbeadh €2.25 milliún ar fáil sa bhliain 2018.

Tá trí cinn de phleananna teanga aontaithe agus seolta cheana: Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Cois Fharraige; agus Cloich Cionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh.

Tá pleananna teanga á meas ag Údarás na Gaeltachta do chúig cheantar eile: Ciarraí Thiar; Ciarraí Theas; Na Déise; An Cheathrú Rua agus Múscraí agus táthar ag súil go gcuirfear i láthair na Roinne iad lena gceadú “go luath”.

Dúirt an tAire Stáit McHugh le gairid go raibh obair ar siúl “i ngach limistéar eile faoi láthair mar a bhaineann sé le hullmhúchán pleananna” cé is moite de na trí limistéar pleanála teanga atá suite in oirthear Ghaeltacht na Gaillimhe, mar a bhfuil eagraíochtaí á roghnú faoi láthair chun tabhairt faoin bpróiseas. (Bearna agus Cnoc na Cathrach: an tEachréidh agus Oirthear na Gaillimhe).

Tá pleananna teanga á n-ullmhú freisin do cheithre cinn de Bhailte Seirbhíse Gaeltachta: Daingean Uí Chúis, Leitir Ceanainn, Cathair na Gaillimhe agus Cathair Chorcaí agus tá sé beartaithe tosú ar an obair chéanna i mBéal an Mhuirthead, An Clochán Liath, Trá Lí agus Dún Garbhán idir seo agus deireadh na bliana, a thug an tAire le fios.

Sa bhreis air sin, tá obair idir lámha chun pleananna teanga a ullmhú i leith na líonraí Gaeilge i mBaile Loch Riach, Co. na Gaillimhe; Inis, Co. an Chláir agus Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath, a dúirt sé.

Is ar ullmhú agus feidhmiú na bpleananna teanga sin a chaithfear an €2.25 milliún atá curtha ar fáil do 2018.

Deir Dara Calleary (FF) sa Dáil gur mar gheall ar an gcomhaontú idir FF agus FG a ceadaíodh €2.5 milliún don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Deir sé nach dtuigeann sé ráiteas an Aire Airgeadais ina óráid faoi ‘thábhacht na Gaeilge’ nuair a bhí ar Fhianna Fáil ‘troid mhór a chur suas d’ardú beag’ ar mhaoiniú na Gaeilge.

Mheabhraigh an Teachta Dála Róisín Shorthall (DS) go raibh €5 mhilliún luaite le bunú an aonaid nua cumarsáide ag Roinn an Taoisigh i gcomparáid leis an méadú €2.5 milliún ar an gcaiteachas breise a dhéanfar ar an nGaeilge i gealladh i mbuiséad an lae inniu.

Fág freagra ar 'Méadú 3% ar bhuiséad na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán i mBuiséad 2018'

  • pádraig ó floinn

    An dtugann sé aon rud eile le fios daoibh ach seo; is cuma leo siúd i dteach Laighin faoi chultúr na nGael agus sinne, Gaedhaeil. An t-aon rud atá ina n-aigne, taobh amuigh de chursai airgid dóibh féin, ná,” tabharfaimid an cúpla focal dos na gráigíní (sinne, na “gnáth dhaoine”) agus sasóidh sé sin iad.” Cuirim an cheist, iad siúd a cheapann gur Eorpaigh iad ( leithéidi inda kinney) cén fáth ná fuil siad imithe chun na h-Eorpa agus nach bhfanann siad ann?