Meá na bhFocal – bíodh saoirse cainte againn, ach bíodh béasa againn leis

Meas a bheith ar an meas ceann de na ceachtanna is mó a d’fhéadfaimis a fhoghlaim, b’fhéidir.

Tá a lán trácht’ sna meáin ar shaoirse cainte le seachtain anuas mar gheall ar an uafás a tharla thall i bPáras na Fraince.

Beannacht Dé le hanamacha na marbh.

Ag caint dó ag Baile na bPlumaí sa tír chéanna an samhradh seo caite, mhínigh Thich Nhat Hanh don lucht éisteachta gurb í an ghoilliúint bunrúta na feirge níos minice ná a mhalairt.

Nuair a dhéanann duine gníomh a thugann fulaingt ar dhuine eile, a dúirt sé, is mar gheall go bhfuil an chéad duine ag cur thar maoil le fulaingt é féin a dhéanann sé amhlaidh.

A chuidsean fulangtha a aithint agus a admháil, agus cabhrú leis atá uaidh, seachas é a bhualadh. B’in bunteachtaireacht an cheannaire Bhúdaigh.

Ní ag cosaint an antoisceachais a bhí sé, ar eagla na míthuisceana, ach is fiú a rá go ndúirt sé an méid thuas agus é ag tagairt don obair athmhuintearais atá ar bun aige le blianta fada le grúpaí ógánach ón Iosrael agus ón bPailistín ar Ghráig na Síochána thall, Le Village des Plumiers.

A bhfuil ráite thuas i dtaobh gníomhartha, is fíor é maidir le briathra, leis, ar ndóigh.

‘Gráigh do chomharsa mar tú féin’ an ráiteas ba radacaí a rinneadh riamh ó tháinig ann don duine, dar liom, ach toisc é a bheith ceangailte de chreideamh, ní maith le daoine é a phlé is a chíoradh go poiblí mórán, ar eagla go gcuirfí cráifeacht ina leith.

Nach tíriúla i bhfad an ráiteas ‘caith le daoine mar ba mhaith leat go gcaithfidís-sean leat(sa)’, nó faoi mar a dúirt an Seabhac, ‘dein mar ba mhaith leat go ndéanfaí leat’? Ní chothaíonn sé sin an méid céanna míshuaimhnis i nduine, shílfeá, cé nach bhfuil ann ach athrá ar aithne eile úd Chríost “Nithe ar bith ab áil libh daoine a dhéanamh daoibhse, déanaigí amhlaidh sin dóibh” (Matha 7:12).

Is í ár ndaonnacht a fhágann nach n-éiríonn linn sin a dhéanamh i gcónaí, ach is den daonnacht an dearmad, mar a dúirt an té a dúirt.

Tá labhartha ag Dara Ó Cinnéide le déanaí ar fheachtas nua Chumann Lúthchleas Gael, ‘Think you can do better?’. Ceann d’aidhmeanna an fheachtais seo is ea meas a chothú i ndaoine i leith na réiteoirí bochta, óir is minic nach dtuigeann na daoine céanna cumhacht agus díobháil a mbriathra, go mór mór nuair is cáineadh atá ar bun acu.

Ní dhéanfadh sé puinn dochair do na comhlachtaí meán sóisialta agus ríomhphoist a mhacasamhail d’fheachtas a thosú i dtaca le comhfhreagras leictreonach, sílim féin. Tá sé ag teastáil go dóite, mar a léiríonn scéal Patrick Nelis in alt an Chinnéidigh.

Tá ciall ceannaithe ag go leor againn faoi seo, is dócha, gurb olc an mhaise dúinn dul i mbun comhfhreagrais le duine ar bith má bhíonn cantal orainn, go háirithe más goin agus goilliúint a údar sin. Tá ceacht ansin do chách.

Níor mhiste d’iriseoirí iarracht a dhéanamh bheith pas beag níos tuisceanaí faoi mhothúcháin daoine freisin agus a gcuid focal a mheá, go mór mór agus ceisteanna íogair á gcur trí chéile acu.

Tá feidhm le focail agus, go deimhin, le pictiúir; mura mbeadh, ní bhainfí aon leas astu chun cumarsáid a dhéanamh le daoine agus dul i bhfeidhm orthu. Is leo a chuirimid áthas, brón, misneach, agus fearg ar a chéile, gan ach cuid bheag de mhothúcháin an duine a lua, agus más chuige sin a bhímid, éireoidh linn ar an mórgóir.

Is maith ann, mar sin, an mana maorga “Ní aontaím lena ndeir tú, ach cosnóidh mé do cheart é a rá go crannaibh na gréine” – agus ní ceart cúlú siar uaidhsean puinn – ach ní miste a thabhairt chun cuimhne nach saoirse go freagracht, mar a dúirt Eleanor Roosevelt.

Iarracht a dhéanamh béasa a bheith againn agus meas a bheith againn ar a chéile an chloch is mó ba cheart a bheith ar ár bpaidrín, tar éis gur daoine sinn agus go dteipfidh orainn sin a dhéanamh chomh minic céanna lena mhalairt.

Fág freagra ar 'Meá na bhFocal – bíodh saoirse cainte againn, ach bíodh béasa againn leis'