McHugh ag éileamh go gcuirfí dlús le ceannach talún do champas nua scoileanna in Inis Eoghain

Dúirt an tAire Stáit McHugh go bhfuil cainteanna ar bun le húinéirí talún i láthair na huaire maidir le dhá shuíomh don champas nua

McHugh ag éileamh go gcuirfí dlús le ceannach talún do champas nua scoileanna in Inis Eoghain

Tá an tAire Stáit Joe McHugh ag éileamh go dtabharfaí díolachán na talún do Champas Oideachais Bhun Cranncha chun críche “go gasta”.

Tá moill á cur ar an togra le tamall anuas mar gheall ar dheacrachtaí le ceannach an talamh a theastaíonn don champas nua a mbeadh Coláiste Chineál Eoghain, Gaelscoil Bhun Cranncha agus Crana College lonnaithe ann.

Dúirt McHugh go bhfuil cainteanna ar bun le húinéirí talún i láthair na huaire maidir le dhá shuíomh don champas nua. Dúirt sé go bhfuil an idirbhearaíocht ar bun fós maidir leis an gcéad suíomh a moladh don champas, ach go bhfuiltear i mbun cainteanna le húinéirí talún maidir leis an dara suíomh freisin.

“Tuigim an frustrachas atá ar na tuismitheoirí agus ar an bhfoireann mhúinteoireachta maidir leis an moill fhada seo. Tá an idirbheartaíocht ag pointe leochaileach faoi láthair ach tá súil agam go gcuirfear na cainteanna i gcrích a luaithe agus is féidir.

“Níl an bhail atá ar roinnt rudaí ag an nGaelscoil, mar shampla , inghlactha sa lá atá inniu ann. Tá a láthair shaintógtha féin ag teastáil go géar ó na trí scoil go gasta,” a dúirt McHugh.

Dúirt sé gur thug an tAire Oideachais, Richard Bruton, le fios dó go mbeifear in ann suíomh a cheannach a luaithe is a shocrófar praghas idir na húinéirí talún agus an Roinn Oideachais.

Tá oifigigh de chuid Chomhaire Contae Dhún na nGall i mbun na hidirbheartaíochta thar ceann na Roinne Oideachais agus tá oifigigh na Roinne sin le casadh le hoifigigh na Comhairle Contae go luath.

“Dúirt an tAire Bruton liom go bhfuil fonn air deifir a chur le ceannach an tsuímh agus tá mise ar aon tuairim leis. Tá tuismitheoirí agus múinteoirí ag fanacht sách fada ar réiteach na faidhbe seo.

“Gheall sé dom freisin go mbogfaidh an togra ar aghaidh go gasta chuig an bpróiseas pleanála ailtireachta a luaithe is a thiocfar ar réiteach. Caithfidh sé sin tarlú go luath,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'McHugh ag éileamh go gcuirfí dlús le ceannach talún do champas nua scoileanna in Inis Eoghain'