McHugh ‘100% cinnte’ nach bhféadfadh aon choimhlint leasa a bheith ann maidir le Scéim na gCampaí Samhraidh

Cheistigh an Seandadóir Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin, an tAire sa Seanad faoin tslí ar aistríodh cúram na scéime go Muintearas

McHugh-0022
Aire na Gaeltachta, Joe McHugh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Dúirt Aire Stáit na Gaeltacha Joe McHugh sa Seanad ar maidin go raibh sé ‘céad faoin gcéad cinnte’ nach bhféadfadh aon choimhlint leasa a bheith ann de bharr an chinnidh riaradh Scéim na gCampaí Samhraidh sa Ghaeltacht a aistriú ó Roinn na Gaeltachta chuig Muintearas.

Bhí an tAire ag freagairt ceisteanna ón Seandadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin faoin gcinneadh cúram na scéime a aistriú go Muintearas, eagraíocht a bhíonn ag plé le campaí samhraidh iad féin.

Ghabh an Seanadóir leithscéal leis an Aire as é a thabhairt isteach sa Seanad ach dúirt fear Shinn Féin nach raibh aon rogha eile aige mar go raibh sé ag fanacht trí seachtaine ar fhreagraí ó Roinn na Gaeltacha ar shraith ceisteanna a chuir sé chucu faoin “míshásamh”, dar leis, atá ann faoin scéal.

Trevor_Ó_Clochartaigh_2013
An Seanadóír Trevor Ó Clochartaigh

Dúirt an tAire gur aistríodh cúram na gcampaí smahraidh óna Roinn go dtí Údarás na Gaeltachta i mí Aibreáin agus gur mhol an tÚdarás ina dhiaidh sin gurb iad Muintearas, eagraíocht oideachais agus oiliúna pobail, a bheadh freagrach as riaradh na scéime. Ghlac an tAire leis an moladh sin.

Mairfidh an socrú nua a deineadh leis an Údarás faoi riaradh na scéime go dtí 2020.

Bhí an tAire “sásta”, a dúirt sé, leis an socrú seo mar gur fochuideachta den Údarás é Muintearas agus ‘ceangal foirmeáilte’ eatarthu dá bharr.

Tá maoiniú de €300,000 ann do champaí samhraidh i mbliana agus bhainfeadh na rialacha céanna leis an scéim i gcónaí,a dúirt an tAire. Cuirfear maoiniú breise ar fáil i 2016.

Thug an Seanadóir Ó Clochartaigh le fios nach raibh aon “fhadhb aige per se” le Muintearas ach raibh imní ar dhaoine faoi bhunús an chinnidh agus eolas breise uathu faoin bpróiseas faoinar thángthas air.

Dúirt sé go raibh cuid mhaith daoine tar éis teagmháil a dhéanamh leis chun a n-imní faoin gcinneadh a chur in iúl dó agus nach raibh lucht na gCampaí féin sásta a gceisteanna “a ardú go poiblí” ar eagla go mbeadh “tionchar diúltach” aige sin ar aon iarratas a dhéanfaidís ar mhaoiniú amach anseo.

D’fhiafraigh an Seanadóir den Aire ar deineadh athbhreithniú ar riaradh na scéime sarar deineadh an cinneadh faoi aistriú na scéime.

Fuair an Seanadóir Ó Clochartaigh ón Aire Stáit ar maidin cóip d’fhreagra na Roinne Gaeltachta ar na ceisteanna a chuir sé orthu i dtaobh riaradh na scéime.

Deirtear sa litir sin gur ar mhaithe le “héifeactúileacht an chaoi” a ndéantar scéimeanna a aistríodh cúram na gcampaí samhraidh go dtí an tÚdarás.

Faoi Scéim na gCampaí Samhraidh sa Ghaeltacht cuirtear tacaíocht ar fáil do champaí samhraidh Gaeltachta a mbíonn mar aidhm acu úsáid na Gaeilge a threisiú i measc aos óg na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'McHugh ‘100% cinnte’ nach bhféadfadh aon choimhlint leasa a bheith ann maidir le Scéim na gCampaí Samhraidh'