McEwan ar a sheanléim arís

LÉIRMHEAS: Tá úrscéal nua Ian McEwan tarraingteach agus tá an t-uafás ábhar machnaimh ann

The Children Act71s7+3ucHHL2

Ian McEwan

(Jonathon Cape €17.99)

Breandán Delap

Seo é an triú húrscéal déag atá scríofa ag Ian McEwan agus níl dabht ar bith ann gurb é an ceann is fearr a tháinig óna pheann bisiúil le tamall de bhlianta anuas.

Tá McEwan ar cheann de na húdair liteartha is mó a mbíonn ráchairt ar a gcuid leabhar ach is é an tuairim choitianta i measc a lucht léitheoireachta dílis ná gur thit na caighdeáin arda a bhí leagtha síos aige leis an dá úrscéal dheireanacha a scríobh sé – Sweet Tooth (scéal spiaireachta ar bheagán teannais) agus Solar (scigdhráma faoi athrú aeráide).

Breitheamh Ard-Chúirte is ea príomhcharactar an leabhair seo, Fiona Maye. Is ag plé le fadhbanna teaghlaigh (idir chásanna colscartha agus chaomhnú páistí) a bhíonn sí don chuid is mó.

Tá sí ag tarraingt ar thrí scór bliain d’aois agus fad is a bhíonn sí ag plé le mionsonraí casta an dlí sna cásanna clainne seo, is léir go ngoilleann sé go mór uirthi nach bhfuil sliocht ar bith aici féin. Taobh amuigh den chúirt, tá an tóin ag titim as an saol seascair atá aici in Gray’s Inn, Londain.

Tá a caidreamh lena fear céile, Jack, ag dul bealach an gharraí mar go bhfuil seisean ag iarraidh dul ag spallaíocht le bean óg atá ag obair leis. Ní mian leis deireadh a chur lena phósadh, áfach, ach go dtiocfaidís ar réiteach ina mbeadh sé ábalta an dá thrá a fhreastal. Diúltaíonn sise don socrú seo agus tugann Jack na bonnaí leis ar feadh seal.

Ní mór di a cuid fadhbanna pearsanta a chur ar leataobh fad is atá ceisteanna tromchúiseacha – a chuirfidh cor i gcinniúint teaghlaigh áirithe – a chíoradh.

Tagann casadh suntasach ins an scéal nuair a chaithfidh sí breithiúnas a dhéanamh i leith déagóra atá i mbaol báis le leoicéime siocair go bhfuil sé ag diúltú fuilaistriúchán a fháil. Is ball de Fhinnéithe Iáivé é Adam agus dá réir sin creideann sé go bhfuil cosc air de réir na Scrioptúr fuil duine eile a ligean isteach ina chorp.

Tá a thuismitheoirí agus Seanóirí Teagaisc na bhFinnéithe ar aon tuairim leis ach de bharr nach bhfuil ocht mbliana déag slánaithe aige, glactar leis nach bhfuil sé sean a dhóthain le cinneadh chomh tromchúiseach sin a dhéanamh.

Is faoi Fiona atá sé, mar sin, riailú ar leas an pháiste agus gan neamart a dhéanamh dá chearta cloí le cleachtais a chreidimh.

Scéal gairid é seo nach nglacfaidh i bhfad ar an léitheoir é a léamh. Cé go bhfuil breis is 200 leathanach ann, is mó de novella ná d’úrscéal é. Ach níl aon dabht ach go bhfuil ábhar trom á iompar ag McEwan in árthach beag. Tá achan abairt tomhaiste go maith aige agus is beag focal amú atá ann ó thús deireadh.

Faoi mar a rinne sé le néaramháinliacht ins an leabhar Saturday, is léir go bhfuil dianstaidéar déanta ag McEwan ar bhreithiúnais thábhachtacha agus ar chur chuige lucht dlí le traidhfil blianta anuas. In amanta, áfach, braithim go bhfaigheann an cur amach atá ag an údar ar fhasaigh dlí an lámh in uachtar ar streachailt phearsanta an phríomhcharachtair.

Is leasc le McEwan gan toradh a chuid taighde a léiriú. Bíonn sé doiligh go leor amanta idirdhealú a dhéanamh idir pearsa poiblí an bhreithimh agus a cuid mothúcháin inmheánacha. Smaoiníonn sí mar a bheadh lámhleabhar dlí ann agus tá an insint breac le béarlagair na ceirde.

É sin ráite, is leabhar thar a bheith tarraingteach é seo a bhfuil an t-uafás ábhar machnaimh ann. Tá cúpla cor gan choinne ann fosta (mar is dual d’úrscéalaí a bhfuil máistreacht iomlán aige ar a cheird) agus buaicphointe suntasach ins an reacaireacht.