McCausland ag seasamh le figiúirí ‘míchruinne’ agus lena mhaíomh go gcosnódh Acht Gaeilge £20bn

Mhaígh Nelson McCausland go gcosnódh Acht Gaeilge £20 billiún thar thréimhse 20 bliain. Shéan sé an tseachtain seo gur bunaithe ar fhigiúirí míchruinne a bhí an meastachán sin

McCausland ag seasamh le figiúirí ‘míchruinne’ agus lena mhaíomh go gcosnódh Acht Gaeilge £20bn

Nelson McCausland

Seasann an t-iarAire Cultúir Nelson McCausland lena mhaíomh míchruinn faoi “fhíorchostas” Acht na Gaeilge ó thuaidh agus séanann sé gur ar fhigiúirí míchruinne a bhí sé bunaithe.

Ag labhairt dó leis an gclár The Nolan Show ar BBC Radio Ulster, mhaígh McCausland arís eile go gcosnódh Acht Gaeilge £100 milliún in aghaidh na bliana. Tá Acht Gaeilge á éileamh ag eagraíochtaí teanga agus Sinn Féin le blianta fada anuas.

“Bheadh Acht Gaeilge dá leithéid an-chostasach do Thuaisceart Éireann. Tugadh dúshlán Shinn Féin figiúirí a chur ar fáil, is é £100 milliún sa bhliain an meastachán a rinne muidinne.

“Tá sé sin bunaithe ar fhigiúirí na Breataine Bige, mar a bhfuil Acht Breatnaise, agus tá an costas ar gach comhairle, ospidéal agus comhlacht poiblí san áireamh, chomh maith leis an PSNI agus an feidhmeannas tithíochta. Bheadh timpeall £100 milliún sa bhliain i gceist ar fud an rialtais agus is i méid a bheidh an figiúr sin ag dul,” a dúirt McCausland.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an mhí seo caite gur bunaithe ar fhigiúirí míchruinne agus ar thuairisc ar ghabh an BBC leithscéal fúithi a bhí meastachán McCausland.

Ina cholún ar an Belfast Telegraph, mhaígh an t-iarAire Cultúir, Nelson McCausland go gcosnódh Acht Gaeilge £2 billiún thar thréimhse 20 bliain. Dúirt sé go mbeadh ‘cuma bheag’ ar chostas na scéime teasa inathnuaite (RHI) i gcomórtas le costas an Achta. D’éirigh iarCheannaire Shinn Féin ó thuaidh, Martin McGuinness as a phost mar LeasChéad-Aire mar gheall ar chonspóid na scéime fuinnimh.

Chun teacht ar an bhfigiúir £2 billiún, dhírigh McCausland ar Chomhairle áitiúil an cheantair Torfaen i ndeisceart na Breataine Bige, agus ar an airgead a caitheadh ansin ar chur i bhfeidhm reachtaíocht teanga.

£868,000 sa bhliain an tsuim a luaigh sé ina cholún le ceantar Torfaen agus dúirt gur mhaíomh “réasúnta”  é a rá go mbeadh tuairim is £1 milliún i gceist le hacht teanga ó thuaidh, áit a bhfuil na comhairlí áitiúla beagán níos mó ná mar atá Comhairle Torfaen. £11 milliún sa bhliain, mar sin, a bheadh i gceist le hAcht Gaeilge in Éirinn, dar le fear an DUP.

Anuas ar an gcostas sin ar na comhairlí contae, chuir McCausland costais aistriúcháin agus costais eile ar eagraíochtaí eile stáit, Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí san áireamh. Ba é an figiúr deiridh a fuair sé ná £100 milliún sa bhliain, rud a d’fhágfadh gur £2 billiún an costas a bheadh i gceist leis an Acht ó thuaidh thar scór blianta, dar leis.

Ach níl aon bhunús leis an mbunfhigiúir ón mBreatain Bheag a d’úsáid McCausland mar bhunús lena chuid anailíse. Ba é an clár de chuid an BBC, Week In Week Out, a chéadscaip an figiúir £868,000 anuraidh, ach d’admhaigh an BBC ina dhiaidh sin go raibh an t-eolas sin míchruinn.

I mí Bhealtaine na bliana seo caite, ghabh an BBC leithscéal oifigiúil as na figiúirí agus eolas eile a chraoladh ar BBC Wales, i ndiaidh don stáisiún roinnt mhaith gearán a fháil ón bpobal agus ó eagraíochtaí teanga na Breataine Bige.

Sa ráiteas a d’eisigh an craoltóir náisiúnta, dúradh nach raibh an t-eolas a tugadh ar an gclár “cruinn”.

Ní costas £868,000 a bhí i gceist le costas na reachtaíochta teanga i gComhairle Torfaen agus ní costas bliantúil a bhí i gceist leis ach an oiread. Is costas aon uaire a bhí i gceist, nach mbeadh le híoc bliain i ndiaidh bliana, mar a mhaígh McCausland ina cholún.

I ndiaidh do Tuairisc.ie aird a tharraingt ar an scéal seo, chuir an t-iarChomhalta Tionóil ó Shinn Féin, Dáithí McKay, i leith McCausland go raibh “nuacht bhréagach” á scaipeadh aige. Ag labhairt dó ar The Nolan Show, dúirt McKay nach bhféadfaí costas an Achta Gaeilge a thomhas go dtí go n-aontófaí faoi mhionsonraí an Achta.

Shéan McCausland gur bunaithe ar na figiúirí a tuairiscíodh ar chlár an BBC a bhí a chuid anailíse. Meastachán dá chuid féin a bhí i gceist agus é bunaithe ar fhigiúirí ón mBreatain Bheag agus ó Thuaisceart Éireann, a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh an ceart ag a chomhghleacaí Edwin Poots a dúirt nár aontaigh an DUP Acht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh agus gur socrú idir Rialtas Bhaile Átha Cliath agus Rialtas Londan a bhí ann.