May agus a móramh i mbaol agus creathadh bainte ag Corbyn as cách

D’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag an DUP ar bhunú an chéad rialtais eile agus bhí lá maith acu féin agus Sinn Féin. An SDLP, ar chaill triúr iarcheannairí dá gcuid a suíocháín agus an UUP fágtha gan aon ionadaíocht acu i Westminster

May agus a móramh i mbaol agus creathadh bainte ag Corbyn as cách

Tá parlaimint gan tromlach i ndán do Westminster agus an móramh a bhí ag na Tóraithe leáite leis i dtoghchán an lae inné.

Ba léir ón bpobalbhreith díreach i ndiaidh an toghcháin agus ó na meastacháin ina dhiaidh sin, nár éirigh le seift Theresa May dul sa seans agus toghchán obann a fhógairt. Tá amhras anois faoina bhfuil i ndán don Phríomh-Aire agus ceannaire na dTóraithe agus d’iarr ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn ar May éirí as. Dúirt Corbyn gur tháinig “athrú chun feabhais” ar pholaitíocht na Breataine le linn an fheachtais.

Idir an dá linn, d’fhéadfadh tionchar a bheith ag an DUP ar bhunú an chéad rialtais eile toisc a móramh a bheith caillte ag na Tóraithe agus tacaíocht uathu ó pháirtithe eile dá bharr.

Chruthaigh an DUP agus Sinn Féin araon go maith sa toghchán, ach bhí drochlá ceart ag an SDLP agus an UUP agus an dá pháirtí sin fágtha gan aon suíochán parlaiminte acu. Ní bheidh aon ionadaí ag an SDLP i Westminster den chéad uair le 40 bliain anuas agus fágann polasaí Shinn Féin gan freastal ar an bparlaimint gur aontachtaithe amháin a bheidh ann ón Tuaisceart.


Na torthaí ó thuaidh

DUP 10 (+2)

SF 7 (+3)

NS 1 (-)

SDLP 0 (-3)

UUP 0 (-2)

ALL 0 (-)


Ní raibh toghchán le bheith ann go dtí 2020 agus bhí móramh 17 suíochán ag na Tóraithe, ach dhein Theresa May toghchán a ghairm mí Aibreáin agus súil aici an móramh sin a threisiú tráth a raibh a páirtí go rábach chun tosaigh ar Jeremy Corbyn agus ar Pháirtí an Lucht Oibre sna pobalbhreitheanna.

Faoi stiúir Corbyn, d’éirigh le Páirtí an Lucht Oibre an bhearna mhór sin a iamh agus chuir an páirtí le líon na suíochán acu den chéad uair ó olltoghchán 1997. Cé gur chruthaigh Corbyn go maith i dtreo dheireadh an fheachtais, is beag duine a cheap go n-éireodh chomh sin lena pháirtí go mbeadh parlaimint gan tromlach á tuar.

Tá an chuma ar an scéal gur éirigh go maith le Páirtí an Lucht Oibre i measc an aosa óig agus gur éirigh lena gceannaire daoine óga a spreagadh chun vótála.

Dealraíonn sé chomh maith gur éirigh le Páirtí an Lucht Oibre a sciar féin de vóta Ukip a fháil agus droch-thoghchán ceart ag an bpáirtí sin.

PICTIÚR: RollingNews.ie

Ó toghadh í ina Príomh-Aire ba é an port a bhí ag Theresa May ná nár chóir aon toghchán a bheith ann go dtí 2020 ach d’athraigh sí a h-intinn. Agus an toghchán á fhógairt aici i mí Aibreáin, dúirt sí gurbh amhlaidh go láidreodh gach vóta a chaithfí cás na Breataine san idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht.

Dúirt sí go raibh an tír “aontaithe” ach nárbh amhlaidh do pharlaimint Westminster.

Meastar anois, áfach, gurb amhlaidh go bhfuil údarás May lagaithe ag toradh an toghcháin agus go bhféadfadh impleachtaí a bheith ag an méid sin di féin agus do na cainteanna faoin mBreatimeacht atá le tosnú go hoifigiúil ar an 19 Meitheamh. Dúirt May go raibh “cinnteacht” ag teastáil i ndiaidh an toghcháin go háirithe i dtaobh an Bhreatimeachta, ach tuairiscítear go bhfuil fiú caint ar bun cheana féin faoi thoghchán ceannaireachta a bheith ar na bacáin ag na Tóraithe.

Beidh na Tóraithe fós ar an bpáirtí is mó sa pharlaimint, ach gan an 326 suíochán acu a theastaíonn le go mbeadh tromlach acu.

Dúirt May féin le linn an toghcháin gur “chailliúnt” a bheadh i gceist di fiú mura mbeadh ann ach go gcaillfeadh na Tóraithe “sé shuíochán”.

Chuir Páirtí an Lucht Oibre go mór le líon na suíochán acu agus chuir na Liberal Democrats le líon na suíochán acu siúd. Chaill an SNP cuid mhaith dá suíocháin agus d’fhéadfadh go mbeadh impleachtaí ag a gcás siúd do cheist neamhspleáchais na hAlban.

Tá ráite ag na Liberal Democrats nach mbeidh siad ag tacú le rialtas nua a bhunú agus dheimhnigh ceannaire Shinn Féin Gerry Adams go mbeadh a pháirtí ag cloí lena bpolasaí gan freastal ar Westminster.

Fág freagra ar 'May agus a móramh i mbaol agus creathadh bainte ag Corbyn as cách'