May ag brath ar thacaíocht an DUP agus rún aici rialtas nua a bhunú

328 suíochán a bheadh ag na Tóraithe agus an DUP in éineacht, dhá cheann níos mó ná mar a theastaíonn do thromlach

May ag brath ar thacaíocht an DUP agus rún aici rialtas nua a bhunú

Tá margadh déanta ag Theresa May leis an DUP  chun rialtas nua a bhunú in ainneoin gur chaill an Páirtí Caomhach an móramh a bhí acu in Wesminster.

Chuaigh May go dtí Pálás Buckingham inniu chun cead a fháil ó Bhanríon Shasana rialtas mionlaigh nua a chur ar bun a bheadh ag brath ar thacaíocht an DUP ar éirigh leo 10 suíochán a bhuachan i dtoghchán an lae inné.

Dúirt sí go mbunódh sí rialtas le tacaíocht “ár gcairde” sa DUP agus go mbeadh “cinnteacht” ann dá bharr. Mháigh sí go raibh sé sé “d’údarás” ag na Tóraithe a bheith  i mbun rialtais in ainneoin nár éirigh leo móramh a bhaint amach sa toghchán.

Dúirt sí go rachfaí i mbun oibre láithreach ar cheist an Bhreatimeachta.

Dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster go bhfaighfí an “margadh is fearr do Thuaisceart Éireann” sna cainteanna a bheidh ar bun ag a páirtí leis na Tóraithe maidir le rialtas a bhunú.

Tá parlaimint gan tromlach i ndán do Westminster agus an móramh a bhí ag na Tóraithe leáite leis sa toghchán.

13 suíochán ar fad a chaill na Tóraithe. 328 suíochán a bheadh ag na Tóraithe agus an DUP in éineacht, dhá cheann níos mó ná mar a theastaíonn do thromlach.

Ba léir ón bpobalbhreith díreach i ndiaidh an toghcháin agus ó na meastacháin ina dhiaidh sin aréir, nár éirigh le seift Theresa May dul sa seans agus toghchán obann a fhógairt.

Tá amhras ó shin faoina bhfuil i ndán do cheannaire na dTóraithe agus d’iarr ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn ar May éirí as. Dúirt Corbyn gur tháinig “athrú chun feabhais” ar pholaitíocht na Breataine le linn an fheachtais. 262 suíochán a bhuaigh Páirtí an Lucht Oibre, 32 suíochán níos mó ná mar a bhí acu. Dúirt na Liberal Democrats, a ghnóthaigh 12 suíochán, gur mór “an náire” do Theresa May nár éirigh sí as.

Beidh baint ag an DUP le bunú an chéad rialtais eile toisc a móramh a bheith caillte ag na Tóraithe agus tacaíocht uathu ó pháirtithe eile dá bharr.

Chruthaigh an DUP agus Sinn Féin araon go maith sa toghchán, ach bhí drochlá ceart ag an SDLP agus an UUP agus an dá pháirtí sin fágtha gan aon suíochán parlaiminte acu. Ní bheidh aon ionadaí ag an SDLP i nWestminster den chéad uair le 40 bliain anuas agus fágann polasaí Shinn Féin gan freastal ar an bparlaimint gur aontachtaithe amháin a bheidh ann ón Tuaisceart.


Na torthaí ó thuaidh

DUP 10 (+2)

SF 7 (+3)

NS 1 (-)

SDLP 0 (-3)

UUP 0 (-2)

ALL 0 (-)


Ní raibh toghchán le bheith ann go dtí 2020 agus bhí móramh 17 suíochán ag na Tóraithe, ach dhein Theresa May toghchán a ghairm mí Aibreáin agus súil aici an móramh sin a threisiú tráth a raibh a páirtí go rábach chun tosaigh ar Jeremy Corbyn agus ar Pháirtí an Lucht Oibre sna pobalbhreitheanna.

Faoi stiúir Corbyn, d’éirigh le Páirtí an Lucht Oibre an bhearna mhór sin a iamh agus chuir an páirtí le líon na suíochán acu den chéad uair ó olltoghchán 1997. Cé gur chruthaigh Corbyn go maith i dtreo dheireadh an fheachtais, is beag duine a cheap go n-éireodh chomh sin lena pháirtí go mbeadh parlaimint gan tromlach á tuar.

Tá an chuma ar an scéal gur éirigh go maith le Páirtí an Lucht Oibre i measc an aosa óig agus gur éirigh lena gceannaire daoine óga a spreagadh chun vótála.

Dealraíonn sé chomh maith gur éirigh le Páirtí an Lucht Oibre a sciar féin de vóta Ukip a fháil agus droch-thoghchán ceart ag an bpáirtí sin.

PICTIÚR: RollingNews.ie

Ó toghadh í ina Príomh-Aire ba é an port a bhí ag Theresa May ná nár chóir aon toghchán a bheith ann go dtí 2020 ach d’athraigh sí a hintinn. Agus an toghchán á fhógairt aici i mí Aibreáin, dúirt sí gurbh amhlaidh go láidreodh gach vóta a chaithfí cás na Breataine san idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht.

Dúirt sí go raibh an tír “aontaithe” ach nárbh amhlaidh do pharlaimint Westminster.

Meastar anois, áfach, gurb amhlaidh go bhfuil údarás May lagaithe ag toradh an toghcháin agus go bhféadfadh impleachtaí a bheith ag an méid sin di féin agus do na cainteanna faoin mBreatimeacht atá le tosnú go hoifigiúil ar an 19 Meitheamh. Dúirt May go raibh “cinnteacht” ag teastáil i ndiaidh an toghcháin go háirithe i dtaobh an Bhreatimeachta, ach tuairiscítear go bhfuil fiú caint ar bun cheana féin faoi thoghchán ceannaireachta a bheith ar na bacáin ag na Tóraithe.

Beidh na Tóraithe fós ar an bpáirtí is mó sa pharlaimint, ach gan an 326 suíochán acu a theastaíonn le go mbeadh tromlach acu.

Dúirt May féin le linn an toghcháin gur “chailliúint” a bheadh i gceist di fiú mura gcaillfeadh na Tóraithe “sé shuíochán” agus bhí ollbhua á thuar dá pháirtí roinnt seachtainí beaga ó shin.

Chuir Páirtí an Lucht Oibre go mór le líon na suíochán acu agus chuir na Liberal Democrats le líon na suíochán acu siúd. Chaill an SNP 19 suíocháin agus d’fhéadfadh go mbeadh impleachtaí ag a gcás siúd do cheist neamhspleáchais na hAlban.

Dheimhnigh ceannaire Shinn Féin Gerry Adams go mbeadh a pháirtí ag cloí lena bpolasaí gan freastal ar Westminster.

Fág freagra ar 'May ag brath ar thacaíocht an DUP agus rún aici rialtas nua a bhunú'

  • Éamonn Ó Grbín

    Trua go bhfuil SF sásta tacaíocht a thabhairt do na Tóraithe agus an
    DUP comhrialtas den eite dheis a bhunú!

  • Críostóir

    Ní dóigh liom go bhfuil an méid sin ar bun ag Sinn Féin a Éamonn, agus níl tacaíocht de díth o May pé scéal é.