Max Faulkner, Port Rois agus an buille is fearr riamh

Imreofar Craobh Oscailte Galf na Breataine i bPort Rois i 2019. Ba é an rógaire Max Faulkner a bhuaigh an comórtas an uair dheireanach a imríodh i gcontae Aontroma é

An Mháirt seo caite, fógraíodh go n-imreofar Craobh Oscailte Galf na Breataine i bPort Rois i gcontae Aontroma i 2019. Níor reáchtáladh an comórtas taobh amuigh den Bhreatain ó 1951, nuair a imríodh é ar an ngalfchúrsa céanna, Royal Portrush, ach le tacaíocht imreoirí ar nós Rory McIlroy, Darren Clarke agus Graeme McDowell, beidh an ‘Open’ ag teacht ar ais go hÉirinn i ndiaidh briseadh beagnach 70 bliain.

Ba é an Sasanach Max Faulkner a bhuaigh comórtas na bliana sin agus é ar cheann de na galfairí is suimiúla a bhí ann. Seo fear a shiúil idir dhá pholl ar a lámha, bun os cionn, nuair a mheas sé gurb é an easpa fola a bhí ina cheann ba chúis lena dhrochimirt i gcomórtas áirithe. 

Ní raibh Faulkner ach 15 nuair a d’imir sé san ‘Open’ den chéad uair agus leathchéad bliain sular bhain Ian Poulter cáil amach de bharr na bhfeisteas a chaithfeadh sé ar an gcúrsa, ba é Faulkner réalta faisean an ghailf. Nó sin a cheap sé féin ar a laghad.

Níor thaitin na dathanna geala agus na patrúin a bheadh á gcaitheamh ag Faulkner le fir uaisle an ghailf ag an am agus nuair a d’imir Faulkner san ‘Open’ i 1949 cuireadh bac air an seomra feistis a úsáid agus dúradh leis gléasadh san fhoirgneamh céanna leis na hoibrithe.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhí ar an dream céanna ómós a thabhairt do Faulkner agus an ‘Open’ buaite aige i bPort Rois.

Níor mhair an comórtas ach trí lá an uair sin, ón gCéadaoin go dtí an Aoine. Bhí an chuid is mó de na himreoirí ag obair i ngalfchúrsaí ar fud na tíre agus imríodh an dá bhabhta deireanach den chomórtas ar an lá céanna chun deis a thabhairt dóibh ruainne oibre a dhéanamh ar an deireadh seachtaine.

Agus é críochnaithe ar an Déardaoin, bhí Faulkner ar bharr chlár na scór agus d’iarr buachaill óg air a ainm a shíniú ar phíosa páipéar. Agus é muiníneach go maith go mbeadh an bua aige an lá dar gcionn, shínigh Faulkner an píosa páipéar agus scríobh ‘Open Champion 1951’ taobh lena ainm agus gan an beart fiú déanta fós aige.

I rith an tríú babhta, bhuail Faulkner ceann de na buillí gailf is fearr riamh dar leis an fear a bhí ag imirt taobh leis, an Meiriceánach Frank Stranahan. Agus é buailte ar sconsa sreanga dealgacha, san fhéar fada ar an 16ú poll, d’éirigh le Faulkner slisbhuille a thabhairt don liathróid agus chríochnaigh sí i lár na plásóige. Fuair sé par agus moladh Stranahan dá bharr.

Mhéadaigh Faulkner an farasbarr a bhí aige i rith an tríú babhta sin go dtí sé bhuille ach nuair nár imir sé chomh maith céanna sa bhabhta deireanach, bhí air fanacht go bhfeicfeadh sé an mbeadh an bua aige. 

Ag an am sin, ní dheachaigh an t-imreoir a bhí sa chéad áit amach ar deireadh, mar a théann sa lá atá inniu ann. Mar gheall air sin, cé go raibh Faulkner críochnaithe, bhí air fanacht sa chlubtheach ar feadh cúpla uair a’ chloig go dtí gur chríochnaigh an fear a bhí sa dara háit, an Airgintíneach Antonio Cerda. 

Ar an dea-uair do Faulkner, thóg Cerda 70 buille i rith a bhabhtasan, rud a chiallaigh go raibh an bua ag an Sasanach le dhá bhuille.

Nár bhreá leis an lucht eagraithe imreoir leath chomh suimiúil a bheith acu na laethanta seo?

Fág freagra ar 'Max Faulkner, Port Rois agus an buille is fearr riamh'