Matsuyama agus Rahm in éineacht le McIlroy don chéad dá bhabhta den Irish Open

Fógraíodh na grúpaí don Irish Open tráthnóna agus beirt mór le rá a bheidh ag imirt le Rory McIlroy na hÉireann sa chéad dá bhabhta Déardaoin agus Dé hAoine

Matsuyama agus Rahm in éineacht le McIlroy don chéad dá bhabhta den Irish Open

Rory McIlroy ag imirt sa K Club anuraidh. INPHO/Donall Farmer

Imreoidh Rory McIlroy taobh le Hideki Matsuyama na Seapáine agus an Spáinneach Jon Rahm agus an t-Éireannach ag iarraidh Comórtas Oscailte Gailf na hÉireann a bhuachan den dara bliain as a chéile.

Tá Matsuyama, atá sa dara háit i rangú an domhain faoi láthair, agus Rahm ar bheirt de na himreoirí idirnáisiúnta is aitheanta i gcomórtas na bliana seo agus cuirfidh siad féin agus McIlroy tús lena mbabhtaí ag 1.20i.n. tráthnóna Déardaoin.

Is i bPort Stíobhaird, Co. Dhoire, atá an Irish Open á reáchtáil i mbliana, an tríú huair le cúig bliana anuas go bhfuil an comórtas á imirt i gCúige Uladh.

Agus an Irish Open 2016 buaite aige sa K Club, is é McIlroy rogha na coitiantachta chun comórtas na bliana seo a bhuachan ach ní raibh sé i mbarr a mhaitheasa go dtí seo i mbliana de bharr gortuithe agus malairt maidí a bheith á n-úsáid aige. Ní bhíonn sé ar a chompord ach oiread ar ghalfchúrsaí dumhcha amhail Port Stíobhaird.

Níos luaithe maidin Déardaoin a chuirfidh Shane Lowry, Graeme McDowell agus Pádraig Harrington tús lena gcomórtas. Is ag 8.10r.n. a thosóidh Lowry agus é ag imirt in aon ghrúpa le Thomas Pieters agus Rafa Cabrera Bello. Deich nóiméad ina dhiaidh sin, ag 8.20r.n. rachaidh McDowell, Tommy Fleetwood agus Justin Rose amach. Is le beirt Eorpach a bheidh Harrington chomh maith agus é ag dul amach in éineacht le Miguel Angel Jimenez agus Andy Sullivan ag 8.30i.n..

Seachtar déag Éireannach atá ag glacadh páirt sa chomórtas san iomlán.

I measc na ngrúpaí mór le rá eile, tá grúpa uile-Shasanach ina mbeidh Danny Willett, Matt Fitzpatrick agus Ian Poulter páirteach ann.

Is féidir na grúpaí uile a fheiceáil anseo.

Fág freagra ar 'Matsuyama agus Rahm in éineacht le McIlroy don chéad dá bhabhta den Irish Open'