Máthair Shúigh scanrúil eile fós tugtha i dtír sa Daingean

Is fíorannamh é go dtabharfaí i dtír máthair shúigh mhór ach tá dhá cheann acu tugtha i dtír sa Daingean in imeacht cúpla mí

Máthair Shúigh scanrúil eile fós tugtha i dtír sa Daingean

An scéal mór sa Daingean ná an scuid ollmhór (máthair shúigh) a thug iascaire ón mbaile i dtír ina líonta. De réir dealraimh bíonn an scuid ollmhór suas le 18 troigh ar fhaid. Is in uiscí doimhne a mhaireann siad i bhfad amach ón dtír. Chuaigh ceann acu seo, a bhí breis agus 18 troigh ar fhaid, ceangailte i líonta Cú na Mara, bád le Pádraig Ó Flannghaile ón nDaingean, 120 míle amach sa bhfarraige.

Thug sé i dtír é agus tar éis go leor ama tarraingíodh as na líonta é. Ní rófhada a mhair sé. Bhí idir áitreabhaigh agus turasóirí bolgshúileach ag féachaint ar an ‘ollphiast’.

Mhínigh an saineolaí mara Kevin Flannery gur an-annamh a thagann a leithéid i dtír. Maireann siad níos sia ó dheas agus in uiscí doimhne.

“Tháinig an chéad cheann riamh i dtír sa Daingean sa bhliain 1673 agus chuir sé uafás ar an saol mór. Bhí póstaeirí ar fud na tíre ag comhairliú do dhaoine gan dul in aice leis. Tá giota de cheann dos na póstaeiri ag Kevin Flannery.

“Bhí cinn plástráltha thuas i mBleá Cliath. Ach a n-imigh a lúth ón ollphiast tharraing Mórdhach ón gceantar an scuid isteach ar an dtalamh le capall. Cuireadh  go dtí Músaem i Sasana é.  An dara máthair shúigh a tugadh i dtír in Éirinn is in Inis Bó Finne a ráinig sé sa bhliain 1875.

“Dhá mhí ó shin tháinig ceann eile i dtír sa Daingean, an cúigiú ceann riamh in Éirinn. Tá an mháthair shúigh is déanaí casta ar a chéile agus i reoiteoir i Mara Beo.  Na cinn eile a tugadh i dtír sa Daingean is go Músaem i mBleá Cliath a cuireadh iad, ach fanfaidh an ceann seo mar iontas i Mara Beo sa Daingean’, arsa Kevin Flannery.

Fág freagra ar 'Máthair Shúigh scanrúil eile fós tugtha i dtír sa Daingean'