Máthair shúigh mhór tugtha i dtír sa Daingean i gCiarraí

Níor deineadh taifead in Éirinn ar a leithéid ach cúig huaire ar fad le 350 bliain anuas

Máthair shúigh mhór tugtha i dtír sa Daingean i gCiarraí

Pictiúr: Twitter/Seán Mac an tSíthigh/@Buailtin

Tá máthair shúigh mhór (giant squid) gafa amach ó chósta an Daingin i gCiarraí, nach mór 350 bliain ó deineadh taifead in Éirinn den chéad uair ar a leithéid de neach neamhchoitianta.

Níor deineadh taifead in Éirinn ar a leithéid ach cúig huaire ar fad le 350 bliain anuas agus, tráthúil go maith, baineann an chéad chuntas ar mháthair shúigh mhór a bheith tugtha i dtír anseo, in 1673, le hiascairí ón nDaingean chomh maith.

Tá an mháthair shúigh mhór, atá anois in aquarium an Daingin, 19 troigh ar fad.

De réir tuairisce leis an iriseoir le Nuacht RTÉ, Seán Mac an tSíthigh, ba iad criú an trálaeir Cú na Mara a ghabh an neach fíor-neamhchoitianta120 míle amach ó chósta an Daingin.

Tá an mháthair shúigh mhór i Mara Beo, aquarium an Daingin, faoi láthair, mar a bhfuil mionscagadh á dhéanamh uirthi ag mic léinn muireolaíochta ón Sacred Heart University in Connecticut atá i mbun staidéir sa Daingean faoi láthair.

Dúirt Kevin Flannery, saineolaí muireolaíochta, le Nuacht RTÉ gur rud fíorannamh é go dtabharfaí i dtír máthair shúigh mhór.

Maireann an mháthair shúigh mhór go domhain i bhfarraige agus is annamh a fheictear í.

Fág freagra ar 'Máthair shúigh mhór tugtha i dtír sa Daingean i gCiarraí'